Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Aidhm

Tá sé mar aidhm ag an staidéar ar an Stair sa tsraith shóisearach cur ar chumas an scoláire an tuiscint choincheapúil is gá agus na scileanna disciplíneacha agus an t-eolas ar ábhar is gá a fhorbairt chun iniúchadh a dhéanamh ar rudaí a rinne daoine sa saol atá thart agus teacht ar thuiscint níos doimhne maidir le staid an duine. Gheobhaidh an scoláire amharc freisin ar an domhan, agus ar a áit sa domhan, ó pheirspictíocht stairiúil; agus tiocfaidh sé ar thuiscint faoin gcaoi ar mhúnlaigh daoine agus eachtraí an tsaoil atá thart saol na linne seo.

Trí iniúchadh a dhéanamh ar an saol atá thart ó pheirspictíocht stairiúil, forbraíonn an scoláire spéis agus dúil sa stair freisin agus faigheann sé luachanna agus cuir chuige a mhúnlaíonn a thuairim maidir le daoine sa saol atá thart, lena n-áirítear meas ar oidhreacht agus ar a oidhreacht chultúrtha, agus forbraítear ionbhá stairiúil ann, áit a dtugtar breithiúnas ar dhaoine i gcomhthéacs na tréimhse inar mhair siad agus bunaithe ar luachanna an ama sin.  Cothaítear ómós d’ionracas agus do neamhchlaontacht sa scoláire nuair a dhéanann sé staidéar ar an stair agus bíonn sé ar a chumas féachaint ar cheisteanna ó pheirspictíochtaí difriúla. Cuidíonn an cumas sin smaoineamh go criticiúil leis foinsí faisnéise a dhiancheistiú, cinntí a dhéanamh faoi dhearcthaí a léiríodh, an cumas chun bolscaireacht a aithint san áireamh.  Ar chloisteáil dó na scéalta faoi dhaoine a mhair sa saol atá thart agus ar insint na scéalta sin cuidíonn sé sin leis an scoláire tuiscint níos fearr a bheith aige faoin gcaoi a maireann daoine inniu; agus cuidíonn sé leis an scoláire foghlaim ón saol atá caite agus é ag smaoineamh ar conas dul i ngleic le fadhbanna na linne seo.  
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.