Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Dul chun cinn ón mbunscoil go dtí an tsraith shinsearach

Curaclam na bunscoile

Tá stair na bunscoile ar cheann de thrí ábhar (mar aon le tíreolaíocht agus eolaíocht) atá leagtha amach taobh istigh den réimse curaclaim ar Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE). Díríonn OSIE go láidir ar an ‘imshaol’, arb ionann é agus an timpeallacht nó na dálaí seachtracha a n-idirghníomhaíonn an rud aonair (pé acu daonnaí nó orgánach beo eile) nó pobal leo a chur in iúl. Sa chomhthéacs seo, díríonn an stair ar an gcaoi ar mhúnlaigh gníomh an duine timpeallachtaí an duine, timpeallachtaí tógtha agus cultúrtha. Tarraingítear aird ar eolas, luachanna agus scileanna a fháil i gcomhthéacs iniúchta agus scrúdaithe. Déantar staidéar ar shaol daoine san am atá thart, ar stair náisiúnta agus idirnáisiúnta, ar staidéar áitiúil agus ar obair an staraí i gcuraclam páistelárnach. Is féidir le sonraíocht Staire na Sraithe Sóisearaí an fhoghlaim ghaolmhar a rinneadh sa bhunscoil a chur chun tosaigh le linn trí bliana na Sraithe Sóisearaí.

An tsraith shinsearach

Tá sonraíocht Staire na Sraithe Sóisearaí ailínithe le príomhghnéithe de shiollabas Staire na hArdteistiméireachta. Féachtar sa snáithe aontach le feasacht a fhorbairt maidir le disciplín na staire a threoraíonn rannpháirtíocht stuama an scoláire le comhthéacsanna stairiúla agus a thugann deis dul chun cinn a dhéanamh chuig diancheistiú níos mionsonraithe ar an am atá thart sna Topaicí Staidéir sa tsraith shinsearach. Cuidíonn an snáithe seo freisin leis an scoláire na scileanna agus na meonta a fháil chun tabhairt faoi thaighde agus oibriú le doiciméid–ar príomhghnéithe de stair na sraithe sinsearaí iad araon. Tá an fócas dúbailte ar Éirinn agus an Eoraip agus an Domhan Mór sa tsraith shóisearach ar aon dul leis an socrú siollabais ag leibhéal na hArdteistiméireachta. Tá na gnéithe sna snáitheanna comhthéacsúla sa tsraith shóisearach cosúil ó thaobh fócais de leis na peirspictíochtaí a mhúnlaíonn sonraíocht ábhair i siollabas na hArdteistiméireachta. Tá an bealach a chuirtear an taithí sa tsraith shóisearach i láthair mar chineál suirbhé leathan beartaithe chun bunchloch bharántúil a thabhairt le dul chun cinn a dhéanamh chuig stair na sraithe sinsearaí.

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.