Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuimseoidh na samplaí seo obair: 

  • atá thar barr ar fad
  • atá os cionn na n-ionchas
  • atá ag teacht leis na hionchais.

Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i bhfíorchásanna. Cuirfear samplaí anótáilte de shaothar scoláirí a d’anótáil múinteoirí leis an tsonraíocht.

Torthaí foghlama

Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar an Stair sa tSraith Shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Cuirtear béim sa tsonraíocht gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus dá bharr sin cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sa stair go dtí deireadh na sraithe sóisearaí.    Chun cabhrú le múinteoirí, le tuismitheoirí agus le scoláirí na torthaí foghlama a fhiosrú, tá gluais de na briathra gnímh a úsáidtear sa tsonraíocht le fáil in Aguisín A. Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin, ná níltear ag moladh iontu ord inar chóir na torthaí foghlama a fhorbairt sa seomra ranga. Cuirtear Stair na Sraithe Sóisearaí ar fáil ag leibhéal comónta. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le difreáil agus cleachtais chuimsitheacha an tseomra ranga.  

Forbhreathnú gairid ar an snáithe

Is snáithe foirmitheach é snáithe 1, ina bhfiosraíonn an scoláire na coincheapa, ina n-úsáideann an scoláire scileanna agus ina ndéanann an scoláire fiosrú ar na luachanna agus na cuir chuige a threoraíonn disciplín na staire agus obair an staraí. Cuideoidh snáithe 1 leis an scoláire ‘mórphictiúr’ a fháil den am atá thart agus tuiscint ar an tábhacht atá le fianaise a fheabhsóidh a chomhfhiosacht staire. Dá bharr sin, is féidir am ar leith a chaitheamh anseo chun na torthaí foghlama a bhaint amach.

Is snáithe aontach é snáithe 1 freisin, áit a mbainfear amach na torthaí foghlama trí bheith ag gabháil don chomhthéacs atá tugtha i Snáitheanna 2 agus 3 maidir le pearsantachtaí, saincheisteanna agus eachtraí. 

Tabhair faoi deara nach ionann snáithe 1 agus cúrsa na chéad bhliana- bainfear na torthaí foghlama amach nuair a thabharfar faoi chomhthéacsanna stairiúla shnáithe 2 agus 3 thar na trí bliana.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Comhfhiosacht faoin stair a fhorbairt

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire:

  1. 1.1

    ionbhá stairiúil a chothú trí fhéachaint ar dhaoine, ar shaincheisteanna agus ar eachtraí ar thángthas trasna orthu ina staidéar ar an am atá thart i gcomhthéacs na tréimhse sin sa stair

  2. 1.2

    machnamh a dhéanamh ar shaincheisteanna móra conspóideacha sa stair ó níos mó ná peirspictíocht amháin agus plé a dhéanamh ar chúisí stairiúla na n-ábhar conspóideach sa domhan nua-aimseartha

  3. 1.3

    suntas a thabhairt ar a stair chultúrtha trí shuíomhanna agus foirgnimh stairiúla a aithint agus plé a dhéanamh ar an bhfáth a ndéantar comóradh ar phearsana, eachtraí agus saincheisteanna stairiúla

  4. 1.4

    tuiscint a léiriú ar choincheapa stairiúla ar nós foinse agus fianaise; fíoras agus tuairimíocht; claontacht agus oibiachtúlacht; cúis agus iarmhairt; athrú agus leanúnachas; am agus spás

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Obair le fianaise
  1. 1.5

    fiosrú a dhéanamh ar phost an staraí, lena n-áirítear an chaoi a n-aimsíonn sé/sí fianaise agus a úsáideann sé/sí fianaise chun breithiúnais stairiúla a dhéanamh a d’fhéadfaí a athrú de réir mar a thiocfadh fianaise nua chun cinn

  2. 1.6

    tairbhe agus teorainneacha na gcineálacha difriúla bunfhoinsí agus foinsí tánaisteacha stairiúla a phlé, cosúil le fianaise i bhfoirm scríbhinn, fianaise físe, cluasfhianaise, fianaise ó bhéal agus fianaise thadhlach; tuiscint a bheith aige ar thábhacht na seandálaíochta agus na teicneolaíochta nua ar fiosrú stairiúil

  3. 1.7

    breithiúnais stairiúla a dhéanamh bunaithe ar fhianaise faoi phearsa, saincheisteanna agus eachtraí san am atá thart, ag léiriú feasachta maidir le tábhacht stairiúil

  4. 1.8

    tuairisc a dhéanamh ar stór fianaise stairiúil cosúil le músaem, leabharlann, ionad oidhreachta, cartlann nó taispeántas digiteach nó cartlann nó taispeántas eile
     

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 ‘An mórphictiúr’ a fháil
  1. 1.9

    tuiscint ar thábhacht stair na hÉireann agus na hEorpa agus an domhain mhóir thar ghnéithe éagsúla, lena n-áirítear gnéithe polaitiúla, sóisialta, eacnamaíocha, creidimh, cultúrtha agus eolaíochta a léiriú

  2. 1.10

    tuiscint chróineolaíoch a léiriú trí línte ama a chruthú agus a choinneáil de na pearsana, saincheisteanna agus eachtraí ionas gur féidir iad a aimsiú de réir mar a tháinig siad chun cinn sna tréimhsí staire áirithe.

  3. 1.11

    naisc a tharraingt agus comparáidí a dhéanamh idir daoine, saincheisteanna agus eachtraí in áiteanna éagsúla agus i dtréimhsí staire áirithe  

Forbhreathnú gairid ar an snáithe

Is snáithe comhthéacsúil é snáithe 2, ina gcuirfidh an scoláire an tuiscint choincheapúil agus na scileanna stairiúla atá aige ar iniúchadh príomhphearsa, saincheisteanna agus eachtraí i stair na hÉireann, lena n-áirítear stair áitiúil, i bhfeidhm.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Príomhathruithe a aithint

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire:

  1. 2.1

    an chaoi a raibh tionchar ag patrún lonnaíochta agus plandála ar fhéiniúlacht oileán na hÉireann, ag tagairt do shampla amháin de phatrún lonnaíochta, forbairt cathracha, mar shampla agus plandáil amháin, a aithint

  2. 2.2

    iniúchadh a dhéanamh ar ról agus ar thábhacht bheirt cheannairí a bhí páirteach i dtraidisiún parlaiminteach pholaitíocht na hÉireann 

  3. 2.3

    fiosrú a dhéanamh ar an gcaoi a raibh tionchar ag an traidisiún fórsa fisiciúla ar pholaitíocht na hÉireann, agus béim ar leith ar réabhlóid a tharla roimh an bhfichiú haois

  4. 2.4

    fiosrú a dhéanamh ar theacht chun cinn agus ar thionchar an náisiúnachais agus an Aontachais in Éirinn, lena n-áirítear príomheachtraí idir 1911 agus 1923

  5. 2.5

    cúisí, cúrsa agus iarmhairtí na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann a aithint mar aon leis an tionchar a bhí acu ar chaidreamh Thuaidh-Theas agus Angla-Éireannach

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Daoine, cultúr agus smaointe a fhiosrú
  1. 2.6

    tábhacht stairiúil na Críostaíochta ar oileán na hÉireann a phlé, lena n-áirítear an tionchar a bhí aici ar chultúr agus ar shochaí na Luathré Críostaí

  2. 2.7

    iniúchadh a dhéanamh ar chúisí, cúrsa agus iarmhairtí an Ghorta, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus fiosrú a dhéanamh ar thábhacht an Diaspóra Éireannaigh 

  3. 2.8

    cur síos a dhéanamh ar thionchar an chogaidh ar shaol mhuintir na hÉireann, ag tagairt don Chéad Chogadh Domhanda nó don Dara Cogadh Domhanda

  4. 2.9

    an t-athrú atá tagtha ar thaithí na mban i sochaí na hÉireann san fhichiú haois a mhíniú

  5. 2.10

    míniú a thabhairt ar an gcaoi a raibh tionchar ag gluaiseacht spóirt, chultúrtha nó shóisialta amháin ar shaol na hÉireann 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Smaointeoireacht stairiúil a chur i bhfeidhm
  1. 2.11

    naisc a dhéanamh idir stair phearsanta, áitiúil nó mhuintire agus pearsana, saincheisteanna gus eachtraí náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta

  2. 2.12

    an tuairim gurbh deich mbliana thábhachtach ar oileán na hÉireann a bhí sna 1960idí a phlé, ag tagairt do phearsa, saincheisteanna agus eachtraí ábhartha

  3. 2.13

    anailís a dhéanamh ar theacht chun cinn agus ar fhorbairt nasc na hÉireann leis an Eoraip

Forbhreathnú gairid ar an snáithe

Is snáithe comhthéacsúil é snáithe 3, ina gcuirfidh an scoláire an tuiscint choincheapúil agus na scileanna stairiúla atá aige ar iniúchadh príomhphearsa, saincheisteanna agus eachtraí i stair na hEorpa, agus an domhan mór, i bhfeidhm.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Príomhathruithe a aithint

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire:

  1. 3.1

    imscrúdú a dhéanamh ar shaol daoine i saoránacht ársa nó mheánaoiseach dá rogha féin agus míniú a thabhairt ar an gcaoi ar rannchuidigh gníomhartha agus/nó éachtaí na saoránachta sin le stair na hEorpa agus/nó an domhan mór

  2. 3.2

    tionchar gabhála agus coilínithe ar dhaoine a mheas ina ndéantar tagairt do thaiscéalaíocht na Portaingéile agus na Spáinne

  3. 3.3

    an chúis, an cúrsa agus iarmhairtí réabhlóide amháin roimh an bhfichiú haois san Eoraip agus/nó sa domhan mór a scrúdú

  4. 3.4

    plé a dhéanamh ar phríomhchúisí agus ar chúrsa an Chéad Chogaidh Dhomhanda nó an Dara Cogadh Domhanda agus an tionchar láithreach agus fadtéarmach a bhí ag cogadh ar dhaoine agus ar thíortha

  5. 3.5

    tábhacht an Chogaidh Fhuair i gcaidreamh idirnáisiúnta san fhichiú haois a aithint

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Daoine, cultúr agus smaointe a fhiosrú
  1. 3.6

    fiosrú a dhéanamh ar bheatha agus ar bhás sna meánaoiseanna

  2. 3.7

    suntas a thabhairt ar na hathruithe a tharla i réimse na n-ealaíon agus na heolaíochta, agus béim ar leith ar thábhacht na hAthbheochana 

  3. 3.8

    machnamh a dhéanamh ar thábhacht an reiligiúin, agus béim ar leith ar an Reifirméisean agus gníomhartha leasaitheora amháin

  4. 3.9

    saol i dtír fhaisisteach amháin agus i dtír chumannach amháin san fhichiú haois a scrúdú

  5. 3.10

    tábhacht an chinedhíothaithe a fhiosrú, lena n-áirítear cúiseanna, cúrsa agus iarmhairtí an Uileloiscthe
     

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Smaointeoireacht stairiúil a chur i bhfeidhm
  1. 3.11

    a mhéid is a chuidíonn forbairtí agus nuálaíochtaí teicneolaíochta le hathrú stairiúil a fhiosrú

  2. 3.12

    machnamh a dhéanamh ar ról eagraíocht idirnáisiúnta, cosúil leis an Aontas Eorpach nó na Náisiúin Aontaithe, maidir le comhar idirnáisiúnta, ceartas agus cearta daonna a chur chun cinn

  3. 3.13

    an tuairim gurbh deich mbliana thábhachtacha san Eoraip agus sa domhan mór a bhí sna 1960ídí a phlé, ag tagairt do phearsana, saincheisteanna agus eachtraí ábhartha

  4. 3.14

    patrúin athraithe thar thréimhsí ama difriúla i dtéama ar leith a léiriú (cosúil le, m.sh. Coireacht agus Pionós, Bia agus Deoch, Súgradh, Spórt agus Caitheamh Aimsire, Faisean agus DreachSláinte agus Leigheas)

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.