Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Díríonn an tsonraíocht do Ghrafaic na Sraithe Sóisearaí ar thuiscint an scoláire ar fheidhmeanna agus ar thionchar na dteicneolaíochtaí sa domhan mórthimpeall air a fhorbairt agus ar scileanna an scoláire i ndáil leis na teicneolaíochtaí sin a fhorbairt. Bainfear iad sin amach trí thrí shnáithe chomhthéacsúla idirnasctha: Grafaic 2T, Grafaic 3T agus Grafaic fheidhmeach
 

Sa snáithe seo, rachaidh an scoláire i ngleic le coincheapa agus prionsabail bhunúsacha tógálacha 2T, cruthanna 2T agus córais teilgin, tuigfidh sé na coincheapa agus prionsabail sin agus cuirfidh sé i bhfeidhm iad. Ó thús deireadh an staidéir, gheobhaidh an scoláire léirthuiscint do chur i bhfeidhm na grafaice 2T ar réiteach fadhbanna agus forbróidh sé tuiscint ar ról na grafaice 2T in earraí agus léirithe 3T a chruthú. Ba chóir go mbeadh an scoláire in ann, dá bharr sin, léirithe soiléire a chruthú d’earraí i spás agus iad a léiriú go cruinn in dhá thoise.

Sa snáithe seo, rachaidh an scoláire i ngleic leis na coincheapa agus prionsabail bhunúsacha a bhíonn mar bhonn agus mar thaca ag earraí, córais samhaltaithe agus coinbhinsiúin ghrafacha 3T, tuigfidh sé na coincheapa agus prionsabail sin agus úsáidfidh sé iad. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an snáithe seo chun inniúlacht an scoláire i samhlú agus léiriú amhairc a fhorbairt. Ba chóir go mbeadh an scoláire in ann, dá bharr sin, earraí a léiriú go cruinn i dtrí thoise agus na scileanna sin a chur i bhfeidhm i réiteach fadhbanna.

Sa snáithe seo, tarraingeoidh an scoláire ar an eolas, ar na prionsabail agus ar na teicnící a forbraíodh trí na snáitheanna Grafaic 2T agus Grafaic 3T chun réitigh agus eolas a chruthú agus a chur in iúl go grafach. Ba chóir an scoláire a spreagadh lena thimpeallacht fhisiciúil a iniúchadh agus le prionsabail na Grafaice 2T agus na Grafaice 3T a chur i bhfeidhm chun réimse fadhbanna a réiteach. Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire na modhanna is cuí a roghnú chun a réitigh ar na fadhbanna seo a chur in iúl, idir mheáin ghrafacha a roghnú agus an mheicníocht chun iad a úsáid.

Cé go leagtar amach na torthaí foghlama faoi cheannteidil snáithe, níor chóir go dtuigfí as sin go bhfuil staidéar le déanamh ar na snáitheanna ina n-aonar. Barrfheabhsaítear rannpháirtíocht agus foghlaim an scoláire trí thaithí iomlán chomhtháite ar fud na dtrí shnáithe. Chun níos mó béime arís a chur ar shaintréith chomhtháite na foghlama, cuirtear torthaí foghlama gach snáithe i ngrúpaí ach tagairt a dhéanamh do cheithre ghné – Réasúnú spásúil, Smaointeoireacht dearaidh, Cumarsáid agus Prionsabail agus tógálacha geoiméadracha.

Spreagann na torthaí foghlama ó na snáitheanna difriúla a bhaineann leis an ngné seo an scoláire le raon cruthanna, faisnéis ghrafach, earraí agus déantáin a iniúchadh chun cabhrú leis an scoláire a inniúlacht spásúil a fhorbairt. Cabhraíonn na torthaí foghlama leis an scoláire a inniúlachtaí a fhorbairt, ó shaintréithe spásúla a aithint ar an gcéad dul síos go dtí a n-ionramháil a amharcléiriú.

Spreagann na torthaí foghlama ó na snáitheanna difriúla a bhaineann leis an ngné seo an scoláire lena thuiscint ar Ghrafaic a úsáid chun smaointe agus réitigh ar fhadhbanna coitianta a fhorbairt. Forbróidh an scoláire na scileanna cruthaitheacha agus nuálacha a theastaíonn chun a réitigh dearaidh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, agus tionchar ag a fhoghlaim faoi na trí shnáithe air sin.

Spreagann na torthaí foghlama ó na snáitheanna difriúla a bhaineann leis an ngné seo an scoláire le cumarsáid a dhéanamh trí na meáin chuí chun faisnéis theicniúil a chur in iúl, agus chun smaointe agus réitigh ar fhadhbanna a dhearadh. Ba chóir béim a chur ar inniúlachtaí an scoláire a fhorbairt chun cumarsáid a dhéanamh trí réimse meáin ghrafacha agus cinntí a dhéanamh faoi chomh cuí agus atá meáin shonracha i gcás chéimeanna sonracha an phróisis dearaidh.

Spreagann na torthaí foghlama ó na snáitheanna difriúla a bhaineann leis an ngné seo an scoláire lena thuiscint ar chruthanna agus earraí geoiméadracha a úsáid i léirithe 2T agus 3T a thógáil agus i bhfadhbanna geoiméadracha a réiteach. Cuirfidh an scoláire a eolas ó ghníomhaíochtaí ranga in oiriúint chun ról na bprionsabal agus na dtógálacha geoiméadracha sa domhan nádúrtha thart air a fhiosrú.

Baineann Grafaic úsáid as cur chuige trasdisciplíneach a chuireann nascadh na dtrí snáithe chun cinn i dteagasc agus i bhfoghlaim an ábhair. Dearadh í d’íosmhéid 200 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.

Tá sé d’aidhm ag an tsonraíocht seo cothromaíocht a bhaint amach idir an fhairsinge féidearthachtaí a chuireann staidéar ar an ábhar i láthair a fhiosrú agus deiseanna a chur ar fáil d'eispéiris dhoimhne de réimsí áirithe de réir mar is cuí. Chuige sin, sa tsonraíocht seo, bíonn méid áirithe solúbthachta agus saoirse ag an múinteoir an fhoghlaim a éascú ar bhealach a léiríonn roghanna, fiosracht agus meon cruthaitheach an scoláire féin. Ba chóir gnóthachtáil na dtorthaí foghlama a phleanáil ar bhealach atá gníomhach agus spreagúil.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.