Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Graphics and Key Skills

I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. 

An phríomhscil Gné na príomhscile Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama an scoláire
A bheith cruthaitheach Roghanna a fhiosrú Fiosróidh an scoláire réitigh dearaidh mhalartacha ar fhadhb/ar threoir.
A bheith liteartha Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas Roghnóidh an scoláire na modhanna grafacha is cuí chun a smaointe/réitigh a chur in iúl.
A bheith uimheartha Smaointe a chur in iúl go matamaiticiúil Bainfidh an scoláire úsáid as nodaireacht chuí mhatamaiticiúil agus toisí á gcur in iúl aige.
Cumarsáid Teanga a úsáid Úsáidfidh an scoláire an teanga chuí theicniúil agus cur síos á dhéanamh ar phróiseas.
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil Rachaidh an scoláire i mbun na smaointeoireachta nuálaí chun réiteach a dhearadh agus déanfaidh sé critíc ar an réiteach bunaithe ar na riachtanais a bhaineann leis an bhfadhb.
Mé féin a bhainistiú Spriocanna pearsanta a shocrú agus a bhaint amach Leagfaidh an scoláire plean oibre amach agus cuirfidh sé i bhfeidhm é nuair atá taighde ar bun ar réitigh dearaidh.
Fanacht folláin A bheith freagrach, slán agus eiticiúil nuair atá teicneolaíocht dhigiteach in úsáid Oibreoidh an scoláire go heiticiúil agus go sábháilte ar líne agus glacfaidh sé freagracht air féin i ndáil le slándáil agus príobháideachas an scoláire féin agus daoine eile a chinntiú nuair atá taighde ar bun ar smaointe.
Obair le daoine eile Ag comhoibriú Beidh an scoláire ag comhoibriú ar thaighde agus forbróidh sé réitigh ar fhadhb ar leith le daoine eile.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.