Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuimseoidh na samplaí seo obair:

  • Thar barr ar fad
  • Os cionn na n-ionchas 
  • Ag teacht leis na hionchais

Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i bhfíorchásanna.

 

Torthaí foghlama

Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar an nGrafaic sa tsraith shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Leagann an tsonraíocht amach gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus mar sin de, cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sa Ghrafaic go dtí deireadh na sraithe sóisearaí.

Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. Cuirtear Grafaic na sraithe sóisearaí ar fáil ag leibhéal comónta. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le difreáil agus cleachtais chuimsitheacha an tseomra ranga. 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Réasúnú Spásúil
  1. 1.1

    ionramháil cruthanna 2T a amharcléiriú 

  2. 1.2

    1.2    faisnéis ghrafach a anailísiú chun réiteach 2T a phleanáil

  3. 1.3

    réitigh 2T a dhíorthú le meáin chuí

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Smaointeoireacht Dearaidh
  1. 1.4

    léirthuiscint a bheith aige do ról na grafaice 2T i réitigh a chruthú

  2. 1.5

    smaointe a léiriú le sceitsí saorláimhe chun a phróiseas smaointeoireachta a chur in iúl go cruinn

  3. 1.6

    a thuiscint ar phrionsabail gheoiméadracha a chur i bhfeidhm chun fadhbanna a réiteach

  4. 1.7

    léirithe grafacha sonraí/faisnéise a léirmhíniú agus a chruthú

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Cumarsáid
  1. 1.8

    dul chun cinn smaointe agus smaointeoireachta a chur in iúl i rith gníomhaíochta le meáin éagsúla

  2. 1.9

    faisnéis 3T a léiriú le coinbhinsiúin 2T

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Prionsabail agus Tógálacha Geoiméadracha
  1. 1.10

    saintréithe cruthanna geoiméadracha a thuiscint

  2. 1.11

    léirthuiscint a bheith aige do chur i bhfeidhm tógálacha geoiméadracha i réimsí eile staidéir

  3. 1.12

    réitigh 2T a thógáil go cruinn de réir coinbhinsiúin ghrafacha

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Réasúnú Spásúil
  1. 2.1

    ionramháil earraí 3T a amharcléiriú

  2. 2.2

    faisnéis ghrafach a anailísiú chun réiteach 3T a phleanáil 

  3. 2.3

    réitigh 3T a dhíorthú le meáin chuí

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Smaointeoireacht Dearaidh
  1. 2.4

    léirthuiscint a bheith aige do ról na grafaice 3T i réitigh a chruthú 

  2. 2.5

    smaointe a fhorbairt le sceitsí saorláimhe agus meáin eile chun an próiseas smaointeoireachta a chur in iúl go cruinn

  3. 2.6

    a thuiscint ar phrionsabail 3T a chur i bhfeidhm chun fadhbanna a réiteach

  4. 2.7

    réitigh ar fhadhbanna a chuirtear i láthair agus/nó a shainmhínítear a thógáil

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Cumarsáid
  1. 2.8

    léiriú 3T ar dhéantán nó smaoineamh teibí a thógáil le meáin agus modhanna éagsúla

  2. 2.9

    dul chun cinn smaointe/smaointeoireachta a chur in iúl i rith gníomhaíochta le meáin éagsúla

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Prionsabail agus Tógálacha Geoiméadracha
  1. 2.10

    saintréithe earraí agus dromchlaí geoiméadracha a thuiscint

  2. 2.11

    léirthuiscint a bheith aige do chur i bhfeidhm prionsabal geoiméadrach i réimsí eile staidéir

  3. 2.12

    smaointe dearaidh a ghiniúint agus a fhorbairt le prionsabail agus tógálacha geoiméadracha cuí

  4. 2.13

    prionsabail gheoiméadracha a chur i bhfeidhm chun réitigh 3T cruinne a thógáil de réir coinbhinsiúin ghrafacha

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Réasúnú Spásúil
  1. 3.1

    saintréithe 2T agus 3T in earraí agus déantáin choitianta a aithint

  2. 3.2

    léirthuiscint a bheith aige do shaintréithe ceilte earra nó déantáin a theastaíonn chun é a léiriú

  3. 3.3

    a thuiscint spásúil a thaispeáint le samhaltú agus/nó ionsamhlú

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Smaointeoireacht Dearaidh
  1. 3.4

    fadhbanna ó chomhthéacs réadúil agus fadhbanna teibí a réiteach le teicnící grafacha 

  2. 3.5

    a shaothar féin agus saothar daoine eile a anailísiú agus a mh

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Cumarsáid
  1. 3.6

    smaointe/réitigh dearaidh a fhorbairt trí shamhaltú agus fréamhshamhlacha le meáin éagsúla

  2. 3.7

    grafaic ríomhchuidithe a úsáid chun réitigh dearaidh a chur in iúl go héifeachtach

  3. 3.8

    a chur chuige i leith tasc dearaidh a léiriú go grafach 

  4. 3.9

    teicnící éagsúla léirithe agus cur i láthair a chur i bhfeidhm chun cur le cumarsáid faoi réitigh

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Prionsabail agus Tógálacha Geoiméadracha
  1. 3.10

    prionsabail an phlána agus geoiméadracht thuairisciúil a iniúchadh agus a chur i bhfeidhm chun réitigh a chruthú

  2. 3.11

    an chaoi ar spreag prionsabail agus tógálacha geoiméadracha sa domhan nádúrtha feidhmeanna daonna a iniúchadh

  3. 3.12

    léiriú cuí grafach ar réiteach ar fhadhb comhthéacsúil dá rogha féin a fhorbairt

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.