Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ráitis foghlama

Tacaíonn tíreolaíocht le réimse leathan eispéireas foghlama sa tsraith shóisearach. Léiríonn an tábla seo a leanas an chaoi a bhfuil tíreolaíocht na sraithe sóisearaí nasctha le gnéithe lárnacha den fhoghlaim agus den teagasc sa tsraith shóisearach.

An ráiteas Samplaí d’fhoghlaim ábhartha a bhféadfaí tabhairt fúithi
RF 9: Tuigeann an scoláire bunús agus tionchar ghnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an domhain timpeall air/uirthi. Fiosraíonn an scoláire smaointe foghlama agus téann sé i ngleic leo, mar shampla daonra, lonnaíocht, forbairt agus domhandú.
RF 10: Tá an fheasacht, an t-eolas, na scileanna, na luachanna agus an t-inspreagadh ag an scoláire le maireachtáil go hinbhuanaithe. Foghlaimíonn an scoláire faoina thábhachtaí atá sé maireachtáil go hinbhuanaithe.
RF 16: Déanann an scoláire cur síos ar phatrúin agus ar choibhneasa agus déanann sé/sí iad a léiriú, a léirmhíniú, a thuar agus a mhíniú. Téann an scoláire i ngleic le topaicí a bhaineann le tíreolaíocht, idir fhisiceach agus daonna, d’fhonn cur síos a dhéanamh ar phatrúin agus ar choibhneasa agus d’fhonn iad a léiriú, a léirmhíniú, a thuar agus a mhíniú.
RF 18: Déanann an scoláire breathnú agus measúnú ar eachtraí agus ar phróisis eimpíreacha agus baineann tátail agus cinntí bailí astu. Aithníonn an scoláire conas a mhúnlaíonn próisis tíreolaíochta an tírdhreach. 
RF 6: Tuigeann an scoláire an chaoi a gcuireann luachanna, creidiúintí agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina maireann sé/sí agus tá meas aige/aici orthu. Déanann an scoláire comparáid idir na deiseanna saoil atá ann don aos óg i dtíortha éagsúla.
RF 7: Tá meas ag an scoláire ar a bhfuil i gceist le bheith ina shaoránach gníomhach, le cearta agus dualgais i gcomhthéacsanna áitiúla agus i gcomhthéacsanna níos leithne. Déanann an scoláire measúnú ar ról an chúnaimh forbartha. 
RF 8: Tá meas ag an scoláire ar an oidhreacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tuigeann sé/sí an tábhacht atá ag an ngaol idir eachtraí atá thart agus eachtraí reatha, agus tábhacht na bhfórsaí is cúis le hathrú. Measann an scoláire na tosca a imríonn tionchar ar lonnaíocht daoine i dtaca le bunús, láthair agus athrú inbhuanaithe. 
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.