Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Baineann Tíreolaíocht le tírdhreacha, pobail, áiteanna agus timpeallachtaí an Domhain. Réitíonn sí leis an modh eolaíochta agus coinníonn sí le prionsabail eolaíochta agus le loighic. Mar gheall ar an staidéar ar an tíreolaíocht, bíonn an duine in ann an domhan atá mórthimpeall air a fhiosrú agus a thuiscint. Cothaítear tuiscint dhomhain ar dhaoine agus ar áiteanna de bharr a bheith ag plé leis an ábhar.  Cuirtear na scileanna cuí ar an scoláire le go mbeidh sé ábalta a thimpeallacht a léamh. Mar thoradh air sin, beidh sé in ann an tírdhreach fisiceach a léirmhíniú, féachaint ar imeachtaí aeráide go heolach agus imeachtaí an domhain a phlé go feasach. Tacaíonn foghlaim na tíreolaíochta leis an scoláire cinntí eolasacha a dhéanamh, rud a chuireann ar a chumas cur go mór le saol eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha a phobail, a dhúiche agus a thíre.

De thairbhe an staidéir ar an tíreolaíocht, spreagtar daoine chun léirthuiscint a fháil ar na próisis a théann i bhfeidhm ar a ndomhan agus chun breathnú ar cheisteanna domhanda mar shaoránaigh eiticiúla. Cruthaíonn tíreolaíocht an deis chun anailís a dhéanamh ar imeachtaí an domhain, agus cuireann sí ar chumas an aosa óig a bheith ina saoránaigh ghníomhacha eolacha. A bhuíochas leis an tíreolaíocht cuirtear cumas an scoláire dul i ngleic le ceisteanna áirithe chun feabhais – ceisteanna ar nós forbairt inbhuanaithe, córais gheilleagracha, bainistíocht guaiseacha agus athrú aeráide. Cuireann na topaicí a chlúdaítear le feasacht agus tuiscint an scoláire ar chultúir dhifriúla, rud a spreagann meas ar an éagsúlacht.

Tá an scoláire ag fás aníos i ndomhan domhandaithe dinimiciúil. Is meán í an tíreolaíocht chun imeachtaí reatha inár ndomhan a fhiosrú. Féadfaidh an scoláire a bhreathnaíonn ar imeachtaí le súil na tíreolaíochta a bheith ina chuid de ghlúin atá in ann déileáil go héifeachtach le dúshláin dhomhanda agus iad a mhaolú, agus a bheith in ann ag deiseanna gaolmhara.

Féadtar na scileanna a chothaítear san ábhar a úsáid i gcomhthéacsanna eile agus rachaidh siad chun leasa don scoláire ina chuid staidéir agus ina shaol. Spreagann tíreolaíocht an fiosrúchán struchtúrtha: is smaointeoireacht chriticiúil é sin ina gcuireann an scoláire ceisteanna, ina mbailíonn sé sonraí, ina ndéanann sé measúnú agus léirmhíniú agus ina gcuireann sé faisnéis i láthair. Spreagann sé comhoibriú agus cumarsáid lena phiaraí agus le saineolaithe i réimsí eile.
 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.