Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Dul chun cinn ón mbunscoil go dtí an tsraith shinsearach

Curaclam na bunscoile

Baineann tíreolaíocht sa bhunscoil le hoideachas sóisialta, imshaoil agus eolaíochta (OSIE) agus baineann trí mhórthéama leis– áit, spás agus timpeallacht. Is é bunbhrí an ábhair an domhan mórthimpeall orainn a thuiscint agus ómós áite agus spáis a fhorbairt. Leagtar béim mhór ar an timpeallacht áitiúil agus ar fhorbairt scileanna maidir le hiniúchadh tíreolaíochta. Spreagtar dalta bunscoile na tíreolaíochta chun teagmháil a dhéanamh lena thimpeallacht go gníomhach ar mhaithe le hiniúchadh, le hidirghaolmhaireachtaí a aithint agus le teacht ar thuairimí.  Is féidir le Tíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí an fhoghlaim ghaolmhar a rinneadh sa bhunscoil a chur chun tosaigh trí chur chuige den chineál céanna ina bhfoghlaimíonn an scoláire faoin gcaoi a bhfoirmíonn agus a múnlaíonn próisis tíreolaíochta ár ndomhan fisiceach, comhshaoil agus sóisialta. Moltar sa churaclam bunscoile cur chuige comhtháite a ghlacadh i leith na dtopaicí a ndéantar staidéar orthu; leantar den chur chuige sin i gcuraclam tíreolaíochta na sraithe sóisearaí.

An tsraith shinsearach

Dearadh an tsonraíocht do Thíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí ar bhealach le go dtagann sí le Téamaí
I measc na dtéamaí don Ghaeilge tá: mé féin, sa bhaile, an scoil, bia, an teilifís, siopadóireacht, caitheamh aimsire, éadaí, an aimsir agus ócáidí speisialta. Is féidir leis an múinteoir go leor topaicí a roghnú as na téamaí. D’fhéadfaí na topaicí seo a leathnú chun ábhar atá spéisiúil don pháiste a chur san áireamh freisin.
agus gnéithe suntasacha de Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta, agus is féidir an t-eolas agus na scileanna a foghlaimíodh a úsáid arís dá thoradh. Cuirfidh na snáitheanna agus na gnéithe ar chumas an scoláire an t-eolas agus na scileanna a fhorbairt lena n-úsáid arís sa tsraith shinsearach. Lena chois sin, tabharfaidh siad deiseanna fónta don scoláire maidir le foghlaim leanúnach i mórán ábhar. Mar gheall ar dhoimhneacht agus ar fhairsinge na foghlama sa tsraith shóisearach, éireoidh an scoláire cleachta ar choincheapa tíreolaíochta – coincheapa a ndéanfar tuilleadh forbartha orthu sa tsraith shinsearach. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.