Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Díríonn an tsonraíocht le haghaidh Thíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt eolas agus scileanna an scoláire le go mbeidh sé in ann an domhan mórthimpeall orainn, agus an ról atá againn ann, a thuiscint agus na hidirnaisc idir córais ar leith a aithint. Baintear é sin amach trí na trí shnáithe idirnasctha: An domhan fisiceach a fhiosrú; An chaoi a ndéanaimid teagmháil leis an domhan fisiceach a fhiosrú; agus Daoine, áiteanna agus athruithe a fhiosrú, agus coincheap uileghabhálach amháin ar a dtugtar feasacht tíreolaíochta. Dearadh an tsonraíocht d’íosmhéid 200 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.

Insert image

Feasacht tíreolaíochta

Cuireann coincheap na feasachta tíreolaíochta bonn eolais faoin tsonraíocht. Baineann sé sin le cumas an scoláire tuiscint dhomhain a fháil trí smaointeoireacht agus réasúnaíocht tíreolaíochta. Tugann feasacht tíreolaíochta an creat dúinn chun Tíreolaíocht a thuiscint, creat atá fite fuaite le teagasc agus le foghlaim na tíreolaíochta.
Is iad na trí I na codanna is tábhachtaí den fheasacht tíreolaíochta:

  • idirghníomhaíochtaí
  • idirnaisc
  • impleachtaí.

Is ionann idirghníomhaíochtaí agus idirghníomhaíochtaí idir daoine agus an timpeallacht. Is ionann idirnaisc agus an nasc idir daoine, áiteanna, timpeallachtaí, agus patrúin spásúla, trí naisc inláimhsithe fearacht bóithre nó trí naisc dholáimhsithe fearacht na polaitíochta. Baineann impleachtaí leis an duine. Cuidíonn an coincheap leis an scoláire tuiscint a fháil ar thopaicí tíreolaíochta ar bhealach comhtháite, rud a léiríonn an idirghaolmhaireacht idir topaicí agus an tionchar atá aige ar an scoláire.  Tá sé mar aidhm ag an bhfeasacht tíreolaíochta inniúlachtaí cognaíocha, idirphearsanta agus inphearsanta a fhorbairt tríd an gcuraclam, atá inbhuanaithe i rith shaol an scoláire.

Trí shnáithe idirnasctha

Leagtar trí shnáithe idirnasctha amach sa tsonraíocht. Tá uimhir le gach toradh foghlama laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. Cuireann an tsonraíocht béim ar chur chuige neamhlíneach comhtháite chun dul i ngleic leis na snáitheanna. Moltar go ndéantar naisc idir torthaí foghlama na snáitheanna ar fad chun na heispéiris foghlama a fhorbairt.

Tá sé mar aidhm ag an snáithe seo cuidiú leis an scoláire fiosrú a dhéanamh ar an dóigh a gcruthaítear agus a n-athraítear an domhan fisiceach. Forbraíonn an scoláire eolas agus scileanna a chabhraíonn leis an domhan fisiceach a thuiscint agus a mhíniú. Pléann an scoláire le topaicí a bhaineann leis an tíreolaíocht fhisiceach agus fiosraíonn sé an gaol atá eatarthu agus aon impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na topaicí sin do shaol an scoláire. Baineann an scoláire úsáid as a chuid eolais agus scileanna chun tréithe spásúlachta agus foirmiú feiniméan sa domhan fisiceach a mhíniú. 

Tá sé mar aidhm ag an snáithe seo cuidiú leis an scoláire tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann daoine teagmháil leis an domhan fisiceachagus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige sin dá shaol. Fiosraíonn an scoláire an tslí a mbraithimid ar an domhan fisiceach, an tslí a gcuirimid in oiriúint é agus an tslí a n-athraímid é. Baineann an scoláire úsáid as a chuid eolais agus scileanna chun an chaoi a ndéanaimid teagmháil leis an domhan fisiceach ar mhaithe le cúrsaí eacnamaíocha, agus an chaoi a dtéimid i dtaithí ar fheiniméin fhisiceacha, a mhíniú.

Tá sé mar aidhm ag an snáithe seo cuidiú leis an scoláire fiosrú a dhéanamh ar dhaoine, áiteanna agus athruithe. Pléann an scoláire le topaicí a bhaineann le domhandú, forbairt, daonra agus idirspleáchas. Fiosraíonn an scoláire idirghaolmhaireachtaí agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na topaicí sin dá shaol. Baineann an scoláire úsáid as a chuid eolais agus scileanna chun gréasáin lonnaíochta, uirbiú, déimeagrafaic agus forbairt an duine a mhíniú.

Na gnéithe

Cuireann na gnéithe seo an dóigh a dtiocfaidh an scoláire isteach ar na torthaí foghlama sna snáitheanna in iúl. Tabharfaidh an scoláire aghaidh ar na torthaí foghlama trí gach ceann de na gnéithe:

1. Próisis, patrúin, córais agus scála
2. Scileanna tíreolaíochta
3. Inbhuanaitheacht.

Gnéithe Iarratas
Próisis, patrúin, córais agus scála
  • Foghlaimíonn an scoláire faoin gcaoi a bhfoirmíonn agus a múnlaíonn próisis tíreolaíochta ár ndomhan fisiceach, comhshaoil agus sóisialta.
  • Aithníonn an scoláire patrúin agus dáileadh feiniméan tíreolaíochta agus tagann sé ar thuairimí bunaithe ar a chuid torthaí. Áirítear leis sin cosúlachtaí nó difríochtaí i dtaca le feiniméin a aithint, a anailísiú agus a mhíniú.
  • Glacann an scoláire le cur chuige a cheanglaíonn na córais ar fad le chéile chun gnéithe casta a thuiscint.
  • Déanann an scoláire staidéar ar thopaicí ar scálaí agus ar leibhéil éagsúla lena n-áirítear Éire, an Eoraip (AE) agus an Domhan.

Scileanna tíreolaíochta

 

Moltar imscrúduithe allamuigh, nuair is iomchuí. 

  • Sonraí tíreolaíochta a eagrú agus a léirmhíniú: Féadtar cineálacha éagsúla sonraí a scaradh agus a rangú i bhfoirmeacha grafacha físeacha: léarscáileanna páipéir agus ríomhghinte, nó íomhánna geospásúla éagsúla.
  • Sonraí tíreolaíochta a iniúchadh: Sonraí a bhailiú ó fhoinsí éagsúla ar bhealaí éagsúla ar mhaithe le faisnéis a fhorbairt a chuirfidh bonn eolais faoi fhreagairtí.
  • Ceisteanna tíreolaíochta a chur: Chun dul i ngleic leis na príomhcheisteanna tíreolaíochta- cé, céard, cén áit, cathain, cén chaoi, cén fáth.
  • Anailís ar Shonraí: Tacair shonraí éagsúla a léamh agus a léirmhíniú.
  • Amharcíomhánna: Spreagthaí amhairc éagsúla a léamh agus a léirmhíniú.
  • Mapáil: Scileanna cartagrafacha a bhaineann le scálaí éagsúla.

Léitheoireacht agus scileanna léirmhínithe:

  • Déanfaidh an scoláire forbairt ar a ghrafacht trí:
  • Scileanna Feidhmeacha:
  • Faisnéis tíreolaíochta a anailísiú: Maidir le faisnéis tíreolaíochta, lorgaítear patrúin, gaolmhaireachtaí agus naisc.
  • Faisnéis tíreolaíochta a chur i láthair: Eolas a bhainistiú agus a chur le chéile ionas go bhfuil sé soiléir agus gonta.
Inbhuanaitheacht
  • Déanann an scoláire machnamh ar an gcothromaíocht idir an córas eacnamaíochta, timpeallachta agus sóisialta atá de dhíth chun dul i ngleic le riachtanais na linne seo agus gan iad a chur i mbaol don am atá le teacht.  
  • Tugann an scoláire suntas don chaoi ar féidir lena chinntí agus a ghníomhaíochtaí tionchar a bheith acu ar an inbhuanaitheacht áitiúil agus idirnáisiúnta.
  • Déanann an scoláire machnamh criticiúil ar choincheapa agus ar nósanna reatha maidir le hinbhuanaitheacht.
  • Déanann an scoláire forbairt ar an eolas, scileanna, iompair agus luachanna atá aige chun saol inbhuanaithe a chaitheamh.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.