Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thaifeadadh agus a thuairisciú, na bealaí cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam difreálach a shocrú, nó chun réimsí deacrachta nó láidreachta ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán.

Leagann an tsraith shóisearach an-bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh/na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú i dTíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith ina rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid foghlama féin agus tugtar an deis dá réir do na múinteoirí tacú leis sin. Tá sé sin ag brath ar dheiseanna a bheith á soláthar don fhoghlaimeoir chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus braitheann sé ar chaighdeán an aiseolais dhírithe a fhaigheann sé chun cabhrú leis ina chuid foghlama.

Gné an-tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid foghlama agus is toisc lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le tasc casta nó le fadhb chasta. Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cinnteoidh an cur chuige sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Tá áit ann fós don mheasúnú suimitheach, ach níl ann ach gné amháin de chur chuige níos leithne i leith an mheasúnaithe.

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba chóir léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.
Chun tacú leis sin, beidh teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú. I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ), áireofar san Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú ábhar tacaíochta foghlama, teagaisc agus measúnaithe lena n-áirítear:

  • measúnú foirmitheach
  • pleanáil le haghaidh measúnú agus é a dhearadh
  • measúnuithe leanúnacha le húsáid sa seomra ranga
  • breithiúnas a thabhairt ar obair an scoláire – ag breathnú ar ionchais maidir le scoláirí agus ar ghnéithe cáilíochta
  • tuairisciú do thuismitheoirí agus don scoláire
  • smaoineamh faoin measúnú: smaointe, taighde agus machnamh
  • gluais.

Áireofar san Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú réimse tacaí measúnaithe, comhairle agus treoirlínte a chuirfidh ar chumas scoileanna agus múinteoirí tabhairt faoin gcóras nua measúnaithe agus faoi na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolasach, le muinín agus le cinnteacht.

Cuimseoidh an measúnú ar an tíreolaíocht le haghaidh Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) dhá Mheasúnú Rangbhunaithe: Tíreolaíocht sa nuacht; agus Mo thíreolaíocht. Lena chois sin, beidh Tasc Measúnaithe scríofa i gceist leis an dara Measúnú Rangbhunaithe i dteannta scrúdú deiridh, a ullmhóidh agus a mharcálfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sna measúnuithe sonracha a leagtar amach sa tsonraíocht. Tá na Measúnuithe Rangbhunaithe cosúil leis an measúnú foirmitheach a tharlaíonn gach lá i ngach ceacht. Mar sin féin, i gcás na Measúnuithe Rangbhunaithe, breactar síos breithiúnas an mhúinteora ar mhaithe le hathbhreithniú ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair, agus ar mhaithe le tuairisciú na scoile do thuismitheoirí agus don scoláire. Gheobhaidh an scoláire taithí ar Mheasúnuithe Rangbhunaithe sa tíreolaíocht ó thaobh trí ghné chomhthéacsúla de:
1. Próisis, patrúin, córais agus scála
2. Scileanna tíreolaíochta
3. Inbhuanaitheacht.
Thar thrí bliana na sraithe sóisearaí, tabharfar deiseanna don scoláire chun a fhiosracht agus a spéis sa tíreolaíocht a spreagadh. Tá nasc idir na Measúnuithe Rangbhunaithe agus na tosaíochtaí don fhoghlaim agus don teagasc sa tíreolaíocht. Tá sé i gceist go nglacfaidh an scoláire páirt i dtaithí foghlama phraiticiúil agus bharántúil trí na Measúnuithe Rangbhunaithe.
Tabharfaidh na Measúnuithe Rangbhunaithe na deiseanna seo a leanas don scoláire:

  • faisnéis a eagrú agus pleanáil go loighciúil
  • anailís a dhéanamh ar shonraí agus ar fhianaise chun breithiúnais luachála agus cinntí eolasacha a dhéanamh
  • taighde a dhéanamh ar fhaisnéis ag baint úsáid as réimse modhanna
  • cumarsáid a dhéanamh go soiléir agus go héifeachtach
  • comhoibriú le daoine eile ar thascanna
  • machnamh a dhéanamh ar an méid a chuireann sé leis an obair agus a chuid foghlama féin
  • a chuid foghlama a úsáid i gcomhthéacsanna ábhartha reatha
  • a bheith in ann iniúchadh a dhéanamh ar réimsí a bhfuil suim aige iontu agus a bhfuil baint acu le réimsí staidéir.

Trí na Measúnuithe Rangbhunaithe sin, forbróidh an scoláire a chuid eolais, tuisceana, scileanna agus luachanna, agus leis sin bainfidh sé amach na torthaí foghlama ar fud na snáitheanna.

MEASÚNÚ RANGBHUNAITHE
Tíreolaíocht sa nuacht
Leagan amach Ullmhúchán an scoláire An measúnú a chur i gcrích Cruinniú AFMÁ
Fiosrúchán struchtúrtha trí fhreagairt ar theagmha(i)s tíreolaíochta a bhí ann ar na mallaibh Tuairiscí is féidir a chur i láthair i réimse leathan formáidí Tar éis trí seachtaine tabharfaidh an scoláire tuairisc ar a fhiosrúchán, bunaithe ar fhoinse na meán le déanaí, a bhaineann le teagmhas tíreolaíochta An dara téarma den dara bliain Cruinniú athbhreithnithe amháin

MEASÚNÚ RANGBHUNAITHE
Mo thíreolaíocht
Leagan amach Ullmhúchán an scoláire An measúnú a chur i gcrích Cruinniú AFMÁ
Fiosrúchán struchtúrtha ar ghné (ithe) tíreolaíochta i gceantar áitiúil Tuairiscí is féidir a chur i láthair i réimse leathan formáidí Déanfaidh an scoláire, thar thrí seachtaine, iniúchadh ar ghné tíreolaíochta i gceantar áitiúil An chéad téarma den tríú bliain Cruinniú athbhreithnithe amháin

 

Fiosrúchán struchtúrtha

Déanann an scoláire fiosrúchán struchtúrtha faoi ghné thíreolaíochta. Is féidir leis an scoláire an fiosrúchán a dhéanamh taobh amuigh nó taobh istigh den seomra ranga, agus úsáid á baint as an eolas agus na scileanna atá aige. Beidh sonraí níos mine ar fáil maidir le measúnú na Measúnuithe Rangbhunaithe snaTreoirlínte Measúnaithe don Tíreolaíocht ar leith.

Tacaíonn na gnéithe cáilíochta le breithiúnas an scoláire agus an mhúinteora ar na Measúnuithe Rangbhunaithe agus is iad na critéir iad a úsáidfidh an múinteoir chun píosaí oibre an scoláire a mheas. Cuirfidh gach scoláire an dá Mheasúnú Rangbhunaithe (MRB) i gcrích. Beidh na gnéithe cáilíochta ar fáil sna Treoirlínte Measúnuithe don Tíreolaíocht.

Beidh sonraí níos mine ar fáil sna Treoirlínte Measúnaithe don Tíreolaíocht, ar treoirlínte ar leith iad, maidir leis an measúnú ar an tuairisciú i dTíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí, ina leagtar amach treoracha ar na socruithe praiticiúla a bhaineann le measúnú na Measúnuithe Rangbhunaithe. Cuimseoidh sé sin, mar shampla, an fad agus na leaganacha amach a mholtar le haghaidh phíosaí oibre an scoláire, agus tacaíocht i dtaca le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a úsáid i ndáil leis na gnéithe cáilíochta. Beidh ábhar cuimsitheach acmhainne i bhFoireann Uirlisí do Mheasúnú CNCM freisin le húsáid agus le tagairt dó i measúnú leanúnach ranga ar Thíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí, agus lena chois sin tabharfar mionchuntas ar an bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair.

Tabharfaidh an scoláire faoi Thasc Measúnaithe a cheartóidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit nuair a bheidh an dara Measúnú Rangbhunaithe curtha i gcrích aige.
Déanfar measúnú sa Tasc Measúnaithe ar ghnéithe éagsúla d’fhoghlaim an scoláire, lena n-áirítear:

  • a chumas chun machnamh a dhéanamh ar fhorbairt a smaointeoireachta tíreolaíochta
  • a chumas chun measúnú a dhéanamh ar eolas nó ar thuiscint nua a tháinig chun cinn trína thaithí ar an Measúnú Rangbhunaithe
  • a chumas chun machnamh a dhéanamh ar na scileanna a d’fhorbair sé, agus a chumas chun iad a úsáid i suíomhanna nach bhfuil mórán cleachtaidh aige orthu, sa todhchaí
  • a chumas chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar imir a thaithí ar an Measúnú Rangbhunaithe tionchar ar a thuiscint ar an tíreolaíocht.

Beidh scrúdpháipéar amháin ann ag leibhéal comónta, a shocróidh agus a mharcálfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Ní mhairfidh an scrúdú níos faide ná dhá uair an chloig agus beidh sé ar siúl i mí an Mheithimh sa tríú bliain. I mbliain áirithe ar bith, is éard a bheidh sna torthaí foghlama atá le measúnú sampla de na torthaí ábhartha ó tháblaí na dtorthaí foghlama.

Tá lamháil sa tsonraíocht seo le haghaidh cleachtais mheasúnaithe chuimsithigh, mar chuid de mheasúnú leanúnach nó mar Mheasúnuithe Rangbhunaithe.  Sa chás go meastar i scoil go bhfuil sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, is féidir oiriúntais réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire i Measúnuithe Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir.  Ba chóir go mbeadh na hoiriúntais, m.sh. an tacaíocht a thugann Cúntóir Riachtanas Speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.