Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Na Ráitis Foghlama

Léirítear i dTabla 1 conas  a nascann an tsonraíocht seo don Ghaeilge  (T1) sa tsraith shóisearach le cuid de na ráitis foghlama a luaitear sa Chreat don tSraith Shóisearach.

Tábla 1: Gaeilge na Sraithe Sóisearaí agus na ráitis foghlama

Ráitis foghlama ábhartha Samplaí den fhoghlaim ábhartha
RF 1: Déanann an scoláire cumarsáid go héifeachtach ar bhealaí éagsúla i réimse comhthéacsanna sa T1. Glacfaidh an scoláire páirt i raon leathan gníomhaíochtaí teanga chun forbairt a dhéanamh ar a chumarsáid i réimse leathan comhthéacsanna.
RF 3: Déanann an scoláire réimse leathan téacsanna a chruthú, a thuiscint agus a léirmhíniú go criticiúil. Rachaidh an scoláire i ngleic le réimse leathan  téacsanna, chun taitneamh a bhaint astu, chun  an t ábhar iontu a thuiscint agus a mheas.
RF 6: Tuigeann an scoláire mar a chuireann luachanna, creidiúintí agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina maireann sé/sí agus tá meas aige/aici orthu. De réir mar a fhorbróidh feasacht teanga, chultúrtha agus féinfheasacht an scoláire méadóidh ar an tuiscint agus ar an meas a bheidh aige ar chultúir eile agus ar éagsúlacht chultúrtha.
RF 16: Déanann an scoláire cur síos ar phatrúin agus ar choibhneasa agus déanann sé/sí iad a léiriú, a léirmhíniú, a thuar agus a mhíniú. Léireoidh an scoláire tuiscint ar struchtúir agus ar dhul na Gaeilge sa chaint agus sa scríobh.
RF 24: Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteacha chun foghlaim, chun cumarsáid a dhéanamh, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil. Bainfidh an scoláire úsáid chuí as teicneolaíochtaí digiteacha chun tacú le foghlaim agus le húsáid na teanga.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.