Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Aidhm

Trí shonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sóisearaí forbraíonn, daingníonn agus leathnaíonn an scoláire a thuiscint ar an nGaeilge.  Cuirtear ar chumas an scoláire cumarsáid éifeachtach, idirghníomhach, mhuiníneach a dhéanamh i suíomhanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla an phobail teanga. Cuirtear béim ar chothú agus ar fhorbairt na feasachta: an fheasacht teanga, an fheasacht chultúrtha mar aon le féinfheasacht an scoláire mar fhoghlaimeoir teanga. Féachtar chun na scileanna a thugann an scoláire leis go dtí an iar-bhunscoil a bhuanú agus a fhorbairt. Cuirtear ar chumas an scoláire úinéireacht a ghlacadh ar a fhoghlaim féin, cumas a sheasfaidh leis sa saol.

 

Spreagtar an scoláire chun

  • teanga a úsáid go héifeachtach, muiníneach, i gcomhthéacs phearsanta agus i gcumarsáid le húsáideoirí eile sa phobal teanga
  • an Ghaeilge  a úsáid i réimsí éagsúla an phobail teanga
  • a chuid  Gaeilge a shaibhriú agus í a labhairt agus a scríobh go cruinn, muiníneach
  • taitneamh a bhaint as cumarsáid chruthaitheach agus nuálach a dhéanamh trí Ghaeilge
  • féinléirithe trína scileanna litearthachta a dhaingniú
  • raon leathan téacsanna a iniúchadh agus a chruthú i meáin éagsúla,  ar mhaithe le foghlaim, le taighde, le caitheamh aimsire
  • tuiscint agus meas a bheith aige ar litríocht na Gaeilge ar mhaithe le taitneamh agus tairbhe a bhaint as litríocht
  • tuiscint níos fearr a bheith aige ar chultúr na Gaeilge agus meas agus tuiscint a bheith aige ar chultúir agus ar theangacha eile.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.