Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Forbraíonn agus doimhníonn an scoláire a thugann faoi staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge  sa tsonraíocht seo a chuid  scileanna teanga. Agus an scoláire ar thuras an tsealbhaithe forbraíonn a fhorás pearsanta cognaíoch agus sóisialta agus cuirtear ar a chumas páirt fhiúntach a ghlacadh sa phobal teanga nó sna pobail teanga atá timpeall air. Trí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge cothaítear fonn ann páirt a ghlacadh i bpobal teanga na Gaeilge agus cothaítear meas ann ar an bpobal sin agus ar phobail teanga eile. Tá na scileanna inaistrithe agus an mháistreacht a bheidh ag an scoláire ar theanga ríthábhachtach don fhoghlaim i gcoitinne agus don saol araon. Cothaíonn seo an cumas agus an mhuinín sa scoláire feidhmiú mar shaoránach smaointeach sa phobal teanga. Tríd an Ghaeilge  a fhoghlaim, a shealbhú agus a úsáid, aimsíonn an scoláire faisnéis, forbraíonn sé smaointeoireacht, agus cuireann sé dearcthaí agus mothúcháin in iúl. Dá réir, cuirtear ar chumas an scoláire riaradh ar éilimh  éagsúla na scoile, an phobail,  na fostaíochta, an bhreisoideachais agus an tsaoil.

Tá contanaim i gceist le turas an tsealbhaithe, ó fhoghlaimeoir go húsáideoir neamhspleách teanga. Aithnítear go forleathan sa taighde idirnáisiúnta gur iomaí buntáiste a bhaineann leis an ilteangachas. Cuireann an dátheangachas agus t-ilteangachas leis an gcumas samhlaíochta agus cruthaitheachta agus cothaíonn sé dearcadh déach ar an saol.

Bíonn leibhéal inniúlachta ar leith sa Ghaeilge  de dhíth in éagsúlacht de réimsí fostaíochta anseo in Éirinn agus thar lear. Tá dualgas reachtúil ar ranna agus áisíneachtaí Stáit soláthar a dhéanamh don phobal trí mheán na Gaeilge. Cothaíonn stádas oifigiúil agus oibre na Gaeilge san Aontas Eorpach deiseanna breise fostaíochta. Is buntáiste í an Ghaeilge  don scoláire ar mian  leis obair sna réimsí éagsúla seo nó gnó a dhéanamh leo trí mheán na Gaeilge.

Aithnítear go bhfuil éagsúlacht mhór ag baint le pobal teanga na Gaeilge. Cuimsíonn an téarma pobal teanga na Gaeilge ceantair ina bhfuil an Ghaeilge  mar theanga phobail iontu. Ina theannta sin, tá an teanga in úsáid mar ghnáth-theanga theaghlaigh agus ag méid mór nuachainteoirí lasmuigh de na ceantair sin ar fud na tíre agus thar lear. Ceanglaíonn an staidéar ar an nGaeilge an scoláire lena phobal teanga féin. Is fuinneog atá sa teanga trínar féidir leis an scoláire féachaint go comhuaineach ar a oidhreacht stairiúil agus chomhaimseartha chultúir agus féiniúlachta agus tuigtear don scoláire an tábhacht atá le húinéireacht phearsanta a ghlacadh uirthi dá bharr. Léiríonn an scoláire meas ar a theanga bhaile,  ar úsáid áitiúil teanga, agus ar a chleachtais litearthachta lasmuigh den scoil. Trí mhachnamh agus staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge  agus ar ghnéithe den chultúr, méadaíonn feasacht an scoláire faoi chultúr phobal na teanga agus faoi chultúr a phobal áitiúil féin. Is minic a spreagann na tuiscintí seo scoláire chun machnamh a dhéanamh ar a áit féin sa domhan mór agus ar an bhféiniúlacht chultúrtha ar bhonn níos leithne. Is féidir le ceangal le hoidhreacht shaibhir chultúrtha a phobail agus tuiscint níos doimhne uirthi a bheith ina phróiseas cumasaithe don scoláire. Trí staidéar a dhéanamh ar thraidisiúin an phobail áitiúil, idir nua  agus sean, cuirtear le feasacht idirchultúrtha an scoláire. Cuireann seo lena chumas dearcthaí agus meon an phobail agus/nó a phobail féin a fhiosrú agus a chur i gcomparáid.

Trí dhul i ngleic le téacsanna, téacsanna ilmhódacha san áireamh, agus tascanna cumarsáideacha oiriúnacha bunaithe ar na téacsanna sin, forbraíonn an scoláire scileanna cumarsáide agus smaointeoireachta a chuireann lena thuiscint ar an teanga féin (feasacht teanga). Tugann sé nithe faoin  teanga faoi deara ón gcaoi a n-úsáidtear go laethúil í agus ón gcaoi a gcuirtear friotal uirthi sa scríobh. Foghlaimíonn an scoláire faoi struchtúr na teanga agus conas a oibríonn sí. Cuirtear ar chumas an scoláire réimeanna éagsúla teanga a úsáid i gcomhthéacs. Trí thascanna teanga cuí bunaithe ar an réimse téacsanna sin téann an scoláire i dtír ar na difríochtaí idir an teanga labhartha agus an teanga scríofa. Cabhraíonn an tabhairt faoi deara agus an fheasacht teanga go mór leis an scoláire tabhairt faoi earráidí an mhíchruinnis a cheartú.

Tacóidh an fheasacht teanga leis an scoláire roghanna oilte teanga a dhéanamh agus é ag ionramháil ábhair, smaointe agus coincheapa, ní amháin i dtaobh na Gaeilge féin mar theanga ach in ábhair eile an churaclaim freisin. Bíonn an scoláire gníomhach agus gafa i gceann na scileanna teanga uile; éisteacht, léamh, labhairt, idirghníomhú cainte agus scríobh agus bíonn sé ag plé faoi, agus ag déanamh comparáidí agus iniúchadh idir éagsúlacht téacsanna, téacsanna litríochta san áireamh, ag forbairt a scileanna cumarsáide agus smaointeoireachta agus criticiúlachta. Léann an scoláire an litríocht le léargas agus le samhlaíocht ní amháin sa seomra ranga ach ar a shon féin freisin agus é ag léamh téacsanna ábhartha síntear cumas criticiúil an scoláire.

Ós gníomhaíocht shóisialta chomh maith le pearsanta í an fhoghlaim, téann an scoláire i ngleic leis na scileanna agus na deiseanna a bhaineann leis an bhfoghlaim fhéinriartha agus chomhoibritheach araon chun spriocanna teanga cuí a bhaint amach. Trí idirghníomhú leis an múinteoir agus lena chomhscoláirí agus machnamh a dhéanamh, fásann tuiscint an scoláire air féin mar fhoghlaimeoir teanga. Cuireann sé aithne de réir a chéile ar a chuid straitéisí foghlama agus ar a stíl phearsanta foghlama. Trí thascanna éagsúla teanga a chur i gcrích tuigeann an scoláire na réimsí ar a bhfuil feabhas tagtha maidir lena úsáid teanga, na háiteanna ina bhfuil breis feabhsúcháin ag teastáil agus conas  tabhairt faoin  bhfeabhsúchán sin. Mar thoradh air sin, cuirtear le muinín agus le cumas féinriartha an scoláire i dtaobh na foghlama agus na teanga. Tógann an scoláire ar a scileanna teanga agus digiteacha agus é ag cruthú téacsanna, ag déanamh cumarsáid ar líne, nó ag lorg eolais, rud a chuireann go mór lena litearthacht dhigiteach trí chéile.

Agus a mháistreacht is a mheas ar an nGaeilge  á bhuanú sa scoláire, is amhlaidh a fhásfaidh a chuid  deiseanna chun sult a bhaint as an saol agus an chuid  is fearr a thabhairt uaidh don tsochaí anois, agus san am atá le teacht.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.