Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Litríocht

Dul i ngleic le téacsanna litríochta: cad chuige?

Tá tábhacht nach beag ag baint le hionramháil téacsanna litríochta don scoláire. Moltar go ndéanfar comhtháthú ar fhorbairt scileanna teanga agus ar an litríocht sa seomra ranga chun tacú le forbairt teanga.

Cuireann saothrú na litríochta le forbairt

  • teanga agus litearthachta
  • scileanna criticiúla, agus cruthaitheacha
  • tuiscintí cultúrtha
  • forás  pearsanta.

Is éard is téacs litríochta ann ná téacs ina bhfuil léiriú ann ar bhail nó ar chúinsí an duine aonair, ar scéal a eascraíonn as mothúcháin, as taithí saoil, as cuimhní, as cruachás na staide daonna.

Go minic bíonn léiriú ann ar fhantaisíocht, ar fhinscéalta, ar mhothúcháin, ar uafáis agus ar fhíseanna. Baineann saothair chruthaitheacha; scannáin, gearrscéalta, amhráin, drámaí, dánta, úrscéalta agus araile le croí agus le haigne, le mothúcháin is le samhlaíocht.

Teanga agus litearthacht

Is foinse  den dea-theanga agus den ghnáth-theanga í an litríocht. Cumtar an litríocht don phobal teanga agus is sampla é d’ábhar dílis ina mbíonn réimse leathan réimeanna agus stíleanna teanga i gceist, a chabhraíonn leis an scoláire agus é i mbun forbairt teanga. Is acmhainn thábhachtach í an litríocht mar sin don fhoghlaim, don litearthacht agus d’fhorbairt inniúlachtaí teanga*

* Lazar, G. (1993) Literature and Language Teaching. Cambridge: Cambridge University Press.

Scileanna criticiúla agus cruthaitheacha

Cothaíonn saothrú na litríochta deiseanna cumarsáide, idirghníomhaithe agus idirphlé a mhúsclaíonn samhlaíocht an scoláire agus a thacaíonn le forbairt scileanna cumarsáide, criticiúla agus cruthaitheacha. Scríobh is mó a shamhlaítear leis an litríocht ach is í an labhairt is nádúrtha; má léitear leabhar, má bhreathnaítear ar scannán nó má chloistear amhrán seans maith go labhrófaí faoi. Bíonn léirmhínithe agus dearcthaí difriúla ag daoine ar théacsanna litríochta, ní fheiceann gach duine an bhrí chéanna iontu. Trí shaothrú na litríochta cruthaítear deiseanna don scoláire cur lena scileanna cruthaitheacha agus a chumas criticiúil a shíneadh.

Tuiscintí cultúrtha

Tugtar léargais don scoláire ar an gcultúr trí théacsanna litríochta, litríocht áitiúil/bhéil san áireamh, agus tacaíonn sé seo leis an scoláire ceisteanna agus coincheapa féinfheasachta a fhiosrú. Is iomaí léargas i leith an chultúir dhúchais a bhíonn soiléir nó folaithe i dtéacsanna litríochta.

Forás pearsanta

Is acmhainn thábhachtach í an litríocht don fhorbairt mhothúchánach. Cruthaíonn téacsanna litríochta deiseanna don scoláire comhionannú le carachtair agus leis na mothúcháin atá á nochtadh sna téacsanna. Tacaíonn sé seo leis an scoláire foghlaim faoi nádúr na daonnachta agus faoina shaol féin. Tagann sé seo go mór leis an mbéim  ar chúrsaí folláine sa tsraith shóisearach trí chéile. Tá ról ag gach ábhar sa réimse seo, an Ghaeilge  san áireamh. Imríonn téacsanna litríochta (scannáin, gearrscéalta, amhráin, drámaí, dánta, úrscéalta agus araile) tionchar ar smaointe agus ar mhothúcháin an scoláire.

Tá tábhacht mhór ag baint le roghnú na dtéacsanna litríochta; is gá téacsanna a ndéanfadh an scoláire comhionannú leo agus ina bhféadfadh sé a bheith rannpháirteach go mothúchánach agus go pearsanta a roghnú. Tá ról an scoláire féin i roghnú na dtéacsanna fíorthábhachtach.

Tacóidh  an múinteoir leis an scoláire iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí chun an rogha is oiriúnaí a dhéanamh.

Chun cabhrú leis an gcur chuige,  cuirfear:

  • liosta molta de théacsanna cuí ar fáil don chéad bhliain
  • liosta de sheánraí dualgais le rogha inmheánach de théacsanna ar fáil don dara agus don tríú bliain.

Roghnóidh an scoláire na téacsanna i gcomhpháirt leis an múinteoir. Beidh fáil ar na liostaí ar www.curriculumonline.ie.

Tacóidh na treoirlínte thíos le roghnú na dtéacsanna:

An chéad bhliain

Sa chéad bhliain leagfar bunchloch do shaothrú na litríochta sa dara agus sa tríú bliain. Rachaidh an scoláire i ngleic le téacsanna* as seánraí éagsúla; filíocht/amhránaíocht, drámaíocht, gearrscannánaíocht, úrscéalaíocht, gearrscéalaíocht. Caithfear téacs amháin ar a laghad a fhiosrú as gach rogha seo thíos mar chuid  d’fhoghlaim na chéad bhliana. Cuirfear liosta molta le rogha de théacsanna ar fáil.

  • Filíocht / Amhránaíocht
  • Gearrscéalaíocht
  • Gearrscannánaíocht / Drámaíocht
  • Úrscéalaíocht

Ina theannta sin, cuirfear béim ar an litríocht áitiúil/bhéil. I gcás na litríochta áitiúla/béil roghnófar trí phíosa  litríochta cuí le saothrú. Beidh saoirse ag an múinteoir agus an scoláire ag an leibhéal áitiúil píosaí oiriúnacha dá riachtanais, suimeanna agus gcomhthéacs féin a roghnú.

An dara agus an tríú bliain

Thar thréimhse dhá bhliain roghnóidh an scoláire téacsanna* ó liosta d’fhéidearthachtaí, ach roghnófar ar a laghad:

  • úrscéal (iomlán) amháin
  • dráma (iomlán) amháin
  • cúig dhán/ amhrán
  • dhá ghearrscéal ar a laghad
  • dhá ghearrscannán ar a laghad.

Chomh maith leis sin, déanfaidh an scoláire ionramháil ar chúig phíosa de litríocht áitiúil/bhéil thar thréimhse an dara agus an tríú bliain. Beidh saoirse ag an múinteoir agus an scoláire ag an leibhéal áitiúil píosaí oiriúnacha dá riachtanais, suimeanna agus gcomhthéacs féin a roghnú.

*Téacsanna nár saothraíodh sa chéad bhliain.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.