Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Réamhrá leis an tsonraíocht

Cé dó an tsonraíocht seo?

Tá an tsonraíocht seo dírithe ar chainteoirí dúchais agus ar fhoghlaimeoirí i scoileanna Gaeltachta agus ar scoláirí san earnáil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge (Gaelcholáistí agus Aonaid Lán- Ghaeilge), i gcoitinne.

Tá tírdhreach teangeolaíochta éagsúil sna scoileanna seo. Déanann na scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge (T1*) freastal ar scoláirí le cúlraí éagsúla teanga idir chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí teanga araon; iad siúd a bhfuil an Ghaeilge  acu mar phríomhtheanga sa bhaile, iad siúd a bhfuil Béarla acu mar phríomhtheanga sa bhaile  agus iad siúd a thagann ó theaghlaigh dhátheangacha/ilteangacha.

Sa tsonraíocht seo, tá riachtanais teanga na gcainteoirí dúchais agus na bhfoghlaimeoirí T1 san áireamh. Baineann tábhacht ar leith le heispéireas foghlama teanga saibhrithe a bheith ag na scoláirí seo, go háirithe iad siúd atá ina gcainteoirí dúchais Gaeilge.

Baineann na scoláirí seo úsáid laethúil as an teanga, bíodh sí i réimsí an teaghlaigh, na comharsanachta agus/nó i réimse na scolaíochta. I ngeall ar a ngarthimpeallacht teanga, bheadh scileanna sách forbartha ginchumais agus gabhchumais ag na scoláirí seo. Is iad forbairt, saibhriú agus buanú scileanna teanga is aidhm don tsonraíocht.

Agus scoláirí ag tabhairt faoin  tsonraíocht seo cuireann siad lena stór focal agus le leaganacha dúchais teanga atá logánta. Foghlaimíonn siad an tábhacht a bhaineann le teanga chruinn, shaibhir a úsáid. Toisc go bhfuil an teanga timpeall orthu, cuireann siad aithne mhaith ar bheochultúr na Gaeilge agus bíonn deiseanna acu an cultúr sin a inmheánú. Is céim thábhachtach í an fhoghlaim seo sa tsraith shóisearach do scoláirí agus iad ag fás agus ag forbairt mar úsáideoirí cumasacha, gníomhacha Gaeilge.

 

* Is í T1 an teanga ina bhfeidhmíonn an scoil (Béarla i scoileanna a fheidmhíonn trí mheán an Bhéarla; Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.) Is í T2 an dara teanga (Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla; Béarla i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge).

Conas a thacaíonn an tsonraíocht seo leis an gcainteoir dúchais Gaeltachta?  

Tá an tsonraíocht seo ag tacú leis an gcainteoir dúchais Gaeltachta trí eispéireas foghlama teanga saibhrithe a éascú a chuirfidh ar a chumas

  • scileanna teanga a fheabhsú
  • feasachtaí teanga, cultúrtha agus foghlama a chothú
  • stór focal a leathnú agus a shaibhriú
  • idirdhealú idir chanúintí (lasmuigh dá chanúint féin)
  • díriú ar an teanga mar chóras.i. patrúin teanga a thuisicint
  • réimeanna éagsúla teanga a thuiscint.

Agus, bheifí  ag súil go dtacódh na hinniúlachtaí agus na tuiscintí seo leis an gcainteoir dúchais Gaeltachta chun

  • deiseanna úsáide teanga sa phobal a thapú
  • foghlaim trí Ghaeilge  trasna an churaclaim
  • páirt ghníomhach a ghlacadh i saol an phobail Gaeltachta

Tá sé seo ag teacht le beartais an Stáit i leith na Gaeilge; an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 (2010), Acht na Gaeltachta (2012) agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 (2016).

Mar chuid  den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta leagtar síos critéir don Scoil Ghaeltachta. Ag leibhéal  na hiar-bhunscoile, beidh scoil a aithnítear mar Scoil Ghaeltachta ag cur na sonraíochta T1 seo i bhfeidhm agus ag spreagadh scoláirí, go háirithe cainteoirí dúchais Gaeilge chun tabhairt faoi*.

 

* An Roinn  Oideachais agus Scileanna (2016). Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, Ich 12

Céard iad na scileanna teanga a mbeifí ag súil leo?  

Tá na torthaí foghlama atá luaite leis na trí shnáithe sa tsonraíocht seo ag teacht, a bheag  nó a mhór, leis na tuairiscíní atá le fáil ag B2, is é sin úsáideoir neamhspleách teanga, de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR*). Ní gá go mbeadh na scileanna teanga uile ar an aon leibhéal amháin, d’fhéadfadh an labhairt a bheith ag leibhéal níos airde ná an scríobh mar shampla. Bíonn an scoláire ag brath ar aiseolas  agus treoir an mhúinteora, a chuid  féinfheasachta mar fhoghlaimeoir teanga agus ar dheiseanna úsáide na teanga chun breis forbartha a dhéanamh ar a scileanna teanga.

 

* Leagtar amach leibhéil  éagsúla teanga sa CEFR: A1, A2 (úsáideoir bunúsach), B1, B2 (úsáideoir neamhspleách) agus C1, C2 (úsáideoir oilte). Féach: Comhairle na hEorpa (2001). Common European Reference of Framework for Languages: Learning, Teaching, Assessment. Cambridge: Cambridge University Press.