Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

An Ghaeilge

Nóta: Cuireadh sonraíochtaí athbhreithnithe do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí (T1 agus T2) ar fáil i Meán Fómhair 2023.

Tógann Gaeilge na Sraithe Sóisearaí ar an bhforbairt teanga a tharlaíonn i rith na bunscolaíochta. Déantar treisiú ar stór focal an fhoghlaimeora agus ar na scileanna go léir teanga (an éisteacht, an labhairt, an léitheoireacht, an t-idirghníomhú cainte agus an scríbhneoireacht) a forbraíodh cheana, agus cuirtear leo. Cuirtear béim ar chothú agus ar fhorbairt na feasachta: an fheasacht teanga, an fheasacht chultúrtha mar aon le féinfheasacht an scoláire mar fhoghlaimeoir teanga. 

Faoi láthair tá dhá shiollabas ann don Ghaeilge sa tsraith shóisearach. I scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Ghaeilge is í an Ghaeilge teanga oibre na scoile agus múintear an Ghaeilge T1 mar ábhar. I scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla is é an Béarla teanga oibre na scoile agus múintear an Ghaeilge T2 mar ábhar.
Is féidir leis an iarrthóir tabhairt faoi scrúdú na Gaeilge ag ceann amháin de dhá leibhéal .i. an tArdleibhéal agus an Gnáthleibhéal.

Athbhreithniú luath ar Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí T1 agus T2 :

Tuarascáil ar an Athbhreithniú luath ar chur i bhfeidhm na Sonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 don tSraith Shóisearach.

Nóta ina leagtar amach na príomhleasuithe ar na sonraíochtaí do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí T1 agus T2.