Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Na Ráitis Foghlama

Léirítear sa tábla thíos conas a nascann conas a nascann an tsonraíocht seo don Ghaeilge (T2) sa tsraith shóisearach le cuid de na ráitis foghlama a luaitear sa Chreat don tSraith Shóisearach.

 

Ráitis foghlama ábhartha Samplaí den fhoghlaim ábhartha
RF 2: Éisteann, labhraíonn, léann agus scríobhann an scoláire sa T2 agus i dteanga amháin eile ag leibhéal inniúlachta atá ag teacht lena c(h)umas féin. Glacfaidh an scoláire páirt i raon leathan gníomhaíochtaí teanga chun forbairt a dhéanamh de réir a chumais féin ar a chumarsáid labhartha agus scríofa i réimse leathan comhthéacsanna.
RF 3: Déanann an scoláire réimse leathan téacsanna a chruthú, a thuiscint agus a léirmhíniú go criticiúil. Rachaidh an scoláire i ngleic le réimse leathan téacsanna, chun taitneamh a bhaint astu, chun an t-ábhar iontu a thuiscint agus a mheas.
RF 6: Tuigeann an scoláire mar a chuireann luachanna, creidiúintí agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina maireann sé/sí agus tá meas aige/aici orthu. Trí fhoghlaim agus úsáid na teanga, tuigfidh an scoláire cultúr na Gaeilge agus mar thoradh air sin beidh meas aige ar chultúir eile agus ar éagsúlacht chultúrtha.
RF 16: Déanann an scoláire cur síos ar Phatrúin agus ar choibhneasa agus déanann sé/sí iad a léiriú, a léirmhíniú, a thuar agus a mhíniú. Léireoidh an scoláire tuiscint ar struchtúir agus ar dhul na Gaeilge sa chaint agus sa scríobh.

RF 24: Úsáideann an scoláire an
teicneolaíocht agus uirlisí na meán
digiteacha chun foghlaim, chun cumarsáid a dhéanamh, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil.

Bainfidh an scoláire úsáid chuí as teicneolaíochtaí digiteacha chun tacú le foghlaim agus le húsáid na teanga.

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.