Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Naisc

An ráiteas Samplaí d’fhoghlaim ábhartha
RF 15: Aithníonn an scoláire an úsáid is féidir a bhaint as eolas, scileanna agus tuiscint mhatamaiticiúil i réimsí uile na foghlama. Beidh an scoláire in ann réasúnaíocht uimhriúil a chur i bhfeidhm trí chleachtaí a mharcáil amach ó thoisí a thugtar.
RF 19: Tá luach ag an scoláire ar ról agus cion na heolaíochta agus na teicneolaíochta i leith na sochaí, agus an tábhacht phearsanta, shóisialta agus dhomhanda atá leo. Déanfaidh an scoláire an tionchar a bhíonn ag an teicneolaíocht ar a shaol féin, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol a mheasúnú.

RF 20: Úsáideann an scoláire teicneolaíochtaí cuí chun dul i ngleic le dúshlán deartha.

Cinnfidh an scoláire céard iad na teicneolaíochtaí is feiliúnaí atá ar fáil dó agus cuirfidh sé i bhfeidhm iad chun na critéir a bhaineann le dúshlán a shásamh.
RF 21: Cuireann an scoláire scileanna praiticiúla i bhfeidhm de réir mar a fhorbraíonn sé/sí múnlaí agus táirgí ag baint úsáide as ábhair agus as teicneolaíochtaí éagsúla. Déanann an scoláire samhaltú agus innealtóireacht ar tháirgí. Spreagann an próiseas seo an scoláire a scileanna praiticiúla a fhorbairt agus é ag oibriú le raon ábhar agus teicneolaíochtaí.

RF 23: Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú.

Forbróidh an scoláire táirge chuig an gcéim dheiridh ó líníocht oibre, dá chuid féin nó ó dhuine eile.
RF 24: Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteach chun foghlaim, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil. Úsáidfidh an scoláire uirlisí meán digiteach chun taighde a dhéanamh ar réitigh innealtóireachta, chun iad a chruthú agus a chur i láthair, réitigh ar féidir leo tionchar dearfach a bheith acu ar an gcomhshaol agus ar inbhuanaitheacht agus cur le todhchaí níos fearr.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.