Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Cuireann gach ábhar teicneolaíochta eispéiris dhifriúla ar fáil don scoláire a chuireann leis an oideachas a fhaigheann sé i réimse na teicneolaíochta. Mar thoradh air sin, ní bhaineann scoláire a ullmhú don fhoghlaim sna hábhair theicneolaíochta le teagasc i dtreo na teicneolaíochta amháin ach i dtreo na scileanna atá bunúsach do na hábhair theicneolaíochta agus is féidir a aistriú chuig réimsí eile foghlama: scileanna a spreagann an scoláire le fadhbanna a réiteach trí chruthaitheacht, nuálaíocht, cumarsáid, comhoibriú agus iniúchadh, agus déantar gach ceann díobh sin a fhorbairt i dtimpeallacht ghníomhach foghlama ina bhféadfaidh an scoláire a chuid smaointe a chur chun cinn ón mbunsmaoineamh go baint amach.

Téann Innealtóireacht i ngleic le próiseas an dearaidh thimthriallaigh chun táirgí agus córais a tháirgeadh a chloíonn le gnásanna agus caighdeáin shainmhínithe. Dírítear in Innealtóireacht na sraithe sóisearaí ar fadhbréiteach sprioc-dhírithe chun táirgí a dhéanamh, le béim ar éifeachtúlacht, beachtas, cruinneas agus bailchríoch d’ardchaighdeán. Don chur chuige tionscadalbhunaithe seo i leith Innealtóireacht na sraithe sóisearaí, is gá don scoláire eolas a fhorbairt ar ábhair agus ar phróisis, agus cumas a léiriú chun na hábhair agus na próisis chuí a roghnú d’fheidhmeanna ar leith.  

Tugtar léargas eile don scoláire leis an Innealtóireacht chun féachaint ar ról agus ar thionchar na hinnealtóireachta sa seomra ranga, sa phobal agus i gcomhthéacs an domhain mhóir. Ach staidéar a dhéanamh ar an innealtóireacht, beidh deis ag an scoláire feidhmiú mar innealtóir agus meon innealtóireachta a fhorbairt. Tá an próiseas innealtóireachta machnamhacha agus córasach. Tá sé machnamhach sa chaoi go dtástálann an scoláire a dhearadh go leanúnach agus go mionathraíonn sé é bunaithe ar an méid a fhoghlaimíonn sé. Tá sé córasach sa chaoi go dtugann an scoláire faoi roinnt céimeanna saintréitheacha chun teacht ar réiteach. Sainaithníonn an scoláire fadhbanna, comhtháthaíonn sé smaointe faoin gcaoi leis na fadhbanna aitheanta a réiteach, agus déanann sé iarracht an dearadh a fheabhsú nó ceann níos fearr a cheapadh.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.