Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Díríonn an Innealtóireacht ar thuiscint an scoláire ar fheidhmeanna agus ar thionchar na dteicneolaíochtaí sa domhan mórthimpeall air a fhorbairt agus ar scileanna an scoláire i ndáil leis na teicneolaíochtaí sin a fhorbairt. Bainfear é sin amach trí thrí shnáithe chomhthéacsúla idirnasctha: Próisis agus prionsabail, An dearadh a chur i bhfeidhm agus An mheicitreonaic.

Sa snáithe seo, foghlaimeoidh an scoláire faoi na bunphróisis agus na bunphrionsabail a bhaineann leis an innealtóireacht agus úsáidfidh sé iad. Cuirfidh an scoláire an t-eolas atá aige ar ábhair agus ar threalamh i bhfeidhm chun táirgí a dhearadh agus a dhéanamh.

Spreagfar an scoláire chun na prionsabail agus próisis innealtóireachta a úsáid, mar aon le beachtas agus cruinneas, le cuidiú chun ‘meon’ innealtóireachta a fhorbairt a mbeidh réitigh nuálacha agus éifeachtacha d’ardchaighdeán agus a bhfuil bailchríoch iontach orthu a tháirgeadh mar thoradh air.

Sa snáithe seo, foghlaimeoidh an scoláire faoi na príomhchéimeanna i bpróiseas dearaidh na hinnealtóireachta. Beidh tuiscint aige ar an tábhacht a bhaineann leis an dearadh do thaithí an úsáideora deiridh agus do thionchar geilleagrach agus sóisialta an táirge.

Gheobhaidh sé amach an chaoi a n-úsáidtear rogha mhaith ábhar agus próiseas le chéile chun réiteach a chur ar fáil atá feidhmiúil agus éifeachtach. Foghlaimeoidh an scoláire an luach atá le bainistíocht tionscadal mhaith agus leis féin agus forbairt an táirge a bhainistiú tríd an turas ón dearadh go dtí céim na déantúsaíochta.

Sa snáithe seo, úsáidfidh an scoláire meascán d’innealtóireacht mheicniúil, déantúsaíochta, leictreonaic agus bogearraí chun an caidreamh idir ionchuir, próisis agus aschuir shimplí a fhiosrú.

Sa Mheicitreonaic téann an scoláire i ngleic le foghlaim faoin gcaoin a ndéantar déantúsaíocht ardteicneolaíochta agus cén fáth a bhfuil sí ar cheann de na réimsí gairme is mó fáis. Forbróidh an scoláire léirthuiscint don chaoi a bhfeidhmíonn córais rialaithe ar scála i bhfad níos mó agus measfaidh sé an chaoi ar féidir le dearadh na gcóras rialaithe tionchar dearfach a imirt ar an gcomhshaol agus inbhuanaitheacht. Beidh léirthuiscint aige don ról a d’fhéadfadh a bheith ag Innealtóireacht chun ‘córais smaointeoireachta’ a úsáid chun táirgí agus seirbhísí a dhearadh a chuireann le todhchaí níos fearr. 

I ngach ceann de na snáitheanna, baintear úsáid as ceithre ghné: Eolas agus feasacht ar an innealtóireacht, Nuáil agus fiosrú, Forbairt agus déantúsaíocht agus Cumarsáid lena gcruthaítear creat le haghaidh foghlama a chinntíonn taithí foghlama chomhleanúnach don scoláire.

Ceapadh na torthaí foghlama sa ghné seo chun feasacht an scoláire a mhéadú agus eolas an scoláire a fhorbairt ar na prionsabail agus forbairtí ábhartha innealtóireachta. Foghlaimeoidh an scoláire leis na hábhair agus an trealamh atá ar fáil dó san Innealtóireacht a úsáid ina chinntí faoin ábhar agus an acmhainn a roghnóidh sé chun innealtóireacht a dhéanamh ar tháirge nó réiteach.

Sa ghné seo, spreagfaidh na torthaí foghlama an scoláire le feidhmeanna na hinnealtóireachta sa saol mórthimpeall air a fhiosrú. Déanfaidh an scoláire taighde ar fhorbairtí reatha agus atá ag teacht chun cinn agus gheobhaidh sé léirthuiscint dá dtionchar agus a bhfeidhm féideartha i dtáirge innealtóireachta.

Sa ghné seo, forbróidh na torthaí foghlama cumas an scoláire chun táirgí agus réitigh a tháirgeadh trí ábhair éagsúla. Nascann an scoláire a fhoghlaim ó ghnéithe eile chun innealtóireacht a dhéanamh ar tháirgí chuig caighdeán ard, feidhmiúil. Dírítear go príomha ar éifeachtúlacht, beachtas, cruinneas agus bailchríoch d’ardchaighdeán.

Sa ghné seo ar fad, spreagtar an scoláire leis na torthaí foghlama le meáin oiriúnacha a úsáid d’fhonn eolas teicniúil agus smaointe dearaidh agus an chaoi a dtéann an teicneolaíocht i bhfeidhm ar an timpeallacht mórthimpeall air a chur in iúl.

Baineann Innealtóireacht úsáid as cur chuige trasdisciplíneach a chuireann nascadh na dtrí snáithe chun cinn i dteagasc agus i bhfoghlaim an ábhair. Dearadh í d’íosmhéid 200 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.

Tá sé d’aidhm ag an tsonraíocht seo cothromaíocht a bhaint amach idir doimhneacht agus leithead staidéar an ábhair. Tugann sé sin méid áirithe solúbthachta agus saoirse don mhúinteoir chun an fhoghlaim a éascú ar bhealach a léiríonn roghanna, fiosracht agus cruthaitheacht an scoláire féin. Ba chóir gnóthachtáil na dtorthaí foghlama a phleanáil ar bhealach atá gníomhach agus spreagúil.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.