Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuimseoidh na samplaí seo obair:

  • atá thar barr ar fad
  • atá os cionn na n-ionchas
  • atá ag teacht leis na hionchais.

Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i bhfíorchásanna.

 

Torthaí foghlama

Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar an Innealtóireacht sa tsraith shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Leagann an tsonraíocht amach gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus mar sin de, cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire san Innealtóireacht go dtí deireadh na sraithe sóisearaí.
Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. Cuirtear Innealtóireacht na sraithe sóisearaí ar fáil ag leibhéal comónta. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtaireacht agus léargais a thacaíonn le hidirdhealú agus cleachtais chuimsitheacha an tseomra ranga.

 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Eolas agus feasacht ar an innealtóireacht
  1. 1.1

    na coincheapa agus na cuir chuige a theastaíonn chun fadhb innealtóireachta a réiteach a thuiscint

  2. 1.2

    raon próisis déantúsaíochta a thaispeáint

  3. 1.3

    na caighdeáin sláinte agus sábháilteachta a aithint agus cloí leo

  4. 1.4

    na hairíonna a bhaineann le raon ábhair innealtóireachta a thuiscint

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Nuáil agus fiosrú
  1. 1.5

    taighde a dhéanamh ar fheidhmeanna na bhforbairtí teicneolaíochta reatha agus atá ag teacht chun cinn

  2. 1.6

    dul i ngleic le disciplíní innealtóireachta éagsúla  ach iad a chur i bhfeidhm ar fheidhmeanna laethúla

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Forbairt agus déantúsaíocht
  1. 1.7

    réitigh innealtóireachta ar dhúshláin éagsúla a fhorbairt

  2. 1.8

    uirlisí agus trealamh atá oiriúnach do thasc ar leith a aithint

  3. 1.9

    próisis déantúsaíochta oiriúnacha a chur i bhfeidhm chun innealtóireacht a dhéanamh ar tháirge

  4. 1.10

    ardchaighdeán oibre a léiriú, agus beachtas agus bailchríoch dromchla san áireamh

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Cumarsáid
  1. 1.11

    sceitsí, múnlaí agus líníochtaí oibre a chruthú

  2. 1.12

    líníochtaí oibre a léirmhíniú

  3. 1.13

    an teanga agus na nodaireachtaí teicniúla cuí a úsáid

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Eolas agus feasacht ar an innealtóireacht
  1. 2.1

    na príomhchéimeanna i bpróiseas dearaidh na hinnealtóireachta a thuiscint

  2. 2.2

    meastóireacht a dhéanamh ar na cúinsí a mbíonn tionchar acu ar dhearadh

  3. 2.3

    ábhar oiriúnach a roghnú chun innealtóireacht a dhéanamh ar tháirge

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Nuáil agus fiosrú
  1. 2.4

    an tionchar a bhíonn ag dearadh ar fheidhm agus ar cháilíocht táirge lena n-áirítear breithnithe eirgeanamaíochta a fhiosrú

  2. 2.5

    na coincheapa agus cuir chuige innealtóireachta chuí a chur i bhfeidhm agus a réitigh dearaidh á mbaint amach

  3. 2.6

    an fhaisnéis ábhartha a úsáid chun dearadh agus feidhm a bhreisiú

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Forbairt agus déantúsaíocht
  1. 2.7

    a eolas faoi na hairíonna a bhaineann le raon ábhair innealtóireachta a chur i bhfeidhm

  2. 2.8

    táirge a dhéanamh ó líníocht oibre

  3. 2.9

    táirge/dearadh reatha a chur in oiriúint

  4. 2.10

    teicnící bunúsacha bainistíochta tionscadal a chuimsiú

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Cumarsáid
  1. 2.11

    smaointe a chur i láthair trí shamhaltú agus fréamhshamhlacha, leis na meáin chuí

  2. 2.12

    a chinntí dearaidh a chur in iúl le meáin oiriúnacha

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Eolas agus feasacht ar an innealtóireacht
  1. 3.1

    míniú a thabhairt ar fheidhmiú na gcóras meicitreonaice

  2. 3.2

    an caidreamh idir ionchuir, próisis agus aschuir do chórais rialaithe bhunúsacha a fhiosrú

  3. 3.3

    léirthuiscint a léiriú do mheicníochtaí a chur i bhfeidhm i gcóras rialaithe

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Nuáil agus fiosrú
  1. 3.4

    feidhm na gcóras i suíomh innealtóireachta ar nós an tseomra ranga, an bhaile agus an tionscail a fhiosrú

  2. 3.5

    tionchar na meicitreonaice ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí a iniúchadh

  3. 3.6

    córais bhunúsacha mheicitreonaice a chumrú agus a fheidhmiú le bogearraí cuí

  4. 3.7

    córas bunúsach meicitreonaice a dhearadh leis féin nó go comhoibritheach

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Forbairt agus déantúsaíocht
  1. 3.8

    córas bunúsach meicitreonaice le hionchuir nó aschuir shonracha a thógáil agus a thástáil

  2. 3.9

    meicitreonaic bhunúsach a chuimsiú ina tháirgí innealtóireachta

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Cumarsáid
  1. 3.10

    príomhfhaisnéis a léiriú leis na meáin chuí

  2. 3.11

    a rogha córas is cuí do chuspóir sonraithe a chosaint

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.