Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Príomhscileanna

I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. Sainaithnítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le gníomhaíochtaí foghlama san Innealtóireacht. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga. Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí.

An phríomhscil Gné na príomhscile Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama an scoláire
A bheith cruthaitheach Roghanna a fhiosrú Déanfaidh an scoláire taighde ar theicneolaíochtaí malartacha chun oibríochtaí a dhéanamh.
A bheith liteartha Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas Roghnóidh an scoláire na meáin is oiriúnaí chun na smaointe/réitigh a chur in iúl.
A bheith uimheartha Smaointe a chur in iúl go matamaiticiúil

Bainfidh an scoláire úsáid as nodaireacht cheart mhatamaiticiúil agus toisí á gcur in iúl aige.

Cumarsáid Teanga a úsáid Úsáidfidh an scoláire an teanga cheart theicniúil agus cur síos á dhéanamh ar phróiseas agus smaointe á gcur i láthair.
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil Rachaidh an scoláire i mbun na smaointeoireachta nuálaí chun réiteach a dhearadh agus déanfaidh sé critíc ar an réiteach bunaithe ar na riachtanais a bhaineann leis an bhfadhb.
Mé féin a bhainistiú Spriocanna pearsanta a shocrú agus a bhaint amach Leagfaidh an scoláire plean oibre amach agus cuirfidh sé i bhfeidhm é chun an tionscadal a thabhairt chun críche.
Fanacht folláin A bheith dearfach faoin bhfoghlaim Spreagfar an scoláire chun fiosracht a fhorbairt faoi ildisciplíní na hinnealtóireachta agus dearcadh dearfach a fhorbairt ar an ábhar.
Obair le daoine eile Ag comhoibriú Comhoibreoidh an scoláire le scoláirí eile chun réitigh innealtóireachta a dhearadh agus a thógáil.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.