Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Leanúnachas agus dul chun cinn

Dul chun cinn ón mbunscoil go dtí an tsraith shinsearach
Curaclam na bunscoile

Cé nach ábhar ná réimse neamhspleách í an Innealtóireacht i gCuraclam na Bunscoile, trína cuid snáitheanna, gnéithe agus torthaí, is féidir le hInnealtóireacht na sraithe sóisearaí foghlaim ábhartha a tharla cheana ar leibhéal na bunscoile a chur chun cinn.

Tagraíonn ábhair agus réimsí éagsúla sa churaclam bunscoile, ar nós na heolaíochta, na matamaitice agus na nAmharc-ealaíon, do scileanna réitigh fadhbanna, scil ar príomhscil í san Innealtóireacht. Agus é ar an mbunscoil, téann an foghlaimeoir i mbun gníomhaíochtaí éagsúla forbartha lena bhforbraítear a chuid cruthaitheachta. Tá a chuid scileanna mínluaile, beachtas agus réasúnú spásúil á bhforbairt aige chomh maith, a bhaineann go díreach le staidéar na hInnealtóireachta.

An tsraith shinsearachForbraíonn an staidéar ar Innealtóireacht na sraithe sóisearaí bonn foghlama don scoláire ionas gur féidir leis leanúint ar aghaidh lena chuid staidéir i réimse na n-ábhar teicneolaíochta i gclár na hArdteistiméireachta agus i gclár na hArdteistiméireachta Feidhmí araon.

Tá an t-ábhar Innealtóireacht ar fáil ar chláir na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí faoi seach. Tá naisc láidre ag na torthaí foghlama in Innealtóireacht na sraithe sóisearaí le haidhmeanna an dá ábhar. Cuireann Innealtóireacht roinnt comhpháirteanna de Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta i láthair, go háirithe snáithe 3, An mheicitreonaic. Tá sé mar aidhm ag na gníomhaíochtaí a mbíonn an scoláire páirteach iontu le linn na sraithe sóisearaí scoláire teicniúil a fhorbairt agus ba chóir go mbeadh sé in ann tabhairt faoi aon disciplín a bhaineann le hábhair teicneolaíochta sa tsraith shinsearach.
 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.