Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ráitis Foghlama

An ráiteas  Sampla d’fhoghlaim ábhartha 
RF 2: Éisteann, labhraíonn, léann agus scríobhann an scoláire sa T2 agus i dteanga amháin eile ag leibhéal inniúlachta atá ag teacht lena c(h)umas féin. Tabharfaidh an scoláire faoi gníomhaíochtaí agus tascanna teanga a dhíríonn ar leibhéal inniúlachta cuí a bhaint amach i dteanga chlasaiceach, ag cur ar a chumas léirthuiscint a fháil ar phríomhghnéithe agus litríocht na teanga roghnaithe. agus tuiscint ar an gcaoi a n-oibríonn teangacha agus a n-athraíonn siad le himeacht ama. 
RF 3: Déanann an scoláire réimse leathan téacsanna a chruthú, a mheas agus a léirmhíniú go criticiúil. Rachaidh an scoláire i ngleic le traidisiún litríochta saibhir, siamsúil agus tábhachtach an domhain chlasaicigh, ag léamh agus ag smaoineamh go criticiúil ar ábhar, téamaí agus stíleanna scéalaíochta de réir mar a fhiosraíonn sé foinsí scríofa éagsúla ó inscríbhinní agus graifítí go dtí tragóid agus eipic.
RF 5: Tá feasacht ag an scoláire ar luachanna pearsanta agus tuiscint ar an bpróiseas chun cinnteoireacht ar bhonn morálta a dhéanamh. Scrúdóidh an scoláire cásanna éagsúla ina ndéanann carachtair stairiúla agus mhiotasacha cinntí eiticiúla bunaithe ar a luachanna (idir phearsanta agus chultúrtha) agus déanfaidh sé na cinntí sin a mheas agus a phlé.
RF 6: Tuigeann an scoláire an chaoi a gcuireann luachanna, creidiúintí agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina maireann sé/sí agus tá meas aige/aici orthu.  Fiosróidh an scoláire foinsí chun na luachanna, creidimh agus traidisiúin thábhachtacha a bhí mar bhonn eolais do shochaí na Gréige agus na Róimhe a shainaithint, agus déanfaidh sé iad a mheas i gcomhthéacs a chultúir agus a phobail féin.
RF 8: Tá meas ag an scoláire ar an oidhreacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tuigeann sé/sí an tábhacht atá ag an ngaol idir eachtraí atá thart agus eachtraí reatha, agus tábhacht na bhfórsaí is cúis le hathrú.  Fiosróidh an scoláire na fórsaí polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha a spreagann athrú sóisialta, ar nós chothromaíocht na cumhachta, dáileadh saibhris, dearcthaí i leith aitheantais agus cuir chuige i leith éagsúlacht chultúrtha. 
Fiosróidh an scoláire an tionchar mór a bhí ag traidisiúin na Sean-Ghréige agus na Róimhe ar ealaín, ailtireacht, litríocht, polaitíocht agus fealsúnacht an iarthair.
RF 16: Déanann an scoláire cur síos ar phatrúin agus ar choibhneasa agus déanann sé/sí iad a léiriú, a léirmhíniú, a thuar agus a mhíniú.

Tá tuiscint ag an scoláire ar phatrúin agus ar chaidrimh trí dhul i ngleic le gnéithe a bhaineann le sanasaíocht, trí nósanna scéalaíochta a fhiosrú agus trí léirithe físiúla agus ó bhéal ar charachtair mhiotasacha agus stairiúla a chur i gcomparáid lena chéile.

Scrúdóidh an scoláire an chaoi a léirítear eagraíochtaí agus nósanna sóisialta i spásanna príobháideacha agus poiblí, agus déanfaidh sé bunstruchtúir chultúr na Gréige agus na Róimhe a iniúchadh. 

RF 23: Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú. Oibríonn an scoláire amach coincheap cruthaitheach (ar nós scéil nó léiriú foirgnimh) agus cinneann sé an chaoi lena thabhairt chun críche. Baineann an próiseas seo le dul trí thobsmaointeoireacht, plé, taighde, cur i láthair, gabháil, meastóireacht agus machnamh.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.