Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Príomhscileanna

I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Léiríonn Fíor 1 thíos príomhscileanna na sraithe sóisearaí. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo.

Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí.

An phríomhscil  Sampla de ghné na príomhscile Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama gaolmhara an scoláire
A bheith uimheartha  Meon dearfach a fhorbairt i leith iniúchadh, réasúnaíochta agus réiteach fadhbanna Trí thabhairt faoi thaighde thairbheach agus ábhartha agus trí mhachnamh a dhéanamh ar léirithe agus struchtúir chultúrtha, foghlaimíonn an scoláire na buntáistí agus faigheann sé taithí ar an sásamh a bhaineann le cur chuige córasach, loighciúil agus smachtaithe ar an bhfiosrúchán, réasúnaíocht agus réiteach fadhbanna.
A bheith liteartha Mo thuiscint ar fhocail agus ar theanga agus an taitneamh a bhainim astu a fhorbairt Déanfaidh an scoláire a fheasacht ar theanga a dhoimhniú trí fhiosrú mion a dhéanamh ar théacsanna i bhformáidí éagsúla. Éireoidh sé níos muiníní sa teanga ag cur lena stór focal agus ag foghlaim faoi shanasaíocht focal. Déanfaidh sé eochairfhocail agus eochairthéarmaí a bhaineann le disciplíní éagsúla a fhiosrú, litríocht, tíreolaíocht, stair, fealsúnacht, polaitíocht, ealaín agus ailtireacht ina measc.
Mé féin a bhainistiú A bheith in ann machnamh a dhéanamh ar mo chuid foghlama féin Foghlaimeoidh an scoláire le láidreachtaí agus laigí pearsanta a shainaithint agus machnamh a dhéanamh orthu, a chuid roghanna agus cinntí a mheas, cuidiú a lorg agus a bheith oscailte don aiseolas ar bhealach a éascaíonn athbhreithniú agus feabhsú. Tabharfaidh sé seo spreagadh don scoláire úinéireacht a ghlacadh ar scileanna, coincheapa agus meoin áirithe a bhaineann leis an ábhar, agus beidh sé in ann a chumais agus a spéiseanna a fhorbairt ar bhonn leanúnach. 
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil Déanann an scoláire forbairt agus léiriú an charachtair a fhiosrú trí staidéar a dhéanamh ar an eipic, ar dhrámaíocht agus ar scéalta miotasacha agus stairiúla eile. Úsáideann sé stór focal criticiúil cuí chun freagra cruthaitheach a thabhairt ar fhaisnéis fhísiúil agus ó bhéal agus chun meastóireacht a dhéanamh ar a leithéid, de réir mar atá sé ag samhlú, ag fiosrú, ag míniú, ag tabhairt tráchtaireachta, ag achoimriú nó ag athdhearadh na bpíosaí a chuala, a chonaic nó a léigh sé.
A bheith cruthaitheach

Foghlaim go cruthaitheach

Ag samhlú 

Féadfaidh an scoláire a shamhlaíocht a ligean saor thar dhisciplíní agus gníomhaíochtaí éagsúla, is cuma más ag déanamh iarrachta foirgneamh a atógáil óna iarsmaí, ag breathnú ar ghnáthshaol laethúil ó dhearcadh déagóra Rómhánaigh, nó ag cur radharc miotasach ar stáitse atá sé.
Cumarsáid Plé agus díospóireacht Baineann an scoláire taitneamh as na deiseanna rialta a chuirtear ar fáil dó a smaointe ar charachtair, luachanna, dearcthaí, ócáidí agus Téamaí
I measc na dtéamaí don Ghaeilge tá: mé féin, sa bhaile, an scoil, bia, an teilifís, siopadóireacht, caitheamh aimsire, éadaí, an aimsir agus ócáidí speisialta. Is féidir leis an múinteoir go leor topaicí a roghnú as na téamaí. D’fhéadfaí na topaicí seo a leathnú chun ábhar atá spéisiúil don pháiste a chur san áireamh freisin.
a roinnt, a phlé agus díospóireacht a dhéanamh orthu, agus foghlaimeoidh sé le glacadh le dearcadh agus an dearcadh sin a chosaint i mbealach atá freagrach agus áititheach. 
Obair le daoine eile Meas a léiriú ar an éagsúlacht Foghlaimeoidh an scoláire le caidrimh lena chomhscoláirí agus le múinteoirí a láimhseáil le linn gníomhaíochtaí grúpa agus comhoibritheacha. Caithfidh sé am ag éisteacht go gníomhach le scoláirí eile agus ag roinnt smaointe go hionraic agus go leochaileach; foghlaimeoidh sé le meas a léiriú ar dhearcthaí agus smaointe daoine eile agus iad a chur san áireamh. 
Fanacht folláin A bheith dearfach faoin bhfoghlaim Glacfaidh an scoláire páirt i ngníomhaíochtaí agus tascanna foghlama atá ilghnéitheach, spreagúil agus tairbhiúil, a spreagfaidh agus a mhúsclóidh a chuid fiosrachta agus a dhúil chun níos mó staidéir a dhéanamh ar an léann clasaiceach. Cothófar meon dearfach ann i leith foghlaim agus fás mar dhuine. 
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.