Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thaifead agus a thuairisciú, na bealaí cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam difreálach a shocrú, nó chun réimsí deacrachta nó láidreachta ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán.

Leagann an tsraith shóisearach an-bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh/na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú i Léann Clasaiceach na sraithe sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith in rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid foghlama féin agus an deis dá réir a bheidh ag múinteoirí tacú leis sin. Tá sé sin ag brath ar dheiseanna a bheith á soláthar don fhoghlaimeoir chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus braitheann sé ar chaighdeán an aiseolais dhírithe a fhaigheann sé chun cabhrú leis ina chuid foghlama.

Gné an-tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid foghlama agus is toisc lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le tasc casta nó le fadhb chasta. Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cinnteoidh an cur chuige sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Tá áit thábhachtach ann fós don mheasúnú deiridh, ach níl ann ach gné amháin de chur chuige níos leithne i leith an mheasúnaithe.

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba chóir léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Chun tacú leis sin, beidh teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar ábhar tacaíochta measúnaithe atá ar fáil ar líne. I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair, dírítear ar ábhar tacaíochta foghlama, teagaisc agus measúnaithe lena n-áirítear:

  • measúnú foirmitheach
  • pleanáil le haghaidh measúnú agus é a dhearadh
  • measúnuithe leanúnacha le húsáid sa seomra ranga
  • breithiúnas a thabhairt ar obair an scoláire – ag breathnú ar ionchais maidir le scoláirí agus ar ghnéithe cáilíochta
  • tuairisciú do thuismitheoirí agus don scoláire
  • smaoineamh faoin measúnú: smaointe, taighde agus machnamh
  • gluais measúnaithe.

Áireofar san ábhar tacaíochta ar líne an réimse tacaí measúnaithe, comhairle agus treoirlínte a chuireann ar chumas scoileanna agus múinteoirí tabhairt faoin gcóras nua measúnaithe agus faoi na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolach, le muinín agus le cinnteacht.

Cuimseoidh an measúnú ar an Léann Clasaiceach le haghaidh Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí dhá Mheasúnú Rangbhunaithe, agus scrúdú deiridh. Lena chois sin, beidh Tasc Measúnaithe scríofa i gceist leis an dara Measúnú Rangbhunaithe a mharcálfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit i dteannta an Mheasúnaithe Deiridh. Cuirfidh an scoláire an Measúnú Rangbhunaithe do shnáithe 1 i gcrích (i dtreo dheireadh an dara bliain) agus ansin an dara Measúnú Rangbhunaithe do shnáithe 2 (comhpháirt staidéar an léinn chlasaicigh) nó snáithe 3 (comhpháirt na teanga clasaicí) sa dara téarma den tríú bliain. Cuirfear na measúnuithe ar fad ar fáil ag leibhéal comónta. 

Bhí scéalta ann ó thús an chine dhaonna. Ó na scéalta a insíodh sna pictiúir in uaimheanna ársa go dtí na scéalta a insítear do pháistí óga, tá scéalta ina gcuid dár stair agus treoraíonn siad ár dtodhchaí. Baineann go leor cumhachta leo agus tá siad ina gcuid de gach cultúr. Múintear moráltacht sna scéalta seo agus féadfaidh siad stair a mhúineadh chomh maith. Cuireann siad siamsaíocht ar fáil dúinn. Cuireann siad ag smaoineamh muid faoi rudaí i mbealaí nár bhreathnaíomar orthu roimhe go dtí seo. Cuireann siad ag gáire muid. Cuireann siad ag caoineadh muid. Bíonn insint scéalta i gcroílár an naisc a bhíonn idir daoine.  

Baineann luachanna móra leis an scéalaíocht don duine a insíonn an scéal mar aon leis na daoine a éisteann leis an scéal. I measc na luachanna a chothaíonn an scéalaíocht ina rannpháirtithe, tá an luach go gcuireann sí feabhas lenár scileanna litríochta agus samhlaíochta. Cuirimid lenár gcumas éisteachta, labhartha, samhlaithe agus cumtha. Cuireann an scéalaíocht lenár bhfeasacht ar ár gcultúr féin mar aon le cultúr daoine eile, ligean sí dúinn tuiscint níos fearr a fháil orainn féin agus spreagann sí mothúcháin ionann mar go bhfuilimid mar bhall de ghrúpa. 

Bíonn an scéalaíocht cumhachtach ag cabhrú leis an scoláire patrúin a aithint i dteanga, ag spreagadh a chumais cruthaitheachta, ag cur samplaí ar réiteach fadhbanna agus ar chinnteoireacht ar fáil dó, agus ag cabhrú leis an scoláire scileanna i bplé agus san iompraíocht idirphearsanta chomhoibríoch a fhorbairt. Is iomaí cineál scéal atá ann a insítear ar son cúiseanna difriúla. Is gné amháin a bhaineann leis an domhan iontach seo den scéalaíocht an mhiotaseolaíocht.

Is í an mhiotaseolaíocht an fhoirm is aosta den scéalaíocht agus is é an sainmhíniú is fearr atá ar mhiotais ná scéalta nó sraith scéalta a bhfuil ciall shiombalach shuntasach do chultúr ar leith iontu. Tugtar scéalta dúinn i miotais faoi shibhialtachtaí agus na deacrachtaí a bhí acu maireachtáil agus a mbuanna i gcoinne sainte agus oilc. Is minic a mbíonn déithe agus bandéithe, leathdhéithe, laochra/banlaochra osnádúrtha agus daoine iontu. Cuirtear taithí spioradálta agus córais chreidimh seanbhunaithe, traidisiúin chultúrtha agus eiseamláirí iompair in iúl iontu agus bíonn go leor ciall shiombalach leo chomh maith. 

Sa Mheasúnú Rangbhunaithe seo forbraíonn an scoláire a chumas scéalaíochta féin, ag cur teicnící na scéalaíochta i bhfeidhm chun a mhiotas féin a chumadh, chun treoirleabhair scéalaíochta a ullmhú, chun miotas eile a oiriúnú nó chun miotas a chur i láthair lucht éisteachta. Agus miotas á chumadh aige, nó miotas atá ann á oiriúnú do chomhthéacs nua, foghlaimeoidh an scoláire le smaoineamh a thabhairt ar aghaidh ó cheapadh go réadú. Féadfar an miotas a chur i láthair i gcomhthéacs nua-aimseartha, nó i gcomhthéacs an domhain ársa, ach ní mór cloí le gnásanna agus teicnící a bhaineann le miotas a scríobh de réir mar a fiosraíodh iad sa seomra ranga. 

Déanfaidh an scoláire na rudaí seo a leanas a fhiosrú tríd an Measúnú Rangbhunaithe seo: 

  • na buntáistí agus na cuspóirí a bhaineann le miotas a úsáid mar mhodh scéalaíochta 
  • na príomhghnéithe a bhaineann le miotas ar insíodh go maith é
  • an chaoi a bhforbraítear miotas agus a n-ullmhaítear é le chur i láthair lucht éisteachta
  • a chumas scéalaíochta a fhorbairt agus a fheabhsú trí mheán an mhiotais. 

Féadfaidh an scoláire a mhiotas a chur i láthair i mbealaí éagsúla le cuir chuige éagsúla, nó in aon bhealach ina léirítear éirim an scéil atá á insint aige; an teachtaireacht nó an mhoráltacht atá sé ag iarraidh a chur in iúl. D’fhéadfadh an scoláire na roghanna seo a leanas a fhiosrú: 

  • dráma a dhéanamh de scéal nó miotas
  • leagan nua de mhiotas a scríobh
  • a mhiotas féin a scríobh
  • miotas nó finscéal ata ann cheana a oiriúnú 
  • cartún nó úrscéal grafach a chruthú bunaithe ar fhinscéal nó miotas
  • miotas a chur in iúl go físiúil.

Ní liosta uileghabhálach é seo, úsáidtear é chun chur chuige nó stíl a d’fhéadfadh an scoláire a úsáid a mholadh. Is féidir leis na roghanna thuasluaite forluí ar a chéile, níl teorainn ar bith leis an rogha is féidir leis an scoláire a dhéanamh. Is féidir an scéal a chur i láthair i bhfoirm scríofa, dhigiteach, físe nó fuaime, nó in aon fhormáid eile a mheasann an scoláire a bheith oiriúnach chun bunbhrí a smaointe a thabhairt le fios. 

Cuirtear béim ar chuspóir agus tuiscint an mhiotais a fhiosrú mar fhoirm agus mar mhodh scéalaíochta agus tá an bhéim sin mar bhonn ag an Measúnú Rangbhunaithe seo. 

Cuirfidh an scoláire an Measúnú Rangbhunaithe seo i gcrích i dtreo dheireadh an dara bliain.

Tabharfaidh an scoláire a roghnaíonn snáithe 2, comhpháirt staidéar an léinn chlasaicigh, faoin Measúnú Rangbhunaithe seo. 

Tá dhá thosaíocht ag baint leis an Measúnú Rangbhunaithe seo: deis a thabhairt don scoláire taighde neamhspleách a dhéanamh, agus a chuid scileanna cumarsáide agus comhoibrithe a fhorbairt. 

Sa Mheasúnú Rangbhunaithe seo, cuirfidh an scoláire taifead le chéile ar an gcuairt a shamhlaíonn sé a thug sé ar fhoirgneamh poiblí  i gcathair na Róimhe. Ní féidir foirgneamh a ndearnadh staidéar air mar chuid de shnáithe 2 (comhpháirt staidéar an léinn chlasaicigh) a roghnú. D’fhág an scoláire (agus é ag taisteal leis féin nó le cara leis) a bhaile beag faoin tuath don lá agus tá sceitimíní air cuairt a thabhairt ar chathair mhór na Róimhe. Ba chóir don scoláire foirgneamh a roghnú a bhfuil baint aige le caitheamh aimsire nó fóillíocht, nó leis an gceannaire polaitiúil nó impire reatha, agus taifead mionsonraithe a chur ar fáil ar an gcuairt a thug sé ar an bhfoirgneamh sin nó ar imeacht ar ar fhreastail sé san fhoirgneamh sin. 

D’fhéadfadh an scoláire na míreanna seo a leanas a léiriú sa taifead (mar shampla): 

  • cé a cheadaigh tógáil an fhoirgnimh nó tionscadail seo, agus cén fáth ar údaraíodh é? 
  • cé na foirgnimh eile a cheadaigh an t-impire/ceannaire céanna?
  • roinnt scéalta suimiúla a thabhairt ó shaol an impire/cheannaire sin 
  • cé a théann chuig an ionad go hiondúil?
  • cén chúis agus cén fheidhm atá leis an bhfoirgneamh? 
  • céard a rinne tú ann? 
  • cén leagan amach atá ar an taobh istigh agus taobh amuigh? 
  • tagairt do phíosa litríochta ina luaitear an foirgneamh seo.

Ba chóir go mbeadh mionsamhail nó léiriú físiúil eile ar an bhfoirgneamh leis an taifead, ag tacú leis an gcur síos a dhéantar ar an struchtúr, an fearann agus na seomraí éagsúla ann. 

Féadtar formáid ar bith a úsáid chun an t-eolas sin a chur in iúl. Mar shampla, d’fhéadfaí blag, vlag, alt ar shuíomh gréasáin, póstaer, tuairisc nuachta, agallamh nó cur i láthair le ceannaire baile a dhéanamh. 

Féadfaidh an scoláire oibriú ar an Measúnú Rangbhunaithe le scoláire amháin eile nó le grúpa. Ach, is é an ról a bhí ag an scoláire féin agus an obair a rinne sé féin a bheidh á scrúdú sa mheasúnú i gcomhair Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí.

Tabharfaidh an scoláire a roghnaíonn snáithe 3, comhpháirt na teanga clasaicí, faoin Measúnú Rangbhunaithe seo. 

Forbraíonn gach scoláire punann teanga thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Dírítear i bpunann teanga an scoláire ar an bpróiseas chun teanga chlasaiceach a fhoghlaim agus cuirtear an foghlaimeoir i gcroílár an teagaisc, an mheasúnaithe agus na foghlama. Tugann sé deis don scoláire atá ag foghlaim teanga chlasaiceach spriocanna pearsanta a leagan síos, chun tabhairt faoi fhoghlaim teanga agus machnamh a dhéanamh ar an bhfoghlaim, agus chun fiosrú na nasc atá idir an teanga chlasaiceach agus an cultúr clasaiceacha a fhorbairt agus a bhreacadh síos, rud a thacaíonn dá bhrí sin leis na torthaí foghlama i snáithe a haon (an chroí-chomhpháirt). 

Áirítear i bpunann teanga an scoláire raon leathan míreanna, amhail téacsanna scríofa, tionscadail, ábhair chlosamhairc, taifid foghlama, machnamh an scoláire agus spriocanna foghlama. Is féidir leis an scoláire a théacs a chur i láthair i bhformáidí éagsúla – i bhfoirm scríofa, dhigiteach, go hilmhódach, nó in aon fhormáid eile a mheasann an scoláire a bheith oiriúnach chun bunbhrí a smaointe a thabhairt le fios. 

Tugtar deis don scoláire sa Mheasúnú Rangbhunaithe seo ceiliúradh a dhéanamh ar a éachtaí mar fhoghlaimeoir teanga trí mheáin éagsúla ach trí phíosa a roghnú ón bpunann a chuir sé le chéile le himeacht aimsire agus iad a chur i láthair le haghaidh measúnú. 

D’fhéadfaí na roghanna seo a leanas a chur isteach sa phunann: 

  • amhrán nó neamónach le cabhrú le foircinn na mbriathra nó ciall na dtuiseal a mheabhrú
  • teaghlaigh focal le cabhrú chun stór focal na Laidine agus/nó sanasaíocht na Gaeilge nó an Bhéarla a aithint
  • ailt i nGaeilge nó i mBéarla inar anailísíodh an téacs agus inar aithníodh focail ann a bhfuil fréamhacha na Gréigise/na Laidine leo
  • dialóg sa teanga chlasaiceach 
  • straitéis chun dul i ngleic le haistriúcháin buntéacsanna 
  • tráchtaireacht ar an teanga atá i bpíosa dílis litríochta a ndearnadh staidéar air sa teanga chlasaiceach 
  • píosa gairid a cumadh i gcineál téacs a bhaineann leis na seanteangacha (mar shampla, mana teaghlaigh, píosa graifítí nó inscríbhinn ar uaigh)
  • stiallghreannán ar an ábhar a roghnaíodh

Beidh ar an scoláire trí mhír a roghnú as a phunann le measúnú a dhéanamh orthu sa Mheasúnú Rangbhunaithe seo. Ní mór go mbainfeadh píosa amháin le hinsealbhú teanga, píosa eile le téacsanna dílse, agus ba chóir go mbainfeadh an tríú píosa le sibhialtacht chlasaiceach. Teastaíonn comhpháirt theangeolaíoch sa phíosa deiridh sin, ach ní chaithfear díriú ar an sprioctheanga amháin.

Beidh sonraí níos mine ar fáil i dtreoirlínte measúnaithe ar leith maidir leis an measúnú i Léann Clasaiceach na sraithe sóisearaí, ina leagtar amach treoracha ar na socruithe praiticiúla a bhaineann le measúnú na Measúnuithe Rangbhunaithe. Cuimseoidh sé sin, mar shampla, an t-ábhar agus na leaganacha amach a mholtar le haghaidh obair an scoláire, agus tacaíocht i dtaca le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a úsáid i ndáil leis na gnéithe cáilíochta. Beidh ábhar cuimsitheach acmhainne ar fáil ar líne san ábhar tacaíochta measúnaithe de chuid an CNCM freisin le húsáid i measúnú rangbhunaithe leanúnach Léann Clasaiceach na sraithe sóisearaí, agus lena chois sin tabharfar mionchuntas ar an bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair.

Cuireann an scoláire Tasc Measúnaithe foirmiúil scríofa i gcrích atá le cur faoi bhráid Choimisiún na Scrúduithe Stáit lena mharcáil i dteannta an scrúdaithe deiridh don Léann Clasaiceach. Nascann an Tasc Measúnaithe leis na tosaíochtaí a bhaineann leis an dara Measúnú Rangbhunaithe, agus braitheann na tosaíochtaí sin ar an snáithe a roghnaíonn an scoláire. Bainfidh na tosaíochtaí le snáithe Staidéar an léinn chlasaicigh (snáithe 2) nó le snáithe na Teanga Clasaicí (snáithe 3). Cuirfear deis ar fáil don scoláire a chuid eolais, scileanna agus tuisceana a chur i bhfeidhm maidir le hionbhá a dhéanamh le daoine ó chultúir dhifriúla agus ó ré dhifriúil, agus bainfidh sé úsáid as an tuiscint sin chun machnamh a dhéanamh ar a luachanna agus a struchtúir féin. Déanfar measúnú sa Tasc Measúnaithe ar ghnéithe éagsúla d’fhoghlaim an scoláire, lena n-áirítear: 

  • a chumas chun machnamh a dhéanamh ar fhorbairt a thuisceana ar chultúir eile agus ar léirithe na gcultúr sin
  • a chumas chun measúnú a dhéanamh ar eolas nó ar thuiscint nua a tháinig chun cinn trína thaithí ar an Measúnú Rangbhunaithe 
  • a chumas chun machnamh a dhéanamh ar na scileanna a d’fhorbair sé, agus a chumas chun iad a úsáid i suíomhanna nach bhfuil mórán cleachtaidh aige orthu, sa todhchaí 
  • a chumas machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas taighde agus tuairimí agus breithiúnais bunaithe ar fhianaise a dhéanamh.

There will be one examination paper at a common level. This paper will be set and marked by the State Examinations Commission (SEC) and will be allocated 90% of the total marks available for the final assessment. The examination will be of two hours’ duration and will take place at the end of third year. During this assessment, students will be required to engage with, demonstrate comprehension of, and provide written responses to stimulus material. 
All students will answer questions associated with strand 1, the core component, and students will then answer questions associated with their chosen strand, either the classical studies strand (strand 2) or the classical language strand (strand 3). 
In any one year, the learning outcomes to be assessed will constitute a sample of the relevant outcomes from the tables of learning outcomes. Beidh scrúdpháipéar amháin ann ag leibhéal comónta. Déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an páipéar seo a shocrú agus a mharcáil, agus bronnfar 90% de na marcanna iomlána don mheasúnú deiridh ina leith. Mairfidh an scrúdú dhá uair an chloig agus beidh sé ar siúl ag deireadh na tríú bliana. Le linn an mheasúnaithe sin, iarrfar ar an scoláire dul i ngleic le hábhar spreagtha, a thaispeáint go dtuigeann sé é, agus freagraí scríofa a thabhairt ina thaobh. 
Freagróidh gach scoláire na ceisteanna a bhaineann le snáithe 1, an chroí-chomhpháirt, agus freagróidh an scoláire na ceisteanna a bhaineann leis an snáithe a roghnaigh sé, snáithe staidéar an léinn chlasaicigh (snáithe 2) nó snáithe na teanga clasaicí (snáithe 3). 
I mbliain amháin ar bith, is éard a bheidh sna torthaí foghlama atá le measúnú sampla de na torthaí ábhartha ó tháblaí na dtorthaí foghlama. 

Tá lamháil sa tsonraíocht seo le haghaidh cleachtais mheasúnaithe chuimsitheacha, mar chuid de mheasúnú leanúnach nó mar Mheasúnuithe Rangbhunaithe. Sa chás go meastar i scoil go bhfuil sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, is féidir oiriúntais réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire i Measúnuithe Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir. Ba chóir go mbeadh na hoiriúntais, m.sh. an tacaíocht a thugann cúntóir riachtanas speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.