Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Na Ráitis Foghlama

An ráiteas Samplaí d’fhoghlaim ábhartha
RF 7: Tá meas ag an scoláire ar a bhfuil i gceist le bheith ina s(h)aoránach gníomhach, le cearta agus dualgais i gcomhthéacsanna áitiúla agus i gcomhthéacsanna níos leithne. Déanfaidh an scoláire measúnú ar a chuid roghanna mar thomhaltóir agus tuigfidh sé an chaoi a n‑imríonn na roghanna sin tionchar dearfach nó diúltach ar a phobal agus ar an domhan trí chéile.
RF 9: Tuigeann an scoláire bunús agus tionchair ghnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an domhain mórthimpeall air/uirthi. Scrúdóidh an scoláire an méid is féidir le heagraíocht tionchar a imirt ar an ngeilleagar, ar an bpobal agus ar an timpeallacht ina bhfuil sí bunaithe.
RF 14: Déanann an scoláire cinntí eolasacha airgeadais agus forbraíonn sé/sí scileanna maithe tomhaltacha. Bainisteoidh an scoláire a chuid acmhainní airgeadais, tuigfidh sé na tairbhí a bhaineann le siopadóireacht a dhéanamh go ciallmhar agus go heiticiúil, agus déanfaidh sé measúnú ar rioscaí airgeadais.
RF 18: Déanann an scoláire breathnú agus measúnú ar eachtraí agus phróisis eimpíreacha agus baineann tátail agus cinntí bailí astu. Úsáidfidh an scoláire sonraí uimheartha agus grafacha chun anailís a dhéanamh ar ábhair agus ar cheisteanna agus chun fadhbanna ina leith a réiteach chun cinntí éifeachtacha a dhéanamh.
RF 22: Léiríonn an scoláire tionscnaíocht, tá sé/sí nuálach agus forbraíonn sé/sí scileanna fiontraíochta. Déanfaidh an scoláire taighde margaidh chun léirthuiscint a fháil don fhiontraíocht agus chun fiosracht agus nuálaíocht a spreagadh.
RF 24: Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteacha chun foghlaim, chun cumarsáid a dhéanamh, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil. Aimseoidh an scoláire eolas agus cuirfidh sé é in iúl agus/nó i láthair ag úsáid teicneolaíocht dhigiteach agus fiosróidh sé an tionchar a bhíonn aige ar an gcaoi a ndéantar gnó.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.