Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Tá daoine óga ag fás aníos i ndomhan domhandaithe agus dinimiciúil. Tiocfaidh deiseanna agus dúshláin úra chun cinn lena linn atá chóir a bheith doshamhlaithe sa lá atá inniu ann. Teicneolaíochtaí éiritheacha, dúshláin chomhshaoil agus shochaíocha, déimeagrafaic, iomaíocht dhomhanda agus éileamh athraitheach tomhaltóirí – is iad sin na nithe a spreagfaidh na hathruithe sin. Cabhraíonn staidéar ar chúrsaí gnó leis an tuiscint, leis na scileanna agus leis na meonta a theastaíonn chun páirt iomlán a ghlacadh i ndomhan idirnasctha a thabhairt don scoláire.

Spreagann an staidéar gnó an scoláire le léirthuiscint níos fearr a fháil don tionchar a bhíonn ag tosca eacnamaíocha agus sóisialta ar a shaol. Cuirtear ar a chumas cinntí eolasacha a dhéanamh, a chuid acmhainní airgeadais a bhainistiú níos fearr agus a bheith solúbtha, cruthaitheach agus fiontraíoch. Cuireann an staidéar gnó feabhas freisin ar a eolas agus ar a thuiscint ar dhea‑chleachtas gnó agus ar an ngnó mar ghníomhaíocht tháirgiúil.

Cuireann an fhiontraíocht le cáilíocht ár saoil chomhchoitinn agus aonair, agus go minic athraíonn sí an tslí a mbímid ag obair, i mbun cumarsáide agus ag maireachtáil. Tugann an staidéar gnó feasacht, léargas agus dearcadh dearfach dúinn i leith na fiontraíochta, agus taispeánann sé dúinn an chaoi ar féidir leis feabhas a chur ar ár gcuid earraí, seirbhísí agus institiúidí.

Spreagann an staidéar gnó an scoláire chun scileanna a fhorbairt don fhoghlaim, don obair agus don saol. Cabhraíonn sé le forbairt scileanna smaointeoireachta anailísí agus criticiúla, ag spreagadh an scoláire le bheith go maith ag réiteach fadhbanna. Daingníonn sé forbairt scileanna uimhearthachta, litearthachta agus teicneolaíochta digití an scoláire trí chomhthéacs a sholáthar ón bhfíorshaol inar féidir iad a úsáid. Fiosraíonn an staidéar gnó an t‑idirspleáchas atá ann idir rath eacnamaíochta, folláine shochaíoch agus an comhshaol agus spreagann sé an scoláire chun smaoineamh agus gníomhú mar a bheadh saoránach freagrach agus eiticiúil ann. Tabharfar scileanna bunúsacha, tuiscintí agus tréithe pearsanta dó, a chabhróidh leis dul i ngleic leis an timpeallacht dhinimiciúil ghnó agus a lánacmhainneacht a bhaint amach ina shaol pearsanta agus gairmiúil, anois agus san am atá le teacht. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.