Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ar chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar an staidéar gnó sa tsraith shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Leagann an tsonraíocht amach gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus mar sin de, cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sa staidéar gnó go dtí deireadh na sraithe sóisearaí. Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. Cuirtear staidéar gnó na sraithe sóisearaí ar fáil ag leibhéal comónta. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le caighdeáin dhifriúla oibre i measc scoláirí. 

Díríonn Airgeadas pearsanta ar an scoláire a bheith ag forbairt sraith scileanna, eolais agus luachanna a chuireann ar a chumas cinntí eolasacha a dhéanamh chun a chuid acmhainní airgeadais a bhainistiú go héifeachtach agus go freagrach. Sa snáithe seo foghlaimíonn an scoláire faoina chúrsaí airgeadais a bhainistiú, faoi iompar freagrach tomhaltóra agus faoin luach a bhaineann le hacmhainní a úsáid go heiticiúil agus go héifeachtúil chun tairbhe daoine aonair agus na sochaí.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Mo chuid acmhainní a bhainistiú
  1. 1.1

    Athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní pearsanta atá ar fáil dó chun freastal ar a chuid riachtanas agus mianta agus anailís a dhéanamh ar an méid a imríonn sásamh na riachtanas agus na n‑éileamh sin tionchar ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí 

  2. 1.2

    Foinsí ioncaim agus caiteachais a shainaithint agus a rangú, comparáid a dhéanamh idir na roghanna atá ar fáil chun an bainistiú is fearr a dhéanamh ar acmhainní airgeadais, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le gach rogha acu agus breithiúnais eolasacha agus fhreagracha a dhéanamh

  3. 1.3

    Saolré airgeadais pearsanta a chur le chéile chun riachtanais airgeadais ag céimeanna difriúla saoil a shainaithint 

  4. 1.4

    Na príomhchánacha agus na príomhtháillí pearsanta a mhíniú agus an tráth agus an chúis a bhféadfaidís a theacht chun cinn a thabhairt le fios 

  5. 1.5

    Cúiseanna a shainaithint chun airgead a choigilt agus a fháil ar iasacht, na cúiseanna sin a cheangal le foinsí cuí airgeadais a aimsiú i ndáil lena gcuspóir, lena gcostais agus lena rioscaí 

  6. 1.6

    Cineálacha cuí árachais a shainaithint le haghaidh riachtanais phearsanta ar leith agus costais, tairbhí agus rioscaí a mheas

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Cúrsaí gnó a fhiosrú
  1. 1.7

    Idirdhealú a dhéanamh idir a chearta agus a fhreagrachtaí mar thomhaltóir agus léirthuiscint a bheith aige dóibh

  2. 1.8

    Comparáid a dhéanamh idir na seirbhísí a sholáthraíonn gníomhaireachtaí do thomhaltóirí agus institiúidí airgeadais chun cabhrú agus chun tacú le custaiméirí 

  3. 1.9

    Díospoireacht a dhéanamh faoi na saincheisteanna eiticiúla agus inbhuanaitheachta a eascraíonn as an úsáid a bhaineann sé as earraí agus as seirbhísí agus measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh a iompar mar thomhaltóir cur le forbairt inbhuanaithe 

  4. 1.10

    Plé agus measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a n‑imríonn domhandú agus forbairtí teicneolaíochta tionchar ar rogha agus ar iompar tomhaltóirí

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Scileanna a úsáid don ghnó
  1. 1.11

    Duilleog phá a léirmhíniú agus dliteanas pearsanta cánach de bharr fostaíochta a ríomh

  2. 1.12

    Buiséad a ullmhú agus anailís a dhéanamh air, an staid airgeadais a fháil amach, gníomhartha cuí a mholadh agus an anailís a chur i láthair i bhfoirm táblaí agus graf 

  3. 1.13

    Monatóireacht agus ríomh a dhéanamh ar shonraí ioncaim agus caiteachais, an staid airgeadais a fháil amach, gníomhartha cuí a mholadh agus an anailís a chur i láthair i bhfoirm táblaí agus graf

Spreagann Fiontraíocht an scoláire chun deiseanna a shainaithint agus iad a thiontú ina ngníomhaíochtaí praiticiúla spriocdhírithe taobh istigh den ghnó agus den tsochaí i gcoitinne trína thuiscint, trína scileanna agus trína luachanna a fhorbairt agus a úsáid. Sa snáithe seo, foghlaimíonn an scoláire faoi bheith fiontraíoch, faoi fheidhmeanna eagraíochta agus faoin timpeallacht ghnó. 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Mo chuid acmhainní a bhainistiú
  1. 2.1

    Cineálacha difriúla fiontair airgeadais, chultúrtha agus shóisialta a shainaithint agus léirthuiscint a bheith aige don ról atá ag gach ceann acu sa tsochaí

  2. 2.2

    Cur síos a dhéanamh ar scileanna agus ar shaintréithe an té atá fiontraíoch agus léirthuiscint a bheith aige do ról an fhiontraí in eagraíocht, sa tsochaí agus sa gheilleagar

  3. 2.3

    Dealú idir fostaíocht, obair agus saorálaíochas, agus gnéithe, tairbhí, luach saothair agus gairmeacha laistigh díobh uile a shainaithint agus cur síos a dhéanamh orthu 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Cúrsaí gnó a fhiosrú
  1. 2.4

    Idirdhealú a dhéanamh idir cearta agus freagrachtaí an fhostóra agus an fhostaí ó thaobh seasamh dlíthiúil, sóisialta, comhshaoil agus eiticiúil de 

  2. 2.5

    Na tionchair dhearfacha agus dhiúltacha a bhíonn ag eagraíocht ar an bpobal ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus comhshaoil de a iniúchadh

  3. 2.6

    Tionchar teicneolaíochtaí digiteacha ar eagraíocht a phlé agus díospóireacht a dhéanamh faoin luach saothair agus faoi na costais a bhaineann leo 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Scileanna a úsáid don ghnó
  1. 2.7

    Taighde margaidh a dhéanamh chun deis fiontraíochta a iniúchadh agus anailís a dhéanamh ar thorthaí an taighde, iad a léirmhíniú agus iad a chur in iúl agus úsáid á baint as téarmaíocht agus as léiriúcháin ábhartha

  2. 2.8

    Cumasc margaíochta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm chun táirge nó seirbhís nua nó ceann atá ann cheana a chur chun cinn 

  3. 2.9

    Plean gnó simplí a fhorbairt do tháirge nó do sheirbhís nua nó do cheann atá ann cheana 

  4. 2.10

    Cáipéisí tábhachtacha gnó a úsáideann eagraíocht ar chúinsí cuntasachta chun a cuid idirbheart a bhainistiú a chur i gcrích agus a léirmhíniú

  5. 2.11

    Meas a dhéanamh ar a thábhachtaí is atá sreabhadh airgid eagraíochta a phleanáil, foinsí oiriúnacha maoinithe a mholadh chun caiteachas a bhainistiú agus buiséad a ullmhú 

  6. 2.12

    Cuntas airgid a ullmhú chun monatóireacht a dhéanamh ar ioncam a fuair eagraíocht agus ar íocaíochtaí a rinne sí, measúnú a dhéanamh ar a staid airgeadais agus plean gníomh a mholadh; figiúir a phostáil sna mórleabhair iomchuí agus comhardú trialach a fháil

  7. 2.13

    Cuntais deiridh a ullmhú chun feidhmíocht airgeadais eagraíochta ag deireadh tréimhse trádála a mheas, anailís agus measúnú a dhéanamh ar a staid airgeadais agus plean gnímh a mholadh 

Cuireann Ár ngeilleagar ar chumas an scoláire an caidreamh dinimiciúil idir cúrsaí eacnamaíochta go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta a thuiscint. Forbraíonn sé cumas an scoláire chun bun‑choincheapa eacnamaíochta a shainaithint agus a thuiscint faoi mar a bhaineann siad le hairgeadas pearsanta, le fiontraíocht agus le geilleagar na hÉireann. Sa snáithe seo, foghlaimíonn an scoláire faoi éileamh agus soláthar earraí agus seirbhísí, faoi ról an rialtais i mbainistiú an gheilleagair, agus faoi shaincheisteanna eacnamaíochta amhail trádáil, fostaíocht agus ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach. 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Mo chuid acmhainní a bhainistiú
  1. 3.1

    Mínú a thabhairt ar an gcaoi a gcaithfidh daoine aonair roghanna a dhéanamh mar gheall ar easpa acmhainní eacnamaíocha; torthaí féideartha na roghanna sin a thuar

  2. 3.2

    Míniú a thabhairt ar an gcaoi a gcomhoibríonn daoine aonair, eagraíochtaí (eagraíochtaí brabúis agus eagraíochtaí neamhbhrabúis) agus an rialtas le chéile chun acmhainní eacnamaíocha a úsáidtear chun táirgí agus seirbhísí a tháirgeadh a dháileadh

  3. 3.3

    Measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le hathruithe ar sholáthar agus éileamh earraí agus seirbhísí i margaí difriúla tionchar a imirt ar phraghsanna 

  4. 3.4

    Dealú idir foinsí difriúla ioncam rialtais agus caiteachas rialtais 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Cúrsaí gnó a fhiosrú
  1. 3.5

    Feidhm na cánach a scrúdú ó thaobh cúrsaí airgeadais, sóisialta, dlíthiúla agus eiticiúla de

  2. 3.6

    Míniú a thabhairt ar an gcaoi ar féidir le borradh eacnamaíoch tionchar dearfach agus diúltach a imirt ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol agus cur chun cinn na forbartha inbhuanaithe a chosaint

  3. 3.7

    Díospóireacht a dhéanamh ar na himpleachtaí atá le domhandú na trádála, lena n‑áirítear na tairbhí agus na dúshláin don trádáil idirnáisiúnta

  4. 3.8

    Plé a dhéanamh ar na tairbhí agus ar na dúshláin, idir eacnamaíoch agus shóisialta, a bhaineann le ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Scileanna gnó a úsáid
  1. 3.9

    Oiriúnacht táscairí eacnamaíocha a mhíniú amhail boilsciú, rátaí fostaíochta, rátaí úis, borradh eacnamaíoch, ioncam náisiúnta agus fiacha náisiúnta do dhaoine aonair agus don gheilleagar

  2. 3.10

    A chuid eolais, agus faisnéis ó fhoinsí éagsúla meán, a úsáid chun saincheisteanna reatha eacnamaíochta a phlé agus tuairim eolasach a chur i láthair 

  3. 3.11

    Measúnú a dhéanamh ar thairbhí agus ar chostais beartas geilleagrach rialtais, agus iad siúd a bhaineann leas as na tairbhí agus iad siúd a bhíonn thíos leis na costais a mheas

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.