Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú Rangbhunaithe 2: Cur i láthair

Tá dhá thosaíocht ag baint leis an Measúnú Rangbhunaithe seo: deis a thabhairt don scoláire a chuid eolais, scileanna agus tuisceana a chur i bhfeidhm i suíomhanna difriúla ón bhfíorshaol, agus a chuid scileanna cumarsáide a fhorbairt. Le linn an Mheasúnaithe Rangbhunaithe seo cuirfidh an scoláire ábhar a d’fhoghlaim sé sa chúrsa i bhfeidhm ina shaol laethúil agus i saol na hoibre, nascfaidh sé smaointe teoiriciúla le comhthéacsanna praiticiúla agus tosóidh sé ag forbairt scileanna machnaimh. Tá sé i gceist leis an Measúnú Rangbhunaithe seo go mbeidh níos mó plé dearfach idir an scoláire agus an múinteoir ar ábhair spéise a bhaineann le cúrsaí gnó le linn na dtrí bliana staidéir.

Éilítear sa Mheasúnú Rangbhunaithe seo ar an scoláire ábhar a bhaineann le cúrsaí gnó a iniúchadh agus é a chur i láthair. D’fhéadfadh go mbeadh baint dhíreach ag an ábhar a roghnaítear le sain‑inneachar de chuid an chúrsa nó d’fhéadfadh an scoláire rogha a dhéanamh staidéar a dhéanamh ar shaincheist a bhfuil tábhacht phearsanta nó áitiúil léi, ar an gcuntar go mbaineann sí leis an timpeallacht ghnó. D’fhonn an Measúnú Rangbhunaithe seo a chur i gcrích, beidh ar an scoláire:

  • tabhairt faoi bhuntaighde chun níos mó a fhoghlaim faoin ábhar
  • a spéis san ábhar a mhíniú
  • measúnú a dhéanamh ar an méid a d’fhoghlaim sé faoin timpeallacht ghnó de thoradh a iniúchta
  • machnamh a dhéanamh ar an léargas difriúil atá aige ar an domhan agus ar an gcaoi ar athraigh a iompar i ndiaidh dó dul i ngleic leis an ábhar
  • forbairt a chuid scileanna cumarsáide a thaispeáint trí chur i láthair a dhéanamh.

Ní féidir leis an scoláire cur i láthair a dhéanamh ar a Mheasúnú Rangbhunaithe don Ghnó á chur i ngníomh.

Is tionscadal do dhuine aonair é an Cur i láthair. Cuimsíonn sé trí réimse gníomhaíochta: iniúchadh, machnamh ar fhoghlaim agus cumarsáid. Is féidir leis an scoláire comhoibriú lena chomhscoláirí nuair atá faisnéis ábhartha á bailiú ach ba chóir don mhúinteoir a chinntiú go bhfuil gach scoláire ábalta fianaise a sholáthar ina aonar chun gnéithe cáilíochta an mheasúnaithe seo a chomhlíonadh.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.