Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Díríonn an tsonraíocht do Theicneolaíocht Fheidhmeach na sraithe sóisearaí ar thuiscint an scoláire ar fheidhm agus ar thionchar na dteicneolaíochtaí sa domhan mórthimpeall air a fhorbairt agus ar scileanna an scoláire i ndáil leis na teicneolaíochtaí sin a fhorbairt. Bainfear é sin amach trí thrí shnáithe chomhthéacsúla idirnasctha: Prionsabail agus cleachtais, Fuinneamh agus rialú agus An teicneolaíocht agus an tsochaí 

Sa snáithe seo, foghlaimeoidh an scoláire faoi na prionsabail agus na cleachtais bhunúsacha a bhaineann le staidéar a dhéanamh ar an Teicneolaíocht Fheidhmeach agus cuirfidh sé i bhfeidhm iad. Cuirfidh an scoláire an t-eolas atá aige ar ábhair agus ar threalamh i bhfeidhm chun réitigh a chruthú a gcuireann eispéireas an úsáideora deiridh san áireamh. Éascaíonn an staidéar ar phrionsabail agus ar chleachtais eolas faoi theicneolaíochtaí, idir chinn atá ann cheana agus chinn atá ag teacht chun cinn, a chur chun feidhme agus bíonn an scoláire in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi is fearr chun fadhb réadúil a réiteach go cruthaitheach agus réiteach a chur i gcrích.

Mar chuid den snáithe seo, fiosraíonn an scoláire foinsí éagsúla fuinnimh a chuireann ar chumas gléasanna tascanna a dhéanamh go sábháilte agus go héifeachtúil nuair a athraítear nó nuair a rialaítear na foinsí fuinnimh sin. Spreagtar an scoláire le haithint gur gá fuinneamh agus ábhar a úsáid ar bhealach tíosach inbhuanaithe.

Cruthaíonn an scoláire réitigh rialaithe ach úsáid a bhaint as na scileanna, an t-eolas, na luachanna agus an meon a fhorbraítear trí staidéar a dhéanamh ar na snáitheanna eile.

Sa snáithe seo, faigheann an scoláire taithí ar an idirghníomhú idir an teicneolaíocht agus an tsochaí. Scrúdaíonn an scoláire an tionchar a bheidh ag a chinntí dearaidh ar an gcomhshaol agus déanann sé machnamh ar riachtanais an úsáideora i ndáil le réitigh. Faigheann an scoláire tuiscint bhunúsach ar na ceisteanna atá ann don tsochaí mar gheall ar fhorbairtí teicneolaíochta agus músclaítear fiosracht an scoláire ina dtaobh; dá bharr sin, fiosraíonn an scoláire úsáid fhéideartha na bhforbairtí teicneolaíochta sa tsochaí.

I ngach ceann de na snáitheanna, baintear úsáid as ceithre ghné: Anailís a dhéanamh agus fadhbanna a réiteach, Dearadh agus nuálaíocht, Pleanáil, bainistiú agus cruthú agus Cumarsáid lena gcruthaítear creat le haghaidh foghlama a chinntíonn taithí foghlama chomhleanúnach don scoláire.

Spreagann na torthaí foghlama sa ghné seo an scoláire le hiniúchadh a dhéanamh ar smaointe agus ar chaidrimh a chabhraíonn leis a réitigh ar fhadhbanna a bheachtú. Foghlaimeoidh an scoláire le cuir chuige chórasacha a fhorbairt chun anailís a dhéanamh ar fhadhbanna a chabhróidh le réitigh a fhorbairt. Spreagann an ghné seo an fhoghlaim atá riachtanach sa Teicneolaíocht Fheidhmeach agus forbraítear scileanna don fhoghlaim ar feadh an tsaoil léi.

Spreagann na torthaí foghlama sa ghné seo an scoláire le breathnú ar rudaí ar bhealach éagsúil. Ní hamháin go mbeidh deis ag an scoláire staidéar a dhéanamh ar theicneolaíochtaí atá ann cheana féin a bhaineann leis an ábhar, ach beidh deis aige freisin forbairtí nua agus atá ag teacht chun cinn a fhiosrú. Rachaidh an fhoghlaim a dhéanfaidh an scoláire sna trí shnáithe i bhfeidhm ar na réitigh dearaidh a fhorbraíonn sé.

Spreagann na torthaí foghlama sa ghné seo an scoláire le réimse scileanna bainistíochta tionscadal a fhorbairt agus a dhearaí á dtabhairt go dtí céim a ndéanta. Forbróidh an scoláire na scileanna a theastaíonn chun ábhair a ionramháil agus roghnóidh sé an trealamh oiriúnach chun na réitigh a chur i gcrích.

Spreagann na torthaí foghlama sa ghné seo an scoláire le meáin oiriúnacha a roghnú agus a úsáid chun eolas teicniúil a chur in iúl, smaointe a dhearadh, agus foghlaim faoin gcaoi a dtéann an teicneolaíocht i bhfeidhm ar an timpeallacht mórthimpeall air.

Baineann an Teicneolaíocht Fheidhmeach úsáid as cur chuige trasdisciplíneach a chuireann nascadh na dtrí snáithe chun cinn i dteagasc agus i bhfoghlaim an ábhair. Dearadh í d’íosmhéid 200 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.

Tá sé d’aidhm ag an tsonraíocht seo cothromaíocht a bhaint amach idir an fhairsinge féidearthachtaí a chuireann staidéar ar an ábhar i láthair a fhiosrú agus deiseanna a chur ar fáil d'eispéiris dhoimhne de réimsí áirithe de réir mar is cuí. Bíonn méid áirithe solúbthachta agus saoirse ag an múinteoir an fhoghlaim a éascú ar bhealach a léiríonn roghanna, fiosracht agus meon cruthaitheach an scoláire féin. Ba chóir gnóthachtáil na dtorthaí foghlama a phleanáil ar bhealach atá gníomhach agus spreagúil.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.