Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuimseoidh na samplaí seo obair:

  • atá thar barr ar fad
  • atá os cionn na n-ionchas
  • atá ag teacht leis na hionchais.

Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i bhfíorchásanna. 

 

Torthaí foghlama

Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar an Teicneolaíocht Fheidhmeach sa tsraith shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Cuirtear béim sa tsonraíocht gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus dá bharr sin cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sa Teicneolaíocht Fheidhmeach go dtí deireadh na sraithe sóisearaí.

Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. Cuirtear an Teicneolaíocht Fheidhmeach ar fáil ag leibhéal comónta sa tsraith shóisearach. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtaireacht agus léargais a thacaíonn le hidirdhealú agus cleachtais chuimsitheacha an tseomra ranga. 

 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Anailís a dhéanamh agus fadhbanna a réiteach
  1. 1.1

    réiteach dearaidh a fhorbairt bunaithe ar thaithí agus úsáid á baint as fianaise, as réasúnaíocht agus as cinnteoireacht 

  2. 1.2

    anailís a dhéanamh ar fhadhbanna le cur chuige córasach

  3. 1.3

    smaointe a bheachtú ach úsáid a bhaint as an bhfréamhshamhaltú 

  4. 1.4

    athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí pleanála síos tríd an bpróiseas

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Dearadh agus nuálaíocht
  1. 1.5

    machnamh a dhéanamh ar eispéireas an úsáideora deiridh ag gach céim den phróiseas deartha

  2. 1.6

    an ról agus an tionchar a bhíonn ag teicneolaíochtaí atá ann cheana agus ag teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a thuiscint, chomh maith leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint astu

  3. 1.7

    cuir chuige nuálacha a chur i bhfeidhm ar réitigh dearaidh

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Pleanáil, bainistiú agus cruthú
  1. 1.8

    plean a fhorbairt chun réiteach a thabhairt chun críche

  2. 1.9

    ábhair, trealamh agus próisis chuí a roghnú chun fadhb a réiteach

  3. 1.10

    plean a chur chun feidhme agus úsáid á baint as uirlisí, ábhair agus próisis chuí

  4. 1.11

    a léiriú gur cloíodh leis na caighdeáin aitheanta sláinte agus sábháilteachta

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Cumarsáid
  1. 1.12

    taifead a choinneáil ar an dul chun cinn a dhéantar ó choincheap a cheapadh go dtí é a thabhairt chun críche 

  2. 1.13

    fianaise ar an bpróiseas atriallach a bhaineann leis an dearadh a chur in iúl

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Anailís a dhéanamh agus fadhbanna a réiteach
  1. 2.1

    iniúchadh a dhéanamh ar an gcaidreamh idir ionchuir, claochluithe agus aschuir taobh istigh de chórais shimplí rialaithe

  2. 2.2

    smaointe a mheasúnú ach úsáid a bhaint as an ionsamhlú

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Dearadh agus nuálaíocht
  1. 2.3

    na prionsabail a bhaineann le córais rialaithe a aithint agus an réiteach á fhorbairt

  2. 2.4

    sraith loighciúil treoracha a dhearadh i ndáil le gléas nó córas a rialú

  3. 2.5

    cuir chuige nuálacha a chur i bhfeidhm i leith réitigh córais rialaithe a dhearadh

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Pleanáil, bainistiú agus cruthú
  1. 2.6

    caomhnú agus éifeachtúlacht fuinnimh a fhiosrú 

  2. 2.7

    córais chuí fuinnimh agus rialaithe a shainaithint do na réitigh dearaidh

  3. 2.8

    réitigh rialaithe a chruthú ar fhadhbanna a shainaithnítear

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Cumarsáid
  1. 2.9

    faisnéis theicniúil a chur in iúl i bhfoirmeacha cuí

  2. 2.10

    míniú a thabhairt ar an gclaochlú a thagann ar ionchuir nuair a iompaítear ina n-aschuir iad

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Anailís a dhéanamh agus fadhbanna a réiteach
  1. 3.1

    anailís a dhéanamh ar thionchar na srianta ar réitigh a dhearadh

  2. 3.2

    measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí agus atá na réitigh

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Dearadh agus nuálaíocht
  1. 3.3

    míniú a thabhairt ar an gcaoi a dtéann an cine daonna, an tsochaí agus an comhshaol i bhfeidhm ar réitigh agus ar thorthaí

  2. 3.4

    an chaoi a gcuirtear an teicneolaíocht i bhfeidhm i gcomhthéacsanna áitiúla a fhiosrú

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Pleanáil, bainistiú agus cruthú
  1. 3.5

    na cúiseanna a bhí le hábhair agus próisis ar leith a roghnú a chosaint, bunaithe ar thosca éagsúla ar nós cúinsí comhshaoil, cúinsí geilleagracha agus cúinsí eiticiúla

  2. 3.6

    machnamh a dhéanamh ar riachtanais an úsáideora ag gach céim den dearadh

  3. 3.7

    an fhreagracht atá ar an scoláire maidir lena chinntiú go gcoinnítear sonraí pearsanta slán agus príobháideach a aithint

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Cumarsáid
  1. 3.8

    measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag teicneolaíochtaí ar a shaol féin, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol

  2. 3.9

    plé a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh an teicneolaíocht dul i bhfeidhm ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.