Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Leanúnachas agus Dul Chun Cinn

Dul chun cinn ón mbunscoil go dtí an tsraith shinsearach
Curaclam na bunscoileCé nach ábhar neamhspleách í an Teicneolaíocht Fheidhmeach i gCuraclam na Bunscoile, trína cuid snáitheanna, gnéithe agus torthaí, is féidir le Teicneolaíocht Fheidhmeach na sraithe sóisearaí foghlaim ábhartha a tharla cheana ar leibhéal na bunscoile a chur chun cinn. 

Tagraíonn ábhair agus réimsí éagsúla sa churaclam bunscoile, ar nós na heolaíochta, na matamaitice agus na nAmharc-ealaíon, do scileanna réitigh fadhbanna, scil ar príomhscil í sa Teicneolaíocht Fheidhmeach. Agus é ar an mbunscoil, téann an scoláire i mbun gníomhaíochtaí éagsúla forbartha lena bhforbraítear a chuid cruthaitheachta. Oireann an fhorbairt sin go maith don staidéar a dhéantar ar an Teicneolaíocht Fheidhmeach. Bíodh an scoláire ag plé le tionscadal dearaidh nó le córas rialaithe a chruthú, téann sé i mbun gníomhaíochtaí foghlama a mbíonn an chruthaitheacht de dhíth orthu. 

An tsraith shinsearachForbraíonn an staidéar ar Theicneolaíocht Fheidhmeach na sraithe sóisearaí bonn foghlama don scoláire ionas gur féidir leis leanúint ar aghaidh lena chuid staidéir i réimse na n-ábhar teicneolaíochta i gclár na hArdteistiméireachta agus i gclár na hArdteistiméireachta Feidhmí araon. Mar gheall ar an staidéar a dhéantar ar an gcaidreamh idir ionchuir agus aschuir, féadfaidh an scoláire an fhoghlaim a dhéanann sé sa Teicneolaíocht Fheidhmeach a úsáid sa Ríomheolaíocht freisin. 

Tá an Teicneolaíocht ar fáil go sonrach mar ábhar Ardteistiméireachta agus Ardteistiméireachta Feidhmí agus tugtar bunús maith don scoláire do na hábhair sin leis na torthaí foghlama a bhaintear amach i dTeicneolaíocht Fheidhmeach na sraithe sóisearaí. 

Tá sé mar aidhm ag na gníomhaíochtaí a mbíonn an scoláire páirteach iontu le linn na sraithe sóisearaí scoláire atá inniúil ó thaobh na teicneolaíochta a fhorbairt agus ba chóir go mbeadh sé in ann tabhairt faoi aon disciplín a bhaineann le hábhair teicneolaíochta sa tsraith shinsearach.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.