Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Teicneolaíocht Fheidhmeach agus na príomhscileanna

I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. Sainaithnítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le gníomhaíochtaí foghlama sa Teicneolaíocht Fheidhmeach. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga. Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí.

An phríomhscil Gné na príomhscile Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama an scoláire
A bheith cruthaitheach Roghanna a fhiosrú Ceapfaidh an scoláire réitigh dearaidh ar fhadhb/ar threoir.
A bheith liteartha Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas Roghnóidh an scoláire na meáin is oiriúnaí chun a smaointe/réitigh a chur in iúl.
A bheith uimheartha Smaointe a chur in iúl go matamaiticiúil Bainfidh an scoláire úsáid as nodaireacht cheart mhatamaiticiúil agus as aonaid mhatamaiticiúla agus fórsaí á ríomh aige.
Cumarsáid Teanga a úsáid Úsáidfidh an scoláire an teanga cheart theicniúil agus cur síos á dhéanamh ar phróiseas.
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil Rachaidh an scoláire i mbun na smaointeoireachta nuálaí chun réiteach a dhearadh agus déanfaidh sé critíc ar an réiteach bunaithe ar na riachtanais a bhaineann leis an bhfadhb.
Mé féin a bhainistiú Spriocanna pearsanta a shocrú agus a bhaint amach Leagfaidh an scoláire plean oibre amach agus cuirfidh sé i bhfeidhm é chun an tionscadal a thabhairt chun críche.
Fanacht folláin A bheith freagrach, slán agus eiticiúil nuair atá teicneolaíocht dhigiteach in úsáid ibreoidh an scoláire go heiticiúil agus go sábháilte ar líne agus glacfaidh sé freagracht air féin i ndáil le slándáil agus príobháideachas an scoláire féin agus daoine eile a chinntiú.
Obair le daoine eile Ag comhoibriú Beidh an scoláire ag comhoibriú ar thaighde agus forbróidh sé réitigh ar fhadhb ar leith le daoine eile.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.