Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Uirlisí úsáide OSPS/OCG

Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte 

Clúdaítear curaclam leathan in Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) a chabhraíonn le páistí agus daoine óga foghlaim fúthu féin agus faoi conas caidrimh fholláine a fhorbairt agus a choinneáil. De réir a chéile, tabharfar an t-eolas agus na scileanna is gá dóibh chun cinntí freagracha a dhéanamh maidir lena sláinte agus lena bhfolláine trí chéile. 
Ar scoil, is fearr tacú leis an bhfoghlaim in OSPS trí phróiseas leanúnach a thosaítear ag leibhéal na naíonán sóisearach agus a leanann ar aghaidh suas tríd an scoil, lena n-áirítear sa tsraith shinsearach. Tarlaíonn an fhoghlaim sin i réimse comhthéacsanna éagsúla amhail i dtimpeallacht scoile atá dearfach agus ionchuimsitheach, trí chomhtháthú in ábhair dhifriúla agus, rud atá tábhachtach, i gceachtanna OSPS atá sainithe ar an amchlár. 


Pleanáil: Tá sé tábhachtach go mbainfeá úsáid as an gcuraclam mar threoir agus OSPS/OCG (Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta) á phleanáil agat. Tá torthaí foghlama OSPS na sraithe sóisearaí agus na sraithe sinsearaí araon fairsing agus solúbtha ionas gur féidir leat ceachtanna a phleanáil agus a chur in oiriúint do riachtanais agus do chéim forbartha faoi leith na scoláirí atá agat, agus don chomhthéacs scoile. Tá sé dúshlánach teagasc agus foghlaim a cheapadh a chomhlíonann riachtanais páistí agus daoine óga i raon na n-ábhar éagsúil a d’fhéadfaí teacht chun cinn in OSPS/OCG. Tá sé tábhachtach comhairle a lorg ó bhaill foirne eile agus gach deis atá ar fáil duit chun dul i mbun forbairt ghairmiúil leanúnach a thapú mar aon le gach deis foghlama eile.  Tá súil againn go rachaidh na huirlisí úsáide seo chun tairbhe duit chun cur le do thuiscint agus chun do scileanna agus muinín as gach gné de OSPS a theagasc a fhorbairt. Tá na hábhair sna huirlisí úsáide seo ceaptha chun tacú leat dul chun cinn a dhéanamh in OSPS ó thaobh forbairt ghairmiúil de. D’fhéadfaí úsáid a bhaint astu freisin chun comhráite gairmiúla ar scoil a éascú agus chun forbairt ghairmiúil a bhaint amach ag leibhéal fhoireann na scoile iomláine.  Ar dtús, féach ar roinnt de na

Ceisteanna Coitianta 

Cliceáil ar gach cuid de na huirlisí úsáide thíos chun teacht ar acmhainní ábhartha 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.