Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú cuimsitheach

Is príomhghné de theagasc agus d’fhoghlaim ar scoil iad cleachtais mheasúnaithe chuimsithigh, mar chuid de mheasúnú leanúnach nó mar Mheasúnú Rangbhunaithe. Ba chóir go mbeadh na hoiriúntais, m.sh. an tacaíocht a thugann Cúntóir Riachtanas Speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana.
Sa chás go meastar i scoil go bhfuil sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, is féidir oiriúntais réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire sa Mheasúnú Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir.
Bíonn oiriúntais a chuireann ar chumas gach scoláire teacht ar fhoghlaim agus measúnú bunaithe ar riachtanais shonracha. Mar shampla, féadfaidh scoláire nach bhfuil in ann clóscríobh go fisiciúil bogearraí deachtaithe atá saor in aisce a úsáid chun measúnuithe leanúnacha agus an Measúnú Rangbhunaithe a chur i gcrích. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh scoláire nach bhfuil in ann labhairt físeanna agus fotheidil a tharraingt/scríobh/chlóscríobh agus a chruthú le smaointe a chur i láthair agus in iúl. Má tá saindeacracht foghlama ag scoláire, d’fhéadfadh sé tairbhe a bhaint as tascanna agus as gníomhaíochtaí foghlama a chuirtear i láthair i mbealach difriúil. Tá treoirlínte cuimsitheacha faoi chuimsiú in iar-bhunscoileanna ar fáil anseo agus tá treoirlínte do mhúinteoirí scoláirí faoi Mhíchumais Ghinearálta Foghlama ar fáil anseo.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.