Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Na gnéithe cáilíochta

Tacaíonn na gnéithe cáilíochta le breithiúnas an scoláire agus an mhúinteora ar na Measúnuithe Rangbhunaithe agus is iad na critéir iad a úsáidfidh an múinteoir chun Measúnú Rangbhunaithe deiridh an scoláire a mheas. 
Beidh sonraí níos mine ar fáil i dtreoirlínte measúnaithe ar leith le haghaidh OSPS maidir leis an measúnú agus tuairisciú sa ghearrchúrsa OSPS seo, lena n-áirítear gnéithe cáilíochta agus sonraí faoi na socruithe praiticiúla a bhaineann le measúnú an Mheasúnaithe Rangbhunaithe seo. Cuimseoidh na treoirlínte, mar shampla, an fad agus na leaganacha amach a mholtar le haghaidh phíosaí oibre an scoláire, agus tacaíocht i dtaca le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a úsáid i ndáil leis na gnéithe cáilíochta.