Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Raitís Foghlama

Ráiteas Samplaí d’fhoghlaim ghaolmhar sa chúrsa
RF 5: Tá feasacht ag an scoláire ar luachanna pearsanta agus tuiscint ar phróiseas na cinnteoireachta morálaí. 
Cuireann an cúrsa seo deiseanna ar fáil don scoláire scrúdú a dhéanamh ar raon ceisteanna ó dhearcadh eiticiúil; chun luachanna níos soiléire a fhorbairt agus le smaoineamh ar bhealach criticiúil faoin gcaoi a ndéanann sé cinntí bunaithe ar na luachanna seo agus ar smaointeoireacht shoiléir, loighciúil agus dhian.
RF 6: Tuigeann an scoláire an chaoi a gcuireann luachanna, creidiúintí agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina maireann sé/sí agus tá meas aige/aici orthu.  De réir mar a théann an scoláire i ngleic le fiosrúchán fealsúnachta maidir le roinnt de cheisteanna móra an tsaoil, spreagtar é/í chun cuimhneamh ar shamplaí agus ar dhearcthaí ó réimse comhthéacsanna cultúrtha, reiligiúnacha nó tíreolaíocha. Trí fhiosrú a dhéanamh ar choincheapa agus ar cheisteanna fealsúnachta, gheobhaidh an scoláire léirthuiscint ar raon luachanna, creideamh agus traidisiún a bhfuil cruth curtha acu ar an domhan mórthimpeall air agus gheobhaidh sé/sí tuiscint chomh maith ar uilíocht ceisteanna maidir le moráltacht agus córais chreidimh.  
RF 18: Déanann an scoláire breathnú agus measúnú ar eachtraí agus ar phróisis eimpíreacha agus baineann tátail agus cinntí bailí astu. Spreagann an fhealsúnacht úsáid réasúnaíocht chúramach agus loighciúil agus an scoláire ag déanamh anailíse agus measúnaithe ar thairiscintí agus ar argóintí lena n áirítear falláis loighciúla, teacht ar chonclúidí agus teacht ar sheasamh measta. 

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.