Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

An Fhealsúnacht

Cuireann an gearrchúrsa 100 uair an chloig seo réamhrá spéisiúil agus tarraingteach ar fáil don fhealsúnacht ag an dara leibhéal. Tá sé mar aidhm aige go mbeadh an scoláire páirteach i bhfiosrúchán agus i gcomhrá fealsúnach maidir le ceisteanna móra an tsaoil agus smaointeoir criticiúil, cruthaitheach, comhoibritheach, comhbhách a fhorbairt ar féidir leis páirt a ghlacadh i ndioscúrsa eolach agus feidhmiú sa domhan ar bhealach níos machnamhaí.

Dírítear go mór ar an scoláire i mbun fealsúnachta chomh maith le foghlaim faoi chuid de na smaointeoirí móra, a bhíodh ann agus atá ann, a chuaigh i ngleic le ceisteanna móra an tsaoil.