Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ráitis foghlama

Léirítear ar na leathanaigh seo a leanas an chaoi a bhféadfaí Bia blasta a nascadh le gnéithe lárnacha den fhoghlaim agus den teagasc sa tsraith shóisearach.

Bia blasta agus ráitis foghlama

 Naisc idir Bia blasta agus na ráitis foghlama

Ráitis Foghlama

Ráiteas

Samplaí d’fhoghlaim ghaolmhar sa chúrsa

RF 1: Déanann an scoláire cumarsáid go héifeachtach ar bhealaí éagsúla i réimse comhthéacsanna sa T1.

Úsáideann an scoláire raon scileanna cumarsáide léirithigh chun idirghníomhú le daoine eile sa scoil agus sa phobal i gcásanna neamhfhoirmiúla agus foirmiúla. Léirmhínítear agus úsáidtear téacs[1] chun roghanna eolacha a dhéanamh maidir le bia agus deoch.

RF 13: Tuigeann an scoláire tábhacht an bhia agus an chothaithe i leith cinntí sláintiúla a dhéanamh.

I ngach snáithe, foghlaimíonn an scoláire faoi roghanna cearta a dhéanamh maidir leis an mbia agus deoch a itheann agus a ólann sé. Fiosraíonn sé na difríochtaí idir bia agus deoch sláintiúil agus míshláintiúil agus aiste bia cothromaithe a phleanáil. Bíonn deiseanna aige a chuid bia féin a fhás agus cuairt a thabhairt ar tháirgeoirí agus soláthraithe áitiúla. Má itheann sé i réimse suíomhanna, beidh sé in ann a eolas a aistriú thar réimse cásanna praiticiúla.

RF 23: Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú.

Trí aiste bia a phleanáil agus a chruthú, úsáideann an scoláire na scileanna ar fad a forbraíodh sa chúrsa ar bhealach praiticiúil agus bríoch. 

Bia blasta agus príomhscileanna agus Aonaid Tosaíochta Foghlama

I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Díríonn curaclam na sraithe sóisearaí ar ocht bpríomhscil.

Fíor 1: Príomhscileanna na Sraithe Sóisearaí

Tá an fhoghlaim sna haonaid foghlama tosaíochta ag forluí ar phríomhscileanna na sraithe sóisearaí a forbraíodh do gach scoláire.

I dTábla 2 thíos tugtar liosta de na haonaid, de roinnt gnéithe de na haonaid sin agus na cineálacha gníomhaíochtaí foghlama bainteacha a chabhróidh leis an scoláire torthaí foghlama agus gnéithe na n-aonad a bhaint amach. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna na sraithe sóisearaí a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga.

Tábla 2: Naisc idir na hAonaid Foghlama Tosaíochta, gnéithe de na haonaid agus gníomhaíocht foghlama an scoláire

AONAD FOGHLAMA TOSAÍOCHTA

Gné an aonaid

Gníomhaíocht foghlama scoláire

Cumarsáid, teanga agus litearthacht

Léitheoireacht

Déanann an scoláire roghanna maidir le bia agus deoch nuair a chuirtear réimse téacsanna i réimse suíomhanna ina láthair.

Uimhearthacht

Patrún agus seicheamh

Tomhais agus sonraí

Leanann an scoláire an seicheamh ceart céimeanna chun sneaic sláintiúil a ullmhú.

Úsáideann an scoláire airgead chun comhábhair a cheannach a theastaíonn don aiste bia pleanáilte, agus íocann sé ar bhia agus é ag ithe amuigh.

Cúram pearsanta agus folláine

Bia agus cothú

Sábháilteacht phearsanta

Pleanálann an scoláire, téann sé ag siopadóireacht agus ullmhaíonn sé bia, ag leanúint oidis.

Agus trealamh cócaireacht a úsáid aige, déanann an scoláire go cúramach é. Láimhseáiltear agus stóráiltear bia go sábháilte agus go cuí.

A bheith rannpháirteach i bpobal

Áiseanna áitiúla a úsáid

Sainaithníonn an scoláire cá háit le bia agus/nó deoch a cheannach agus bíonn a fhios aige cá háit iad a stóráil ina thimpeallachtaí féin.

Na healaíona

Amharc-ealaín

Fiosraítear na gnéithe éagsúla de chomhábhair nádúrtha, amha (ar nós glasraí agus torthaí) agus bia próiseáilte, trí na céadfaí.

Corpoideachas

Scileanna gluaiseachta (lúthchleasaíocht/gleacaíocht)

Forbraítear scileanna mínluaile don ithe agus ól mar aon le bia a ullmhú.


[1] Cuimsíonn 'téacs' gach toradh ar úsáid teanga: caint, gothaí, comharthaí, scríobh, amharc, leictreonach agus digiteach.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.