Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Díríonn an tsonraíocht don ghearrchúrsa seo de chuid na sraithe sóisearaí i bhfiontraíocht sa bheochan ar scileanna cognaíocha, sóisialta agus praiticiúla a fhorbairt trí cheithre shnáithe nasctha. Is iad na ceithre shnáithe a chuirtear i láthair anseo ná: Snáithe 1 – Beochan íomhá ar íomhá; Snáithe 2 – Do chuideachta beochana féin a chruthú; Snáithe 3 – Clárscéal agus tógáil seit; Snáithe 4 – Ár bpríomhléiriú.

Snáithe 1 – Beochan íomhá ar íomhá.

Tugtar buneolas faoi shaol na beochana don scoláire sa snáithe seo. Foghlaimíonn sé faoin bhfoclóir agus faoi na bunphróisis a theastaíonn agus déanann sé a chéad phíosa beochana.

Snáithe 2 – Do chuideachta beochana féin a chruthú.

Tugtar buneolas faoi shaol an ghnó don scoláire, foghlaimíonn sé faoi róil, aitheantas cuideachta agus faoi

úsáidí bunúsacha an taighde margaidh.

Snáithe 3 – Clárscéal agus tógáil seit.

Spreagtar an scoláire sa snáithe seo chun cruthaitheacht agus smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt. Forbraíonn an scoláire a scéalchlár féin maidir le hábhar spéise agus cruthaíonn sé dearadh seit le húsáid i Snáithe 4.

Snáithe 4 – Ár bpríomhléiriú.

Is é seo an snáithe ina bhfeictear obair fiontraíochta agus beochan ag teacht le chéile, agus an próiseas cruthaitheach maidir leis an mbeochan féin a dhéanamh, margaíocht a dhéanamh uirthi agus í a chur os comhair lucht féachana sa deireadh thiar.

Dearadh an cúrsa ionas go dtabharfar faoi san ord ina leagtar amach na snáitheanna anseo.

Spreagtar obair bhuíne ar fud na gceithre shnáithe. Bíonn an scoláire ag comhoibriú, i mbun míniú piaraí, ag lorg aiseolais, ag tabhairt aiseolais agus ag déanamh machnaimh ar a chuid oibre. Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí foghlama praiticiúla, teagmhálacha agus ina dtugtar faoi réiteach fadhbanna le feiceáil i ngach cuid de thrí shnáithe an chúrsa mar aon le deiseanna chun machnamh a dhéanamh ar an bhfoghlaim.

Léiríonn an Measúnú Rangbhunaithe a dtugtar breac-chuntas air thíos an fhoghlaim a dhéanfaidh an scoláire sa ghearrchúrsa seo ó CNCM. Féadfaidh an scoil aon ghearrchúrsa a d’fhorbair CNCM a chur in oiriúint dá riachtanais shonracha féin agus do chomhthéacs na scoile, seachas an Measúnú Rangbhunaithe, a dhéanfaidh gach scoláire a thugann faoin ngearrchúrsa seo. Féadfaidh scoil a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt freisin, chomh maith le Measúnú Rangbhunaithe lena mbaineann. Tá treoirlínte ar fáil d’aon scoil ar mian léi a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt ar an tSraith Shóisearach: Gearrchúrsaí.

 

Ailínítear na torthaí foghlama sa ghearrchúrsa seo go ginearálta leis na táscairí leibhéil le haghaidh Leibhéal 2 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Aguisín 1).

Dearadh an cúrsa le haghaidh thart ar 100 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.