Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Ionchais maidir le scoláirí

 

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí. I gcás na ngearrchúrsaí a d’fhorbair CNCM, beidh samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama ar fáil. D’fhéadfadh go rachadh sé chun tairbhe scoile a dhearann a cuid gearrchúrsaí féin taisce samplaí d’obair scoláirí a chruthú le haghaidh plé agus tagartha amach anseo.

 

Torthaí foghlama

Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ar cheart don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó an gearrchúrsa fiontraíocht sa bheochan sa tsraith shóisearach a chur i gcrích. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire agus léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na tréimhse staidéir (thart ar 100 uair an chloig).

 

Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin.

Beochan íomhá ar íomhá

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

1. Cad is Beochan ann?
  1. 1.1

    an foclóir lárnach a bhaineann leis an bpróiseas beochana íomhá ar íomhá a úsáid i gceart

    • clipboard
  2. 1.2

    an difríocht a aithint idir na cineálacha beochan íomhá ar íomhá

    • clipboard

Do chuideachta beochana féin a chruthú

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

1. Basics in Business
  1. 2.1

    na poist/róil éagsúla atá i gcuideachta beochana a liostú

    • clipboard
  2. 2.2

    breac-chuntas  a thabhairt ar na freagrachtaí a bhaineann le gach ról

    • clipboard
2. Assigning company roles
  1. 2.3

    a mbuanna féin a ainmniú agus cinneadh a dhéanamh faoi na róil is fearr leo 

    • clipboard
  2. 2.4

    foirm iarratais agus/nó curriculum vitae a chomhlánú 

    • clipboard
  3. 2.5

    páirt a ghlacadh in agallamh an-ghearr (2 nóiméad) do ról sa chuideachta ghrúpa

    • clipboard
3. Company identity
  1. 2.6

    bheith páirteach sa chinneadh maidir le socrú ar ainm na cuideachta, i róil cheaptha i ngrúpaí

    • clipboard
  2. 2.7

     an tábhacht a bhaineann le hainm/lógó cuideachta oiriúnach a mhíniú

    • clipboard
  3. 2.8

     cur le cinnteoireacht chomhoibritheach maidir le lógó na cuideachta

    • clipboard
4. Market research
  1. 2.11

    cur síos  a dhéanamh ar thaighde margaidh agus ar na húsáidí a bhaintear as

    • clipboard
  2. 2.12

    suirbhé a chruthú agus a dhéanamh/ snáithe scéil a chinneadh a thaitneodh le ranganna
    eile i scannán beochana

    • clipboard
  3. 2.13

    cairt a chruthú chun  torthaí an tsuirbhé a léiriú 

    • clipboard
  4. 2.14

    cinneadh comhlachta a dhéanamh maidir le seánra an phríomhléirithe bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé

    • clipboard

Clárscéalta a chruthú agus tógáil seit

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

1. Storyboards
  1. 3.1

    feidhm clárscéalta a shainaithint

    • clipboard
  2. 3.2

    teicníc na tobsmaointeoireachta a úsáid chun seit agus foireann carachtar do scéal an ghrúpa a shainaithint

    • clipboard
  3. 3.3

    oibriú go comhoibritheach sa ghrúpa chun clárscéal a chruthú ina bhfuil carachtair a aontaíodh cheana

    • clipboard
  4. 3.4

    frámaí an chlárscéil a chur san ord ceart

    • clipboard
2. Set design and creation
  1. 3.5

    modhanna a shainaithint chun carachtair/seiteanna láidre agus daingne a chruthú

    • clipboard
  2. 3.6

    cur le hiarracht an ghrúpa chun na prapaí, carachtair,  seiteanna a chruthú...

    • clipboard

Ár bpríomhléiriú

Foghlaimíonn an scoláire faoi

Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire

1. Shooting of scenes
  1. 4.1

     an scéalchlár a leanúint chun an grúpa ceart prapaí, carachtar agus seiteanna a úsáid san ord ceart

    • clipboard
  2. 4.2

    teicnící a foghlaimíodh i snáithe 1 a úsáid chun carachtair a athrú i ngach radharc 

    • clipboard
  3. 4.3

    dul chun cinn na beochana a sheiceáil go rialta lena chinntiú go leanann sí go réidh

    • clipboard
2. Sound, introduction and credits
  1. 4.4

    páirt a ghlacadh i gcinneadh grúpa chun ceol a roghnú do na creidiúintí oscailte agus dúnta

    • clipboard
  2. 4.5

    guth carachtair cuí a chur ar fáil i radharc amháin ar a laghad sa scannán

    • clipboard
  3. 4.6

    sraith líníochtaí/péinteálacha/sleamhnán a chruthú chun an scannán a chur i láthair

    • clipboard
  4. 4.7

    creidiúintí deiridh scannáin a chruthú i ngrúpa

    • clipboard
3. Marketing
  1. 4.8

    na bealaí ar féidir fógraíocht a dhéanamh ar an scannán a liostú

    • clipboard
  2. 4.9

    4.9 an scannán a fhógairt trí phóstaer nó fógra fuaime gairid a chruthú le craoladh ar ghléas idirchumarsáide nó  fógra teilifíse bréige nó fógra digiteach a thaifeadadh 

    • clipboard
4. Léiriú dár bpríomhléiriú a óstáil.
  1. 4.10

    cabhrú chun láthair oiriúnach a roghnú don léiriú

    • clipboard
  2. 4.11

    páirt a ghlacadh sa réiteach don óstáil trí scileanna eagraíochtúla cuí a úsáid

    • clipboard
  3. 4.12

    machnamh a dhéanamh ar an taithí a bhaineann le gearrthóg ghairid a léiriú mar chuid de ghrúpa, rath, dúshláin agus an chaoi a bhféadfaí rudaí a dhéanamh difriúil an chéad uair eile a shainaithint

    • clipboard