Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnuithe rangbhunaithe

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sa mheasúnú sonrach/sna measúnuithe sonracha a leagtar amach i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Beidh Measúnú Rangbhunaithe amháin i ngearrchúrsaí na sraithe sóisearaí.

Measúnú Rangbhunaithe: Mo Scéal san Fhiontraíocht sa Bheochan

Is ionann an Measúnú Rangbhunaithe seo agus toradh na hoibre ar tugadh fúithi i gceithre shnáithe an ghearrchúrsa, An Fhiontraíocht sa Bheochan. Ba chóir tús a chur leis an Measúnú Rangbhunaithe i ndiaidh an obair sna ceithre shnáithe a chur i gcrích.  
Cuntas atá sa scéal a dhéantar sa Mheasúnú Rangbhunaithe ar thaithí an scoláire lena n-áirítear gné mhachnamhach chun na ceachtanna a foghlaimíodh agus na nithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach éagsúil a léiriú. Tugann sé deis don scoláire ‘a bhfuil ar eolas aige’ maidir le réiteach d’agallamh, maidir le próiseas na beochana agus tuiscint chuí ar róil agus nósanna imeachta i gcuideachtaí a léiriú trí leagan amach dá rogha féin. D’fhéadfadh comhoibriú le daoine eile a bheith ag teastáil chun taighde a dhéanamh ar an eolas le comhroinnt, eolas a fháil faoi, é a phleanáil agus a eagrú agus conas sin a dhéanamh. Cuireann sé le muinín agus spreagann sé idirghníomhú sóisialta le daoine eile. Tugann sé deis chomh maith scileanna a léiriú in oibriú leis an teicneolaíocht dhigiteach. Is féidir léirmhíniú sách leathan a dhéanamh ar an teideal. D’fhéadfaí aon fhormáid a áireamh sa Mheasúnú Rangbhunaithe – comhrá, rólghlacadh agallaimh, scéalchlár, físeán beochana. D’fhéadfaí é a rá amach, a shíniú nó a dhéanamh trí ghaireas leictreonach a cheadaíonn don scoláire an scéal foghlama a insint. Cinntear an rogha leagan amach ón gcumas atá aige chun aird a tharraingt ar na héachtaí is fearr a bhain an scoláire amach i ndáil le heolas nó coincheapa a fhoghlaimíodh agus scileanna a forbraíodh.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.