Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ionchas maidir le scolairí

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 my digital life
  1. 1.1

    a chur síos ar conas a úsáideann siad teicneolaíochtaí digiteacha, uirlisí cumarsáide agus an t-idirlíon ina saol

  2. 1.2

    na buntáistí agus na míbhuntáistí a phlé a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha, uirlisí cumarsáide agus an t-idirlíon ina saol

  3. 1.3

    díospóireacht a dhéanamh ar na saincheisteanna eiticiúla agus dlí maidir le ceol agus ábhair físe a íoslódáil ón idirlíon

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 respectful and responsible use
  1. 1.4

    tuiscint a léiriú ar úsáid mheasúil na meán digiteach, leis na coincheapa cóipcheart, úsáid chothrom, bradaíl agus úinéireacht maoine intleachtúil san áireamh

  2. 1.5

    a mbuartha a phlé faoina sábháilteacht phearsanta agus iad ag úsáid teicneolaíochtaí digiteacha, uirlisí cumarsáide agus an idirlín

  3. 1.6

    cairt um chearta agus freagrachtaí ar líne don rang a chruthú

  4. 1.7

    cur síos a dhéanamh ar fhreagairtí cuí ar chásanna a d’fhéadfadh bheith dochrach

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 what is digital content?
  1. 2.1

    anailís a dhéanamh ar thréithe théacsanna na meán digiteach, a dhéanann éagsúil iad ó théacsanna na meán analógach

  2. 2.2

    a léiriú conas a fhoilsítear téacsanna na meán digiteach ar an idirlíon

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 searching and evaluating
  1. 2.3

    an t-idirlíon a chuardach le faisnéis ar ábhar spéise faoi leith a bhailiú

  2. 2.4

    faisnéis ó fhoinsí éagsúla a chur i gcomparáid lena hiontaofacht, bailíocht, cruinneas, údarás agus tráthúlacht a mheas

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 expressing through digital images
  1. 2.5

    montáis d’íomhánna digiteacha a chruthú ó íomhánna a fuarthas ar líne

  2. 2.6

    samplaí a chur i láthair inar úsáideadh ionramháil íomhá agus físe sna meáin

  3. 2.7

    eolas a léiriú faoi ábhar atá ábhartha dá saol i bhformáid ghrafach

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 digital media formats
  1. 3.1

    anailís a dhéanamh ar phíosa téacs digiteach leis an téama, cuspóir agus lucht féachana a shainaithint 

  2. 3.2

    anailís a dhéanamh ar conas a imríonn an rogha meáin dhigitigh tionchar ar an gcineál faisnéis a aimsítear/a scaiptear 

  3. 3.3

    téacs meán digiteach a athléiriú ó fhormáid ar líne amháin go formáid ar líne eile e.g. ó fhíseán go blag

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 looking for bias
  1. 3.5

    taighde a dhéanamh ar úinéireacht mórshuíomhanna gréasáin agus ar an tionchar atá aice seo ar rochtain agus rogha

  2. 3.4

    gníomhú mar thomhaltóir criticiúil trí théacsanna meán digiteach a aibhsíonn claontacht a chur i láthair

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 the role of digital media in our society
  1. 3.6

    tabhair samplaí de conas is féidir le téacsanna na meán digiteach tacú le saoránacht agus bheith ina mbonn eolais don chinnteoireacht

  2. 3.7

    léirmheas a dhéanamh ar ról teicneolaíochtaí digiteacha, uirlisí cumarsáid agus an idirlín i sochaí daonlathacha

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 social media and me
  1. 4.1

    breac-chuntas a thabhairt ar na deiseanna agus na rioscaí atá ann mar gheall ar dhaoine óga ag úsáid líonraí sóisialta

  2. 4.2

    cearta daoine óg ar líne a thaifeadadh – an ceart ar eolas, ar shaoirse cainte, cosaint mionúr, agus ról tuismitheoirí, rialtas agus na sochaí sibhialta a gcearta a fhorfheidhmiú

  3. 4.3

    coincheap an phríobháideachais a phlé agus a fheidhmiú ag daoine óga ar líonraí sóisialta

  4. 4.4

    a léiriú conas is fearr eolas pearsanta a chomhroinnt, tuairimí agus mothúcháin a léiriú ar líne ar bhealach freagrach agus measúil

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 following my passion
  1. 4.5

    mír a fhoilsiú ar líne ag cur i láthair a dtuairimí ar ábhar a bhaineann lena saol

  2. 4.6

    modh cuí a léiriú le hábhar ar líne a lua agus le tagairt a dhéanamh dó go cruinn

  3. 4.7

    stair phleanáil agus thaighde an tsaothair fhoilsithe a thaifeadadh

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.