Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha agus na príomhscileanna

An phríomhscil

Gné na príomhscile

Gníomhaíocht foghlama an scoláire

A bheith cruthaitheach

Cruthaitheacht a spreagadh trí theicneolaíocht dhigiteach a úsáid

Scrúdaíonn scoláirí teicneolaíochtaí digiteacha agus uirlisí cumarsáide éagsúla chun a thuiscint conas a úsáidtear iad go cruthaitheach chun teachtaireachtaí a chur trasna.

A bheith liteartha Téacsanna éagsúla a fhiosrú agus a chruthú, lena n-áirítear téacsanna ilmhódacha Pleanálann, dearann agus cruthaíonn an scoláire nithe digiteacha i bhformáidí meán digiteach éagsúla.
A bheith uimheartha Sonraí a bhailiú, a léirmhíniú agus a léiriú Is féidir le scoláirí ábhar agus a smaointe a léirmhíniú agus a chur i láthair i bhfoirm ghrafach

Cumarsáid

Teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh

Úsáideann scoláirí teicneolaíochtaí digiteacha, uirlisí cumarsáide agus an t-idirlíon chun taighde a dhéanamh ar thopaicí is suim leo agus chun a dtuairimí ar na topaicí sin a chur in iúl, a roinnt agus a chur i láthair, ag cur san áireamh pobail éisteachta dhifriúla.

Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú

Teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun inneachar a rochtain, a bhainistiú agus a roinnt

Cuardaíonn agus léirmheasann scoláirí inneachar faoi fhormáidí difriúla digiteacha ar líne.

Mé féin a bhainistiú

An teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun mé féin agus mo chuid foghlama a bhainistiú

Úsáideann scoláirí teicneolaíochtaí digiteacha agus uirlisí cumarsáide chun dialann foghlama agus siurnal machnaimh ar líne a choimeád.

Fanacht folláin

Bheith sábháilte

Cumann scoláirí cairt de chearta agus de fhreagrachtaí ar líne a shainíonn úsáid inghlactha teicneolaíochtaí digiteacha ar scoil.

Obair le daoine eile

Ag obair le daoine eile tríd an teicneolaíocht dhigiteach

Bíonn scoláirí ag comhoibriú le chéile ag úsáid teicneolaíochtaí digiteacha m.sh. ag tabhairt aiseolais do phiaraí.

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.