Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht agus Aidhm

Réasúnaíocht

Bíonn an Ríomheolaíocht i láthair i ngach gné den tsochaí nuaaimseartha. Má bhíonn córais bhogearraí ag feidhmiú mar is ceart, bíonn eitleáin in ann eitilt ó chathair amháin go ceann eile, bíonn bainc in ann airgead a thabhairt amach ag UMB agus bíonn dochtúirí in ann an leibhéal glúcóis i bhfuil othair a thomhas. Tá buntuiscint ar an gcaoi a noibríonn cruaearraí agus bogearraí ríomhaireachta agus ar an gcaoi a mbaineann siad leis an saol laethúil ag éirí níos tábhachtaí gach uile lá mar réimse foghlama don scoláire. Forbraítear scileanna fadhbréitigh agus smaointeoireacht ríomhaireachta sa chúrsa seo de réir mar a thógann agus mar a chruthaíonn an scoláire tionscadail bhogearraí lena smaointe agus lena shamhlaíocht féin. Déanann an cúrsa iarracht tógáil ar aon scileanna códaithe a d’fhéadfadh a bheith ag an scoláire ón mbunscoil agus tugtar léargas ann ar staidéar a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo i ríomheolaíocht agus in innealtóireacht bogearraí.

Aidhm

Tá sé mar aidhm ag an ngearrchúrsa seo cumas an scoláire a fhorbairt maidir le fadhbanna a cheapadh go loighciúil, cód a dhearadh, a scríobh agus a thástáil trí fhorbairt clár, aipeanna, cluichí, beochaintí nó suíomhanna gréasáin, agus trína ghníomhaíochtaí foghlama roghnaithe chun foghlaim faoi ríomheolaíocht. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.