Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Raitís Foghlama

Léirítear sna táblaí ar na leathanach seo a leanas an chaoi a bhféadfaí Teanga agus Cultúr na Síne a nascadh le gnéithe lárnacha den fhoghlaim agus den teagasc sa tsraith shóisearach.

Ráiteas

Samplaí d’fhoghlaim ábhartha sa chúrsa

RF 2 

Éisteann, labhraíonn, léann agus scríobhann an scoláire sa T2 agus i dteanga amháin eile ag leibhéal inniúlachta atá ag teacht lena c(h)umas féin. 

Déanann an scoláire cumarsáid le cainteoirí Sínise chun teachtaireachtaí simplí a thabhairt agus a fháil. Foghlaimíonn sé le tuiscint a fháil ar pinyin agus ar roinnt carachtair bhunúsacha. Foghlaimíonn sé chomh maith le roinnt frásaí simplí a scríobh in pinyin agus le carachtair a úsáid.

RF 6

Tuigeann an scoláire mar a chuireann luachanna, creidiúintí agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina maireann sé/sí agus tá meas aige/aici orthu.

Fiosraíonn an scoláire cultúr agus teanga na Síne trí ghníomhaíochtaí, trí imeachtaí agus tascanna cultúrtha, trí theagmháil duine le duine agus trí na meáin dhigiteacha.  Foghlaimíonn sé faoi bhealaí eile le hamharc ar an domhan, agus bealaí eile leis an saol a chaitheamh.  Saibhríonn sé ómós aitheantais chultúrtha agus theangeolaíoch atá ag teacht chun cinn, agus feabhsaíonn sé a thuiscint ar a luachanna agus ar a chórais chreidimh féin.

RF 16 

Déanann an scoláire cur síos ar phatrúin agus ar choibhneasa agus déanann sé/sí iad a léiriú, a léirmhíniú, a thuar agus a mhíniú.

Déanann an scoláire iniúchadh ar an gcaoi a n-oibríonn teanga trí chomparáidí a dhéanamh idir an tSínis agus teangacha eile i raon réimsí lena n-áirítear fuaim, ord na bhfocal agus córais scríbhneoireachta. Foghlaimíonn sé faoi straitéisí chun teanga a fhoghlaim agus faoin gcaoi leis na straitéisí is oiriúnaí don tSínis a fhoghlaim a fhorbairt, dul san fhiontar agus a bheith cruthaitheach in úsáid teanga, agus foghlaimíonn sé gur féidir le ‘hearráidí a dhéanamh’ a bheith ina bhealach luachmhar le Sínis agus teangacha eile a fhoghlaim.

RF 24

Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteacha chun foghlaim, chun cumarsáid a dhéanamh, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil.

Aimsíonn an scoláire faisnéis agus ábhar i ngnéithe éagsúla de theanga agus cultúr na Síne ar an idirlíon. Úsáideann sé an teicneolaíocht le hidirghníomhú le cainteoirí Sínise ar réimse bealaí. Cruthaíonn sé réimse téacsanna, íomhánna agus déantán le huirlisí ar líne.  Cuireann sé a phunann i gcrích agus stórálann sé a ábhar foghlama (fuaim, físeán agus eile) ar líne.  Úsáideann sé TFC chun staidéar príobháideach a phleanáil agus a dhéanamh.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.