Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

OSSP agus ráitis foghlama

OSSP agus ráitis foghlama

Ráiteas

Samplaí d’fhoghlaim ghaolmhar sa chúrsa

RF 7: Tá meas ag an scoláire
ar a bhfuil i gceist le bheith ina shaoránach gníomhach, le cearta agus dualgais i gcomhthéacsanna áitiúla agus i gcomhthéacsanna níos leithne.

I ngach snáithe den chúrsa, foghlaimíonn scoláirí faoi shaincheisteanna a bhaineann leo agus an saol mór agus machnamh a dhéanamh ar ról agus ar fhreagracht gach saoránaigh an t-athrú dearfach a chur i gcrích. Is bunchuid den fhoghlaim é an gníomh faoi cheannas scoláirí atá bunaithe ar thuiscint ar chearta an duine agus ar fhreagrachtaí sóisialta.

RF 9: Tuigeann an scoláire bunús agus tionchar ghnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an domhain timpeall air/uirthi.

Faigheann scoláirí tuiscint ar na cúiseanna agus na hiarmhairtí réimse dúshlán domhanda, a shainaithint conas atá saincheisteanna, daoine agus áiteanna éagsúla nasctha. Fiosraíonn siad freisin ról agus ábharthacht struchtúir eacnamaíocha agus pholaitiúla ina saol.  Is gné thábhachtach den chúrsa go ligtear do scoláirí iniúchadh a dhéanamh ar an rannchur d’fhéadfadh a bheith ag saoránaigh le todhchaí níos cothroime, níos córa agus níos inbhuanaithe a chruthú ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda.

RF 10: Tá an fheasacht, an t-eolas, na scileanna, na luachanna agus an t-inspreagadh ag an scoláire le maireachtáil go hinbhuanaithe.

Tugtar dúshlán do scoláirí machnamh a dhéanamh ar a róil ag cur le dúshláin atá roimh an domhan agus ag freagairt orthu. Dírítear i Snáithe 2 ar fhorbairt inbhuanaithe agus tugann sé deis do scoláirí plé a dhéanamh ar na straitéisí maireachtála inbhuanaithe ar féidir leosan agus le daoine eile a úsáid le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide.

RF 11: Gníomhaíonn an scoláire chun a leas féin agus leas daoine eile a chosaint agus a chothú.

I ngach snáithe socraíonn, pleanálann agus déanann scoláirí gníomh a bhfuil sé d’aidhm aige folláine daoine eile a chur chun cinn, bíodh sin laistigh dá scoil, sa phobal nó sa mhórshaol.  

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.