Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí/Torthaí foghlama

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí. I gcás na ngearrchúrsaí arna bhforbairt ag CNCM, is amhlaidh i roinnt cásanna atá samplaí den saothar a bhaineann le toradh foghlama faoi leith nó le grúpa torthaí foghlama ar fáil ar www.curriculumonline.ie. Is féidir gur mian leis na scoileanna a dhearann a ngearrchúrsaí féin bunachar samplaí de shaothar scoláirí a chruthú don phlé agus mar áis tagartha amach anseo.


Torthaí foghlama
Is é is torthaí foghlama ann ráitis a chuireann síos ar an eolas, tuiscint, scileanna agus luachanna is cóir do scoláirí bheith in ann a thaispeáint tar éis dóibh an gearrchúrsa OSSP sa tsraith shóisearach a chríochnú. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire agus léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na tréimhse staidéir (thart ar 100 uair an chloig).


Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. Ná tuigtear leis ach an oiread gur cheart cloí leis na torthaí foghlama in ord seicheamhach.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Dínit an duine – an bunús le cearta an duine
  1. 1.1

    a phlé cad a chiallaíonn sé bheith daonna agus maireachtáil i bpobal le cearta agus le freagrachtaí

  2. 1.2

    láithriú físe a chruthú chun suíomh a chur in iúl nuair nach léirítear meas ar an dínit dhaonna 

  3. 1.3

    míniú a thabhairt ar ordlathas éilimh an duine agus ar an gcaoi a mbaineann sé sin le cearta an duine

  4. 1.4

    sonraí uimhriúla a aimsiú agus a léirmhíniú a thaispeánann leithdháileadh áitiúil agus domhanda acmhainní bunúsacha agus patrúin neamhionannais

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Ionstraimí chearta an duine
  1. 1.5

    scéalta a roinnt faoi dhaoine aonair nó faoi ghrúpaí a thugann inspioráid dóibh mar gheall ar a gcuid oibre ar son chearta an duine

  2. 1.6

    amlíne a chruthú a rianaíonn cad as ar tháinig coincheap chearta an duine, a léiriú cúigear nó níos mó de phríomhdhátaí, imeachtaí, daoine agus cáipéisí

  3. 1.7

    tuiscint a chur in iúl faoin tábhacht a bhaineann leis an DUCD, an CNACL agus an CECD  do chur chun cinn chearta an duine

  4. 1.8

    samplaí a aithint de chearta sóisialta, cultúrtha, teanga, eacnamaíocha, saoránachta, creidimh, comhshaoil agus polaitiúla

  5. 1.9

    peirspictíochtaí difriúla a shonrú i gcásanna ina bhfuil coimhlint shoiléir maidir le cearta nó sárú cearta

  6. 1.10

    a léiriú go dtuigeann siad a bhfreagracht féin chun a gcuid cearta an duine féin agus cuid daoine eile a chur chun cinn agus a chosaint

  7. 1.11

    machnamh a dhéanamh ar a bhfoghlaim leanúnach agus faoin mbrí a bhaineann siad aisti

  8. 1.11

    reflect on their ongoing learning and what it means for them      

                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                       1 Universal Declaration of Human Rights (UDHR), United Nations Convention on the Rights of the Child (UNCRC) and European Convention on Human Rights (ECHR)

     

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Inbhuanaitheacht
  1. 2.1

    a chur in iúl conas atá siad nasctha le agus spleách ar éicea-chórais, daoine agus áiteanna i ngar agus i gcéin

  2. 2.2

    meabhrú ar shainmhínithe éagsúla ar an bhforbairt agus a sainmhíniú féin a cheapadh den fhorbairt inbhuanaithe

  3. 2.3

    láithriú físe a chruthú de shonraí ina léiríonn siad a lorg éiceolaíoch

  4. 2.4

    plé a dhéanamh ar straitéisí inbhuanaitheachta ar féidir le daoine aonair, pobail, gnóthais, an talmhaíocht agus rialtais a úsáid le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Forbairt áitiúil agus dhomhanda
  1. 2.5

    scrúdú a dhéanamh ar chásanna staidéir nó fianaisí pearsanta de chuid daoine atá ag fulaingt de bharr bochtaineachta nó neamhionannais i gcomhthéacsanna agus i dtíortha difriúla agus ar an gcaoi atá siad ag oibriú chun na deacrachtaí atá acu a shárú

  2. 2.6

    tuairim eolach a chur in iúl faoi bhunchúiseanna na bochtaineachta, idir áitiúil agus dhomhanda

  3. 2.7

    plé a dhéanamh le fianaise, ar na héifeachtaí dearfacha agus diúltacha le forbairt ina gceantar áitiúil féin

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Athrú domhanda a chur i gcrích
  1. 2.8

    duine amháin agus institiúid amháin a shainaithint a bhfuil cumhacht agus tionchar acu sa domhan inniu, mínigh ról na beirte acu

  2. 2.9

    anailís a dhéanamh ar shaincheist nó ar dhúshlán domhanda amháin, faoi na ceannteidil seo a leanas: cúiseanna, iarmhairtí, tionchar ar shaol daoine agus réitigh fhéideartha

  3. 2.10

    meastóireacht a dhéanamh faoin gcaoi ar féidir leo rannchur leis an bhfreagairt ar dhúshlán amháin atá os comhair an domhain san am i láthair

  4. 2.11

    iniúchadh a dhéanamh ar fheachtas d’athrú i réimse na hinbhuanaitheachta agus measúnú a dhéanamh ar na cúiseanna nár éirigh leis an bhfeachtas sin

  5. 2.12

    machnamh a dhéanamh ar a bhfoghlaim leanúnach agus faoin mbrí a bhaineann siad aisti

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Ciall an daonlathais
  1. 3.1

    láithriú físe a chruthú de na gnáth-chomhthéacsanna agus institiúidí lena mbaineann siad, ag díriú ar na háiteanna ina bhfuil cumhacht agus tionchar acu

  2. 3.2

    cur síos a dhéanamh ar phróisis chinnteoireachta agus róil ghrúpaí difriúla ina rang/scoil

  3. 3.3

    cur síos a dhéanamh ar struchtúir dhaonlathacha don chinnteoireacht ar leibhéil rialtais áitiúil agus náisiúnta

  4. 3.4

    an téarmaíocht cheart a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar institiúidí, struchtúir, páirtithe polaitiúla agus róil na hÉireann agus na hEorpa

  5. 3.5

    comparáid a dhéanamh idir dhá chóras rialtais nó níos mó, agus aird ar leith a dhíriú ar na bealaí ina n-idirghníomhaíonn an stát lena shaoránaigh, agus inar féidir le saoránaigh a stát a mhúnlú

  6. 3.6

    láidreachtaí agus laigí an phróisis dhaonlathaigh a phlé

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 An dlí agus an saoránach
  1. 3.7

    dlíthe a aithint a bhaineann go díreach lena saol féin 

  2. 3.8

    a mhíniú conas a dhéantar agus a chuirtear dlíthe i bhfeidhm, agus a fhabhraíonn siad le himeacht aimsire

  3. 3.9

    ról agus ábharthacht cúirteanna áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta a mhíniú

  4. 3.10

    na naoi bhforais a ainmniú faoina bhfuil idirdhealú mídhleathach i ndlí na hÉireann, agus samplaí a thabhairt

  5. 3.11

    fiosrú a dhéanamh conas a d’úsáid daoine aonair nó grúpaí an dlí chun athruithe a dhéanamh sa tsochaí.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Ról na meán i sochaí dhaonlathach
  1. 3.12

    taiscéaladh a dhéanamh ar ról na meán éagsúil le faisnéis agus nuacht a ghiniúint agus le measúnú a dhéanamh ar na buntáistí agus na mí-bhuntáistí le gach ceann acu

  2. 3.13

    cásanna staidéir ar úsáid meán digiteach nó eile a scrúdú i gceann amháin acu seo:

    • gluaiseacht um cheartas sóisialta
    • toghchán nó reifreann polaitiúil
    • fiosrúchán coiriúil
    • gluaiseacht chomhshaoil
  3. 3.14

    machnamh a dhéanamh ar a bhfoghlaim leanúnach agus faoin mbrí a bhaineann siad aisti

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.